Showing posts with label tráthúlacht. Show all posts
Showing posts with label tráthúlacht. Show all posts

Sunday, August 22, 2010

Nuala Nic Con Iomaire

Casadh Nuala orm ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn anuraidh. Bhí a fear uasal, Pádraic, tar éis é féin a chur in aithne dom, ó tharla é léite aige, ar mo bhlag, go mbeinn ann.

Bhíomar ag fanacht le Nuala, aghaidh againn beirt i dtreo an dorais, le go mbeadh muid in ann í a fheiceáil ag teacht.

‘Coiscéimeanna éadroma
ag foluain go réidh,
gan gá le deifir ar an té
nach bhfuil ceangailte ag am.’

Agus í ag siúl inár dtreo, chonaic mé a ‘gile’, agus bhí a fhios agam, ar an bpointe, go raibh duine álainn ag teacht i mo chuideachta. Beagnach bliain is an t-am seo a thit an radharc sin ar mo shúile, agus tá sé fós soiléir ar shúile m’aigne; a háilleacht saolta spioradálta fós liom.

‘Síocháin ag siúl
faoi ghile na n-aingeal,
solas an tséada
ag lonrú ‘is ag leathadh
a gathanna grá
ar an gcuideachta.’

Inár suí le chéile ag comhrá, labhraíomar ar nithe an tsaoil, amhail is go raibh aithne shaoil againn ar a chéile cheana. Agus nithe sin an tsaoil á gcur trí chéile againn, thug mé faoi deara go gclaonadh Nuala a cloigeann rud beag, sula labhródh sí ar ábhar; a súile ar thóir eolais, shílfeá, eolas saolta agus spioradálta a fuair sí áit éigin taobh amuigh, nó taobh istigh, di féin, sular dhúirt sí focal.

‘Tuiscint an todhchaí
á lorg sa spás
os comhair a súile
ar thóir freagra ón bhFaisnéis
sular roinn sí rann.’

Ansin, nuair a labhair sí, chuala mé, agus chonaic mé, na focail uaithi. Bhí a lámha ag labhairt liom, freisin, iad ag bogadh lena briathra, mar a bheadh ealaíontóir ag obair ar chanbhás comhrá, mar a bheadh ceoltóir ag seinm samhlaoidí lena méara.

‘Briathra a béil
á gcuimilt go ciúin
ó bhos go bos,
í ag fuineadh focal
le mothúcháin a méar.’

Chuaigh Nuala i bhfeidhm go mór orm, agus d’airigh mé ceangal léi nach féidir liom a mhíniú, mar nach bhfuil focail ann lena leithéid a mhíniú.

Criadóir an cheoil,
múnlóir na n-íomhánna,
chuala mé do dhán
ag seinm i do shamhlaoidí,
a Nuala.

Ar m’fhilleadh abhaile dom go Bun Cranncha an oíche sin, scríobh mé an dán thuas, Oireachtas, i gcuimhne ar an am sin léi.

Mí ó shin, léigh mé an dán ag sochraid Nuala i séipéal Leitir Móir. Ní raibh sí ach 42 bliain d’aois. Beidh a ‘gile’ liom ar feadh mo shaoil.

*********************

Is i mBaile Átha Cliath a tógadh Nuala. Liam agus Bairbre a hathair agus a máthair, le deirfiúr amháin aici, Máirín, agus ceathrar deartháireacha, Máirtín, Colm, Ruairí, agus Darach.

Rinne sí Gaeilge agus Fraincis mar ábhair bhunchéime in UCD agus, tar éis di iarchéim a bhaint amach sa Fhraincis, chaith sí seal ag obair sa Bhruiséil.

Ar fhilleadh di go hÉirinn i 1995, chuaigh sí ag teagasc le Fiontar. Thosaigh sí ag obair, mar chigire le Fraincis agus Gaeilge, leis an Roinn Oideachais i 1998.

Idir 2002 agus 2007, ghlac sí sos gairme, agus chuaigh sí i mbun togra ealaíne leis An Béal Binn i mBré. Scríobh, agus chóirigh, sí drámaí don stáitse agus don raidió, agus bhí sí mar eagarthóir ar an dá eagrán den iris Blaiseadh, iris a d’fhoilsigh Coiscéim.

Sheinn sí an veidhlín, agus b’ealaíontóir í. Bhí cónaí uirthi ar an gCeathrú Rua lena fear, Pádraic, agus lena n-iníon, Iseult.

