Thursday, August 13, 2009

Ar Strae

Ar ndóigh, ní ormsa atá an locht. Cuirim an milleán ar na pleananna. Cuirim sin.

Rinne mé iad aréir, mar a dhéanaim chuile oíche. D’ullmhaigh mé iad, le cúram agus le haire. Réitigh mé am leo. Leag mé an lá dár gcionn amach dá réir sin. Bhí gach socrú déanta, agus ansin tharla sé. D’imigh na pleananna le gaoth na maidine.

Anocht, tosóidh mé ar an bpróiseas arís. Ach ná cuirigí an milleán ormsa mura gcloisfidh sibh uaim amárach. Ní ormsa atá an locht má théann mo phleananna ar strae.
.

4 comments:

  1. An ndéanann tú liostaí freisin? Liostaí scríofa atá mé a rá. Tá féilire ar oscailt ar mo dheasc, 9 - 15 Lúnasa anois díreach, agus bheinn caillte gan é. Ach d'éirigh mé as liostaí "le déanamh" a scríobh i bhfad ó shin. :-)

    ReplyDelete
  2. Chaithfinn liosta scríofa a ullmhú don tsiopadóireacht, cinnte, ach is i mo chloigeann a réitím pleananna an lae.

    An fhadhb atá agamsa. a Dennis, ná nach dtiteann mo phleananna isteach leis na pleananna atá i bhfolach i gcloigne daoine eile!

    ReplyDelete
  3. The best laid plans of mice and men....

    Bainim feidhm as liostaí agus plean scríofa ó am go chéile.

    Ach ó thaobh plean de tá maidin inniu curtha ó maith agam ag Bus Átha Cliath agus a easpa cumais cloí le plean!

    ReplyDelete
  4. Ochón! BÁC na míthreorach...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.