Showing posts with label aimsir. Show all posts
Showing posts with label aimsir. Show all posts

Thursday, December 23, 2010

Tuismitheoireacht

Thiomáin Gráinneog ó Bhaile Átha Cliath go hInis Eoghain inné, turas a mhair os cionn ocht n-uaire an chloig, cé gur iondúil léi an turas sin a dhéanamh taobh istigh de cheithre huaire an chloig. Bhí sneachta agus sioc ar na bóithre, an dtuigeann sibh, agus, dá bhrí sin, thiomáin sí le cúram.

Ar ndóigh, ní raibh nóiméad suaimhnis ag an máthair seo, go bhfaca mé m’iníon ag seasamh os mo chomhair aréir, ag doras Cheann Scríbe.

Inniu, tá an turas céanna roimh an mBean Neamhspleách agus, ó tharla na bóithre chomh dona céanna fós, beidh an mháthair seo imníoch, arís eile, go bhfeicfidh sí a hiníon ag seasamh os a comhair, ag doras Cheann Scríbe.

Nach suimiúil gur féidir stop a chur le tuismitheoireacht, nuair atá páistí tógtha, ach nach féidir, go brách, stop a chur le himní an tuismitheora.

Nó, an cuid den tuismitheoireacht í an imní sin?
.

Monday, December 6, 2010

Bogha Sneachta?

Seo an radharc a bhí romham ar maidin, uair an cloig ó shin. Bogha báistí, nó bogha sneachta?


Anois, tá sneachta ag titim...bogha sneachta, is dóigh liom...

.

Sunday, November 28, 2010

Sneachta in Inis Eoghain

Ag siúl taobh na habhann...
Píce bú...
Taobh na tine..Dreach na tíre...
Brrr...
Dóchas...
.

Wednesday, August 18, 2010

F...F...F...

Tharla sé ar maidin. Baineadh geit asam. Ní raibh mé ag súil leis.

Bhí mé i mo sheasamh ag fuinneog na cistine. Bhí mé ag breathnú ar na crainn, agus ag breathnú ar an abhainn.

Bhí sí sách cantalach ar maidin, mar abhainn. Bhí ualach báistí ón oíche aréir á iompar aici chun farraige, an dtuigeann sibh.

Ach, ní hí a tharraing m’aird. Ní di a thug mé suntas.

Go deimhin, níor thug mé aird dá laghad, fiú, ar an ngrian ag soilsiú sa spéir, cé gur annamh an radharc í féin na laethanta seo, caithfear a admháil.

Ach, ní hí a tharraing m’aird. Ní di a thug mé suntas.

Fiú agus an abhainn ag rith go cantalach, fiú agus an ghrian ag scaladh go cúthalach, fiú agus an fhírinne lom os mo chomhair, is gan choinne a tharla an eachtra.

A haon…a dó…a trí….

Go tobann. Go réidh. Ceann i ndiaidh a chéile. Gan fuaim le cloisteáil uatha. Bás socair i ndán dóibh.

Tá an Fómhar anseo, i ngan fhios dom, a leitheoirí. Tá na duilleoga ag titim arís.
.

Monday, April 12, 2010

Nathanna Cainte

Ní ba luaithe inniu, ar m’fhilleadh dom ó shiúlóid dheas réidh, ar lá álainn grianmhar anseo in Inis Eoghain, chuir mé glaoch ar An Dómhnallach.

Bhí postáil Uí Reachtair léite agam, agus bhí ceist agam le cur uirthi faoi ainm dúchasach an heron, éan atá faoi chaibidil ina chín lae ag Dubhaltach inniu. Mar a tharlaíonn sé, sé An Chorr Éisc an t-ainm a bhíodh aici ar an heron, agus í ag fás aníos i gConamara, cé gur chuala sí an t-ainm Máire Fhada ní ba dheireanaí ina saol.

Tá an lá go hálainn anseo inniu...’ arsa mé féin léi, ‘…agus tá sé chomh te sin, gur cheannaigh mé 'fake tan' ar an mbealach abhaile, le nach mbeidh mé ag dul thart agus cosa bána orm amárach.’

Ag smaoineamh ar shorts a chur orm féin atáim, a léitheoiri, má bhíonn an aimsir chomh te céanna amárach, an dtuigeann sibh, cé gur dóigh liom nár chóir dom é sin a dhéanamh, más fíor an abairt ‘don’t cast a clout til May is out’! An bhfuil leagan dúchasach Gaeilge ann le haghaidh na habairte sin, meas tú?

Cibé scéal é, arsa An Dómhnallach liomsa, ar chloisteáil di na focail ‘cosa bána’ uaim,

‘An bhfuil a fhios agat anois, dá ndéarfadh tusa go raibh tú ‘ag dul thart i mo chosa bána’, go mbeadh tú ag dul thart ‘cosnochta’ nó ‘barefoot’?

Bhuel, nach suimiúil an scéal a tharraingíonn scéal ar lá álainn gréine!
.

Saturday, April 3, 2010

Nathanna Cainte

Ó tharla gur tharraing Proinsias m’aird arNa Riabhaigh.. Laethanta a ghoideann Mí an Mhárta ó Mhí Aibreáin.’, chuir mé an cheist ar an Dómhnallach an raibh a leithéid de sheanchas sa chaint thiar i gConamara.

Siad laethanta na bó riabhaí iad’, a scríobh an Dómhnallach chugam, ‘na trí lá ag deireadh Mhárta/tús Aibreáin agus deirtear go mbíonn an aimsir fuar fliuch feannta na laethanta sin'.

