Sunday, April 19, 2009

Bróga na Maidine

Bím i mo shuí roimh an nGarraíodóir (m’fhear, agus tá scéal taobh thiar den leasainm sin a roinnfidh mé libh amach anseo) an chuid is mó den am. Creidim go n-éiríonn scríbhneoirí, nó daoine a dtaitníonn scríbhneoireacht leo, luath go maith ar maidin go hiondúil. Bíonn barraíocht ag dul ar aghaidh i mo chloigeann go minic agus faighim faoiseamh as na smaointe sin a chur ar pár. Mo chuimhne, ceist agam oraibh! Cé acu is cirte – ‘ar pár’ nó ‘ar phár’? Tá ‘ar phár’ sa chaint agus, seans, sa chaighdeán, ach tá ‘ar pár’ ag Dinneen agus ag WinGléacht. Bhur mbarúil?

Ar aon nós, bíonn péirí bróg ag bun an staighre romham chuile mhaidin. Aithním iad den chuid is mó mar is ann a fhágann mo chlann féin, agus an Garraíodóir, a mbróga chuile oíche. Mise an t-aon duine a thugann mo bhróga liom agus mé ag dul suas an staighre chun leapa, mar go mbíonn siad ar mo chosa go minic is dócha!

Ag an deireadh seachtaine, is minic a bhíonn bróga ann nach n-aithním. B’amhlaidh ar maidin. Bhí sé de nós riamh ag mo pháistí cara nó dhó a thabhairt leo abhaile san oíche dá mba rud é nach raibh an cara sin in ann tacsaí a fháil abhaile; nós a mholamar mar thuismitheoirí, seachas iad a fhágáil san fhuacht nó san fhearthainn, nó, níos measa arís, iad a fhágáil leo féin i gcontúirt. Mar sin, ag an deireadh seachtaine, is iomaí duine sa bhreis a chloisim ag teacht anuas an staighre, agus iad slán sábháilte, ach amháin go mbíonn póit ar dhuine nó dhó acu! Bíonn an taephota réidh faoi choinne na faidhbe sin!

Ar aon nós, tá an cailín is sine againn sa bhaile don deireadh seachtaine, agus bhí sí féin agus a siblíní ar an town aréir. Is maith leis an nGarraíodóir comhrá a bheith aige leis na páistí, go háirithe ar maidin. Maíonn sé gurb é sin an t-am is fearr le heolas a fháil uatha mar go mbíonn siad róthuirseach le bheith faireach ar an gcomhrá leis! Buaileann sé cnag ar dhoras an tseomra ar dtús, le cinntiú go bhfuil an duine sa seomra sin ina d(h)úiseacht, agus isteach leis má chloiseann sé ‘Yes, Dad!’ Is minic a chloisim é féin agus na páistí thuas staighre ag comhrá agus ag gáire le chéile, go háirithe anois agus iad uile ina bhfichidí. Níl an Garraíodóir. Ina fhichidí. Chan a cholainn ar aon nós.

Ach, le blianta beaga anuas, breathnaíonn sé ar na bróga ag bun an staighre sula mbuaileann sé cnag ar dhoras ar bith. Tá fáth leis sin. Níor mhaith leis siúl isteach i seomra ar bith ar fhaitíos go mbeadh duine, nach mbeadh ar a aithne, istigh roimhe. Maidin inné, bhí péire amháin ann nár aithin sé agus chaith sé an mhaidin ag siúl timpeall na háite ag iarraidh a shamhlú cén seomra ina raibh úinéir na mbróg. An fear bocht. Bhí fanacht fada air mar níor éirigh ceachtar den triúr, ná úinéir na mbróg strainséartha, go dtí tráthnóna. Tá dhá phéire bróg nach n-aithním ag bun an staighre ar maidin. Beidh sé ina chraic ar ball!

Garraíodóir

D’fhéach mé ort
Do dhroim cromtha
Sa gharraí ar chúl an tí

Do lámha ag obair
Ag tochailt agus ag tarraingt
Tríd an gcré agus na bplandaí

Plandaí a d’fhás lenár bpáistí
A bpréamhacha láidir,
A n-áilleacht nochtaithe
Faoi do chúram agus do chothú

Sheas tú go mall
Uallach na haoise ar do chnámha
Ach sásamh do shaothair
Breactha ar d’éadan cineálta

Shéid tú póg i mo threo,
síol eile á chur
ag an ngarraíodóir
a choinníonn mo ghrá faoi bhláth.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.