Showing posts with label maidin. Show all posts
Showing posts with label maidin. Show all posts

Tuesday, September 14, 2010

Smaointe na Maidine

Ó tharla nach bhfuil mo chomhleapach liom na laethanta seo, níl comhráiteach maidine agam, rud a fhágann mé féin agus mo smaointe ag labhairt lena chéile nuair a dhúisím.

Tuigeann sibh féin céard atá i gceist agam leis an bhfocal sin ‘smaointe’, a léitheoirí, nach dtuigeann? Ní ‘mianta’ atá faoi chaibidil anseo agam, bíodh a fhios agaibh, ach na smaointe sin lena ndúisíonn duine, smaointe a thagann isteach i do chloigeann, agus tú fós leath i do chodladh, nó leath i do dhúiseacht.

Is minic, liomsa pé scéal é, go dtagann smaoineamh amháin ar ais chugam, maidin i ndiaidh maidine, go dtí go mbíonn sé pléite agam go sásúil, sé sin le rá, mo mhachnamh déanta agam air, agus mo chinneadh déanta agam air, mar a déarfá.

Anois, nuair a bhím sa bhaile i gCeantar na nOileán, is minic mé i Reilig Eanach Mheáin, áit ina bhfuil daoine muinteartha, agus cairde, liom curtha. Níl ann ach go gcuidíonn sé liom mo bhuairt a chur díom rud beag, an dtuigeann sibh. Airím, go deimhin, go bhféadfainn labhairt go smaointeach leo am ar bith, áit ar bith, bíodh siad in ann mé a chloisteáil nó ná bíodh. Ag Cé atá a fhios.

Cé nach dtuigim cén fáth a gcuidíonn sé liom, tá faoiseamh, de shaghas, le fáil agam agus mé ag comhrá leo i mo smaointe, bíodh mé ag ní na soithí, abair, nó i mo shuí taobh le huaigh. Ní gá dom tuiscint a bheith agam ar an rud nach dtuigim. Glacaim leis go dtarlaíonn rudaí, fiú mura dtuigim cén fáth.

Mar sin féin, bhí eachtra Vincent Keaney i mo smaointe arís ar maidin, agus, seans, go bhfuil baint nach beag aige sin leis an áit ina bhfuilim i láthair na huaire, gar do mo mhuintir féin. Tá machnamh déanta agam ar an eachtra, agus bíodh sé de cheart aige é a dhéanamh nó ná bíodh, ní dóigh liom gur cheart do Vincent an rud a rinne sé a dhéanamh.

Is cuma céard a rinne an té atá faoin bhfód ann, is áit ghoilliúnach í an reilig, agus tá an bás féin sách crua ar an duine beo, cheana féin. Ní cóir cur lena mbuairt, i mo thuairim.

Sin mo chinneadh ar maidin, bíodh mé ceart nó mícheart.
.

Sunday, October 4, 2009

Eotanáis

Tá an lá go hálainn anseo. Cibé as ar tháinig sí, tá an ghrian inár gcuideachta inniu anseo in Inis Eoghain. Creidim féin go bhfuil sí ar thuras abhaile áit éigin, agus nach bhfuil uaithi ach breathnú ar a bhfuil ag tarlú ó bhí sí anseo cheana. Tá an ghrian fiosrach, an dtuigeann sibh, agus is minic í ag néaladóireacht orainn trí na néalta, i ngan fhios dúinn.

Chuaigh mé amach ar siúl léi ar maidin, agus chas an Fómhar linn. Tá an abhainn rud beag níos fiáine, uisce na sléibhte ag rith léi chun farraige mar a bheadh rás ann; iad in iomaíocht lena chéile, shílfeá, cé gur ionann a luas, cé gur ionann a mianach. Comhbhua a bheas ann, creidim féin, cé nach fiú an t-eolas sin a roinnt leo. Beidh saoirse mar dhuais rompu beirt ag ceann scríbe, agus creidim féin go bhfuil a fhios acu é sin, gan gá ar bith le comhairle an daonnachtaí.

Níor chuala mé gíog ná míog ó éin ná ó bheacha; na míoltóga agus na cuileoga socair ciúin, faoi shuan leis an Samhradh, is dócha. I socracht na maidine, bhí an ghaoth ag sioscadh faoi rún leis na crainn, mar a bheadh faitíos uirthi go gcloisfidh na duilleoga céard atá i ndán dóibh.