Faoi chúram Oispís na Gaillimhe, fuair sí bás go suaimhneach sa bhaile ar an gCeathrú Rua ar an 16 Iúil 2010.

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn.
.

Sunday, August 1, 2010

Na Fir Chiúine In Philadelphia

Tá sé de nós agam dhul isteach i siopaí carthanachta ó am go chéile. Is maith liom tacú leo, agus is minic a fhaighim nithe éagsúla don teach, nó fiú dom féin, istigh iontu.

Tharla sé gur shiúil mé isteach i gceann acu trí mhí ó shin, agus shantaigh mo shúil an pictiúr thuas. Thit mé i ngrá leis ar an bpointe, fiú sular thug mé faoi deara nach prionta de phictiúr a bhí ann, ach olaphictiúr. Cheannaigh mé ar an ‘ardaigh orm’ é.

Cibé scéal é, ní ba dhéanaí sa lá, bhí mé i mo shuí sa bhaile ag breathnú ar mo phictiúr álainn, nuair a thug mé faoi deara go raibh sé sínithe ag duine darbh ainm ‘Danny Carmody’.

Rinne mé googláil ar an ainm, agus tháinig mé ar scéal an fhir seo, Gaillmheach a d’imigh ón saol seo i 2004, gan an fear bocht ach 45 bliain d’aois.

Rinne mé tuilleadh taighde agus, a bhuí le Brian Whelan, ealaíontóir a raibh aithne aige ar Danny, agus a d’aithin ‘stíl’ Danny ón bpictiúr den olaphictiúr a chuir mé chuige, fuair mé fianaise uaidh a dheimhnigh gurb é Danny, go deimhin, a shínigh m’olaphictiúr.

Anois tá olaphictiúr fhear na Gaillimhe ar bhalla tí bhean seo na Gaillimhe. Tá a bhaile aimsithe aige. Go mba hé don ealaíontóir.

Daoibhse thall in Philadelphia, más mian libh tuilleadh den obair álainn a rinne Danny, agus a chomhghleacaithe Brian Whelan, Dermot Holland, John Duffin agus Bernard Canavan, a fheiceáil, beidh an taispeántas ‘The Quiet Men’, le feiceáil sa Villanova Art Gallery ón 20ú lá den mhí seo go dtí an 6 Deireadh Fómhair.

Tá taispeántas ealaíne le Brian Whelan le feiceáil i Sasana ag an Holt Summer Festival Exhibition anois, é ar siúl ansin go dtí an 15ú den mhí seo, le taispeántas eile uaidh ag an Thompson’s Summer Show ón 4-29 Lúnasa.
.

Wednesday, August 19, 2009

Focail agus Frásaí

Mar a tharlaíonn go minic, chuir duine de mo chomhbhlagálaithe mise ar thóir focail ar maidin. Proinsias ba chúis le mo thóraíocht inniu, an focal ‘doolally’ á phlé aige (‘Tá Dan ag dul Doolally!’ 18.8.09).

De thoradh na tóraíochta, tháinig mé ar an suíomh seo, www.worldwidewords.org. Tráthúil go leor, is é Michael Quinion údar an tsuímh, fear a chuala mé faoi agallamh ar an raidío an tseachtain seo caite, é ag labhairt faoina leabhar nua, ‘Why is Q always followed by U?’. Rinne mé iarracht inné teacht ar an leabhar in Easons i nDoire, ach ní raibh sé ann.

Beidh sé agam roimh dheireadh na míosa, bí cinnte faoi sin. Creidim nach bhfuil focleolaí in bhur measc, a léitheoirí, nach mbeadh suim aige nó aici ina leithéid de leabhar le Michael Quinion, agus ceapaim go mbainfeadh sibh sult as an suíomh sin leis freisin. Roinnim toradh mo thóraíochta libh anseo dá bhrí sin.

Mar is eol daoibh, a fhocleolaithe, ní thagann ár leithéid ar ais ó shiopa leabhar gan leabhair linn, agus tháinig mise abhaile inné le ‘Black Cats and April Fools’ le Harry Oliver i mo ghlac agam. ‘Origins of old wives tales and superstitions in our daily lives’ atá ann agus is leabhar eile é atá agam taobh na leapa anois, an mhullóg sin ag méadú ar feadh na faide.
.

