Is iomaí uair a bhíonn deirfiúracha áirithe i dTuaisceart Éireann i mo smaointe. Bhí bás a dearthár go mór sna meáin ar feadh tamall fada, agus bíonn fós ó am go chéile. Sin mar a bhíonn leis an mbás gan choinne, go háirithe má bhíonn éiginnteacht ag bith ar baint leis, agus é i mbéal an phobail dá bharr sin. Tháinig siad isteach i mo chloigeann arís ar maidin agus mé ag éisteacht leis an tráchtaireacht ar an raidió maidir le bás an fhir Éireannaigh sa Bholaiv. Is cosúil gur iarr muintir an fhir seo príobháid ó na meáin, agus tuigim a gcás. Ach tuigim cás na meán chomh maith céanna. Caithfear tuairisciú a dhéanamh, agus sin an jab atá acu.
Áit ar bith a mbíonn arm, bíodh siad aitheanta go dleathach nó ná bíodh, bíonn údarás acu. Agus, mar is eol dúinn, tá ceannasaíocht ag na hairm, bíodh siad dleathach nó ná bíodh. Tá siad in ann an fhírinne a choinneáil ceilte nó í a roinnt mar is mian leo. Tá an t-údarás sin acu agus cloíonn daoine leis na rialacha, in amanna teann faitís, in amanna teann tacaíochta. Is minic go leor daoine ina suí ar chlaí na fírinne dá bharr sin. Agus déanann na meáin iarracht a theacht ar fhírinne an scéil, an móramh acu ar aon nós ceapaim, rud atá deacair a dhéanamh nuair atá an t-aon duine amháin a d’fhéadfadh sin a roinnt go cinnte leo imithe ar shlí na fírinne.
Bhí tacaíocht mhór, go poiblí ar aon nós, ag na deirfiúracha, ach ar éirigh leo a theacht ar an fhírinne iomlán? Cibé scéal é, sí an fhírinne ghlan atá ann ná go bhfuil deartháir, agus mac, imithe ar shlí na fírinne, agus níl an fhírinne óna bhéal cloiste, agus ní bheidh go brách. Agus sí an fhírinne lom bhrónach ná nach mbeidh an duine sin ar ais ina bheatha, lena mhuintir, go brách arís. Is ionann don mhuintir sin thíos i dTiobraid Árann. Tá sé de cheart acu an phríobháid sin a iarraidh. Ní chloisfear fírinne san áit a mbeidh gleo. Is minic gur sa chiúnas atá sí le fáil.
Tá súil agam go bhfaighidh siad faoiseamh éigin, áit éigin. Am éigin.
Reic Leabhar ag Raidió Fáilte
3 hours ago
No comments:
Post a Comment