Ach tá cuimhne an dúchais ag na duilleoga, agus tuigeann siad go rómhaith go bhfuil siad ag fáil bháis, a seal curtha isteach acu agus é in am dóibh a mbealach a dhéanamh ar ais chun na talún, áit a gcodlóidh siad i measc fhréamhacha na gcrann agus na dtom, go dtí an tEarrach. Tuigeann siad go mbeidh tacaíocht na gaoithe leo, mar is mar sin a bhíonn. Tá eotanáis an nádúir chomh nádúrtha le nádúr é féin.
.

Thursday, August 13, 2009

Ar Strae

Ar ndóigh, ní ormsa atá an locht. Cuirim an milleán ar na pleananna. Cuirim sin.

Rinne mé iad aréir, mar a dhéanaim chuile oíche. D’ullmhaigh mé iad, le cúram agus le haire. Réitigh mé am leo. Leag mé an lá dár gcionn amach dá réir sin. Bhí gach socrú déanta, agus ansin tharla sé. D’imigh na pleananna le gaoth na maidine.

Anocht, tosóidh mé ar an bpróiseas arís. Ach ná cuirigí an milleán ormsa mura gcloisfidh sibh uaim amárach. Ní ormsa atá an locht má théann mo phleananna ar strae.
.

Tuesday, June 2, 2009

Teaghlach

Maidin álainn anseo in Inis Eoghain, agus tá an ghrian ag glaoch orm. Beidh mé ag dul ag siúl anois, agus roinnfidh mé am léi. Ghoid mé an iomarca gathanna uaithi inné agus tá mé ag íoc as inniu, mo chraiceann dóite aici mar nár éist mé leis an gcomhairle a thugtar dúinn, go rialta, gan barraíocht ama a chaitheamh ina comhluadar. Bíonn sí níos láidre sa tráthnóna agus rachaidh mé ag siúl léi anois sula mbeidh deis aici dúiseacht go hiomlán.

Nílim iomlán i mo dhúiseacht mé féin fós, agus ní bheidh mé ag scríobh mórán, ach tá súil agam rud beag scríbhneoireachta a dhéanamh am éigin an tseachtain seo. Tá sé deacair agam am a fháil dom féin na laethanta seo. Tá málaí fós le folmhú agus cófraí fós le líonadh i gCeann Scríbe. Tá cás le líonadh agam, freisin, mar go bhfuilim ag imeacht liom go Conamara agus Maigh Eo amárach ar feadh seachtaine, agus níl a fhios agam cén mála ina bhfuil m’éadaí i bhfolach ó d’fhág siad an seanteach. Tá cartadh le déanamh!

Bhí cuairteoirí againn don deireadh seachtaine, an teach nua baiste anois ag glórtha bríomhara fuinniúla bheirt pháistí, lorg a lámha ar fhuinneoga agus ar dhoirse, gaineamh ar gach urlár sa teach, bréagáin caite anseo agus ansiúd, iad uaigneach anois gan comhluadar na bpáistí. Sea, tá a bheannacht faighte ag Ceann Scríbe anois. Ní teach é níos mó, ach teaghlach.
.

Monday, April 20, 2009

C's na Maidine

Go hiondúil, bíonn comhrá agam leis an nGarraíodóir ar maidin sa leaba. Faoin am a dhúisíonn sé, bíonn go leor smaointeoireachta déanta agam féin agus, nuair a dhúisigh sé inné, d’iarr mé air ‘What ‘C’ am I thinking of?’. Gan fiú anáil a tharraingt dúirt sé, ‘Ciara, computer, cat. Tá an fear sin iontach cliste, ach ní raibh an ceart aige an geábh seo.

Mar aon le mo dheirfiúracha uile, bíonn bean na gruaige rua inár smaointe go síoraí; an chéad smaoineamh ar maidin agus an smaoineamh deireanach san oíche sula ndúnann ár súile ar iontais agus uafáis an domhain. Ní aon iontas sin. Maidir le ‘c’ an ríomhaire, bíonn ábhar scríbhneoireachta na maidine pléite go maith ag mo chloigeann le mo chroí faoin am a dhúisíonn an fear le mo thaobh. Agus ní féidir gan ainmhí an fhionnaidh dhuibh, Sióg mo chat, a bheith i mo smaointe mar go mbíonn sé ag glaoch orm ón gcistin chomh luath agus a chloiseann sé anáil na dúiseachta uaim.

Ach, nuair a bhíonn na C’s uile sin pléite ag mo chloigeann, sé C an chaife an smaoineamh a bhíonn ag rith trí mo chuislí agus é ag cuardach na caiféine. Tá turas na caiféine ar bun anois láithreach agus is gearr go mbeidh mé in ann soiléireacht a chur leis an smaointeoireacht luath sin.