Thursday, August 13, 2009

Ar Strae

Ar ndóigh, ní ormsa atá an locht. Cuirim an milleán ar na pleananna. Cuirim sin.

Rinne mé iad aréir, mar a dhéanaim chuile oíche. D’ullmhaigh mé iad, le cúram agus le haire. Réitigh mé am leo. Leag mé an lá dár gcionn amach dá réir sin. Bhí gach socrú déanta, agus ansin tharla sé. D’imigh na pleananna le gaoth na maidine.

Anocht, tosóidh mé ar an bpróiseas arís. Ach ná cuirigí an milleán ormsa mura gcloisfidh sibh uaim amárach. Ní ormsa atá an locht má théann mo phleananna ar strae.
.

Wednesday, July 1, 2009

Fionnachtain

Táim ag cur slachta ar m’oifig i láthair na huaire, ag dul trí cháipéisí, litreacha, leabhair srl. Tá go leor ag dul isteach sa bhruscar, ach tá go leor ag tabhairt cuimhní cinn isteach i mo chomhluadar freisin.

Tháinig mé ar chomhad ní ba luaithe agus fuair mé píosa páipéir istigh ann; focail scríofa ar an bpáipéar ag cara liom, blianta fada ó shin. Mhol sí dom, nuair a thug sí dom iad, aird saoil a thabhairt ar na focail a scríobh sí. Ní raibh ainm an údair leis, agus rinne mé googláil ar na focail inniu le fáil amach cé as ar tháinig siad, seachas ó mo chara, an dtuigeann sibh.

Ní haon ionadh, muise, tá siad curtha i leith an Bhúda féin ar an suíomh idirlíon seo, suíomh nach bhfaca mé riamh ach beidh mé ag dul ar ais chuige, mar is cosúil go bhfuil cúpla rud suimiúil air ar fiú súil a chaitheamh orthu, i mo thuairim. Ach sin mise. Is maith liom a bheith ag útamáil liom.

Ó tharla nach as Gaeilge a tugadh dom iad, agus ó tharla nach raibh Gaeilge ag an mBúda, cheapfainn, nó b’fhéidir go raibh mar bhí an fear sin iontach cliste, chuala mé, seo chugaibh na focail sin as Béarla, ar fhaitíos go mbeadh suim agaibh ina leithéid, agus ó tharla go bhfuil fonn orm iad a roinnt libh.

Do not believe on the strength of traditions even if they have been held in honour for many generations and in many places ; do not believe anything because many people speak of it ; do not believe on the strength of sages of old times ; do not believe that which you have yourself imagined, thinking that a god has inspired you. Believe nothing which depends only on the authority of your masters or of priests. After investigation, believe that which you have yourselves tested and found reasonable, and which is for your good, and that of others.”

Anois, meas tú cén comhtharlú nó tráthúlacht a thug na focail sin chugam inniu, agus cén teachtaireacht atá ann domsa, nó daoibhse fiu! Samhlaígí ceol taibhsiúil sa chúlra…
.

Friday, June 12, 2009

Ceann Scríbe

Nuair a roghnaigh mé ainm an tí seo, ní raibh baint ag an nGarraíodóir leis an scéal, beag ná mór. Bhí a fhios aige gur ainm Gaeilge a bhí ag dul ar an teach agus d’fhág sé cúram na rogha fúmsa, go mór mór ó tharla nach bhfuil an teanga seo againne ar a thoil aige, a léitheoirí. Aiféala orm faoi sin.

Cibé drochscéal é, bhí neart ainmneacha sa phota agam ach, de réir a chéile, caitheadh amach leis an uisce iad ó tharla nach raibh duine ar bith de mo chlann, ná an Garraíodóir, in ann iad a fhuaimniú mar is ceart. Leis an fhírinne a rá, níor thaitin siad liom ar aon nós, agus bhí a fhios agam go dtiocfadh an t-ainm ceart chugam nuair a thiocfadh.