‘What ‘C’ am I thinking of?’ a dúirt sé féin ansin. Sin scéal eile.

Sunday, April 19, 2009

Bróga na Maidine

Bím i mo shuí roimh an nGarraíodóir (m’fhear, agus tá scéal taobh thiar den leasainm sin a roinnfidh mé libh amach anseo) an chuid is mó den am. Creidim go n-éiríonn scríbhneoirí, nó daoine a dtaitníonn scríbhneoireacht leo, luath go maith ar maidin go hiondúil. Bíonn barraíocht ag dul ar aghaidh i mo chloigeann go minic agus faighim faoiseamh as na smaointe sin a chur ar pár. Mo chuimhne, ceist agam oraibh! Cé acu is cirte – ‘ar pár’ nó ‘ar phár’? Tá ‘ar phár’ sa chaint agus, seans, sa chaighdeán, ach tá ‘ar pár’ ag Dinneen agus ag WinGléacht. Bhur mbarúil?

Ar aon nós, bíonn péirí bróg ag bun an staighre romham chuile mhaidin. Aithním iad den chuid is mó mar is ann a fhágann mo chlann féin, agus an Garraíodóir, a mbróga chuile oíche. Mise an t-aon duine a thugann mo bhróga liom agus mé ag dul suas an staighre chun leapa, mar go mbíonn siad ar mo chosa go minic is dócha!

Ag an deireadh seachtaine, is minic a bhíonn bróga ann nach n-aithním. B’amhlaidh ar maidin. Bhí sé de nós riamh ag mo pháistí cara nó dhó a thabhairt leo abhaile san oíche dá mba rud é nach raibh an cara sin in ann tacsaí a fháil abhaile; nós a mholamar mar thuismitheoirí, seachas iad a fhágáil san fhuacht nó san fhearthainn, nó, níos measa arís, iad a fhágáil leo féin i gcontúirt. Mar sin, ag an deireadh seachtaine, is iomaí duine sa bhreis a chloisim ag teacht anuas an staighre, agus iad slán sábháilte, ach amháin go mbíonn póit ar dhuine nó dhó acu! Bíonn an taephota réidh faoi choinne na faidhbe sin!

Ar aon nós, tá an cailín is sine againn sa bhaile don deireadh seachtaine, agus bhí sí féin agus a siblíní ar an town aréir. Is maith leis an nGarraíodóir comhrá a bheith aige leis na páistí, go háirithe ar maidin. Maíonn sé gurb é sin an t-am is fearr le heolas a fháil uatha mar go mbíonn siad róthuirseach le bheith faireach ar an gcomhrá leis! Buaileann sé cnag ar dhoras an tseomra ar dtús, le cinntiú go bhfuil an duine sa seomra sin ina d(h)úiseacht, agus isteach leis má chloiseann sé ‘Yes, Dad!’ Is minic a chloisim é féin agus na páistí thuas staighre ag comhrá agus ag gáire le chéile, go háirithe anois agus iad uile ina bhfichidí. Níl an Garraíodóir. Ina fhichidí. Chan a cholainn ar aon nós.

Ach, le blianta beaga anuas, breathnaíonn sé ar na bróga ag bun an staighre sula mbuaileann sé cnag ar dhoras ar bith. Tá fáth leis sin. Níor mhaith leis siúl isteach i seomra ar bith ar fhaitíos go mbeadh duine, nach mbeadh ar a aithne, istigh roimhe. Maidin inné, bhí péire amháin ann nár aithin sé agus chaith sé an mhaidin ag siúl timpeall na háite ag iarraidh a shamhlú cén seomra ina raibh úinéir na mbróg. An fear bocht. Bhí fanacht fada air mar níor éirigh ceachtar den triúr, ná úinéir na mbróg strainséartha, go dtí tráthnóna. Tá dhá phéire bróg nach n-aithním ag bun an staighre ar maidin. Beidh sé ina chraic ar ball!

Garraíodóir

D’fhéach mé ort
Do dhroim cromtha
Sa gharraí ar chúl an tí

Do lámha ag obair
Ag tochailt agus ag tarraingt
Tríd an gcré agus na bplandaí

Plandaí a d’fhás lenár bpáistí
A bpréamhacha láidir,
A n-áilleacht nochtaithe
Faoi do chúram agus do chothú

Sheas tú go mall
Uallach na haoise ar do chnámha
Ach sásamh do shaothair
Breactha ar d’éadan cineálta

Shéid tú póg i mo threo,
síol eile á chur
ag an ngarraíodóir
a choinníonn mo ghrá faoi bhláth.

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.