Agus sin mar a tharla, lá amháin, agus mé thuas i mBaile Átha Cliath le Bean an tSléibhe. Is minic mé féin agus í féin ag útamáil linn i siopaí leabhar ar fud na tíre, agus sin é an jab a bhí idir lámha againn agus muid sa phríomhchathair an lá úd. Nuair a bhíomar útamáilte ag an útamáil, amach linn le bus a fháil abhaile. Agus an bus ag teacht inár dtreo, chonaic mé ainm an tí, agus é ina shuí go péacach ar bharr an bhus, ‘Ceann Scríbe…Áth an Ghainimh’, agus ar a shála tháinig ‘Destination…Sandyford’. Sin é a bhí uaim! Bá é an teach nua mo cheann scríbe, an áit lena raibh mé ag fanacht le blianta fada, mo ‘Journey’s End’, mar a déarfá, mo ‘Destination’.

Tá a fhios agam gur luaigh mé ‘tráthúlacht’ libh cheana, agus creidim go mbíonn cúis le go leor rudaí a tharlaíonn inár saol, gur sórt tráthúlachta atá réamhchinnte nó réamhordaithe a bhíonn i gceist leo, b’fhéidir, cé nach dtuigim féin cén fáth a gceapaim sin. Tagann daoine chugainn, agus tarlaíonn rudaí inár saol nach féidir linn a thuiscint, ach bíonn fáth go dtagann siad, agus fáth go dtarlaíonn siad. Tuilleadh faoi sin amach anseo. Ar aon nós, tháinig ‘Ceann Scríbe’ chugamsa agus mé i gcomhluadar mná a tháinig chugam tríd an tráthúlacht chéanna, agus is maitheas amháin a thug an bheirt acu isteach i mo shaol go dtí seo, buíochas le Cé?

Ar theacht abhaile dom go hInis Eoghain, scríobh mé síos na focail ‘Ceann Scríbe’ ar phíosa pháipéir, díreach mar a rinne mé le chuile rogha ainm eile a chuir mé os comhair mo theaghlaigh roimhe sin, agus ní dúirt mé a dhath ach an t-ainm a thaispeáint dóibh, duine ar dhuine, agus ‘This is the name of the new house’ a rá leo. “Oh, lovely! ‘Head Writer’.”, a dúirt An Bhean Neamhspleách agus Gráinneog. “Something to do with writing, anyway.” a dúirt an Garraíodóir agus An Pluiméir. Anois, nach bhfuil sé sin tráthúil, a léitheoirí!?

Coicís ina dhiaidh sin, tar éis “What does ‘Ceann Scríbe’ mean again?” a bheith cloiste agam míle uair ón nGarraíodóir, agus na leaganacha Béarla ‘Journey’s End’ agus ‘Destination’ tugtha agam dó míle uair ar ais, tháinig cara leis ar cuairt orainn sa teach nua, fear a bhíonn ag imirt gailf leis go rialta, agus fear atá deisbhéalach go maith. Ní raibh trácht ná tuairisc á dhéanamh againn ar ainm an tí nua agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt an cuairteoir “I don’t know how I feel about the name you gave the new house, Áine.” a dúirt sé. “Why?” a d’iarr mé féin, agus ionadh an domhain orm gur luaigh sé an t-ábhar ar chor ar bith. “Well, I’m not sure if I could live in a house that is called ‘The End of the Line’.”.

Is cosúil gur féidir an dá thráthúlacht a fhreastal.
.

Monday, April 13, 2009

Tráthúlacht

Is iomaí uair a bhím ag déanamh iontais faoin gcaoi a dtagann daoine isteach i mo shaol. Ach an oiread le go leor daoine eile, níl a fhios agam cé ná céard atá i gceannas ar na rudaí seo, ach tugaim féin Ollmháthair na Cruinne uirthi le go mbeidh mé in ann an nádúr agus an bhanúlacht a shnaidhmeadh leis an bhfearúlacht agus an diagacht fhireann atá ag plúchadh na daonnachta sa saol seo go minic.

Mar a scríobh mé in ‘Cé’, níl rogha againn maidir lenár ngaolta, sa saol seo ar aon nós, ach is muid féin a roghnaíonn na daoine eile a choinnímid taobh linn agus muid ag cur ár seala isteach/amú sa tréimhse shaolta – sin má chreideann tú go bhfuil níos mó ná tréimhse amháin i gceist ar ndóigh!

An méid sin ráite, feicim tráthúlacht ag ardú a cloiginn go minic agus na daoine sin ag teacht isteach i mo shaol, mar a bheadh fáth lena dturas taobh liom ar bhóthar cam an tsaoil. Ach b’fhéidir nach bhfuil ansin ach rámhaille eile. Tuilleadh faoin ábhar seo ar ball.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.