Agus, m’anam, ach go bhfuil laethanta na bó riabhaí anseo linn in Inis Eoghain ar maidin. Tá an abhainn chomh confach sin ar maidin, is ar éigean atá mé in ann mo smaointe a chloisteáil; gleo buan fíochmhar uaithi, gan í ach deich slat, nó mar sin, ó fhuinneog mo sheomra scríbhneoireachta anseo i gCeann Scríbe.

Cibé scéal é, d’fhág Dennis teachtaireacht ar bhlag Phroinsias, scéal na bó riabhaí aimsithe ag an bhfear cliste sin ar Vicipéid, agus is féidir scéal an tseanchais sin a léamh anseo, a bhuí le Dennis. Feicim na focail ‘fuar feannaideach’ luaite sa scéal. Bean eolach í an Dómhnallach sin, a dúirt mise liom féin, mar nach iad ‘fuar’ agus ‘feannta’ na focail a chuir sí féin os mo chomhair agus aimsir na bó riabhaí a mhíniú aici dom.

Mo chuimhne, chonaic mé ‘claibín muilinn’ luaite ag Néidí ina post anseo. Ní raibh an nath cainte sin cloiste agam cheana, ach baineann sé leis an bhfocal ‘claibseach’, is dócha. Cibé scéal é, is féidir leat rud beag faoin gclaibín muilinn a léamh anseo. An bhfuil aon nath cainte ann a d’fheilfeadh d’fhear atá cainteach ‘garrulous’, meas tú?

Deirtear anseo, '"mill clapper" is a piece of timber that struck and shook the shoe of the mill, so that it "yapped like a mill clapper" was used to refer as a person who talked too much. It was shortened simply to "mill clap.",' agus sé an smaoineamh a rith liom féin an bhfuil aon fhocal, fearacht 'claibseach', a d'fheilfeadh d’fhear atá cainteach, nó an é, ahem, nach bhfuil a leithéid de rud agus 'fear cainteach' ann?

Mo chuimhne eile! Luaigh mé ‘duine ó aonach’ sa phostáil seo an tseachtain seo caite, agus tá ceist agam oraibh. An é go bhfuil a fhios agaibh cé hí, cé hé, nó céard é, nó iad, na 'daoine ó aonach’? Tá a fhios ag an Dómhnallach faoi na 'daoine ó aonach', ach bhfuil a fhios aici cé hiad?

Hmmm...
.

Sunday, January 10, 2010

Irish Yes, or No?









Seo na sneachtagraif a ghlac mé inné, agus mé féin agus An Garraíodóir ar spin beag, timpeall ar Bhun Cranncha.

You may as well get some pictures before The Irish Yes starts.’ a dúirt sé.

The Irish Yes?’ a d’fhiafraigh mé féin.

The Thaw!’ arsa mo dhuine…
.

Monday, November 16, 2009

An Géibheann; Ag Géilleadh Agus Ag Éalú

Ní bhíonn a fhios agam, go n-éirím ar maidin, cén sórt lá a bheas ann. Ní ag caint ar aimsir atáim, cé go gcuidíonn sí liom má choinníonn sí an bháisteach ar shiúl, ach braitheann an lá go mór ar an méid fuinnimh atá agam ag an nóiméad sin a gcuirim mo chosa fúm ar maidin.

Tógaim coiscéim nó dhó i dtreo na fuinneoige, agus faoin am a shroichim an fhuinneog, bíonn a fhios agam, is cuma cén scéal a bhíonn ag an aimsir romham, an lá istigh nó an lá amuigh a bheas ann; sé sin le rá, an mbeidh orm géilleadh don easpa fuinnimh, agus fanacht i ngéibheann, nó an mbeidh mo dhóthain fuinnimh agam le go mbeidh mé in ann éalú ón teach, agus fuinneamh an dúlra a tharraingt chugam féin, rud a chuidíonn liom, go mór, mé féin a chneasú agus a láidriú.

An lá cheana, d’fhág Séamus teachtaireacht ag insint dúinn go bhfuil a bhean bhocht ar leathchois na laethanta seo, agus chuir sé an dán thíos i gcuimhne dom; dán a scríobh mé agus mé féin faoin stró céanna cúpla bliain ó shin.

Cibé scéal é, tá mé á roinnt libh inniu, ceann de na laethanta annamh sin nach féidir liom éalú ón teach, faraor, ach mé buíoch go bhfuil an méid atá luaite agam sa dá véarsa dheireanacha i Leathchois mar bheannacht i mo shaol, i gcónaí, anseo i gCeann Scríbe.


Leathchois

Maidin Lá Nollag ciúnas fós i mo theaghlach
Bhí aer úr an gheimhridh taobh amuigh do mo mhealladh
Chuir mé orm mo bhróga is d’imigh mé liom
Le láidreacht is fuinneamh i ngach coiscéim uaim

Ní raibh mé ag súil leis an tubaiste a tharla
Ach thit mé ‘s bhris mé cnámh rúitín ‘s sáile
San ospidéal a fuair mé an plaster-of-Paris
A d’fhág mé ar leathchois feadh míosa nó thairis

Ní raibh mé in ann bogadh gan cuidiú gan stiúir
Mé místuama ar chrutches, mar óltach ag siúl
Ag tógáil dhá thaobh de gach bóthar ‘s slí
Mar sin d’fhan mé sa mbaile ar tholg im shuí

Ar dtús bhí m’fhear bocht do m’fhreastal gach lá
Mo chothú, mo bheathú, mo ghléasadh go breá
Ach faoin aonú lá déag bhí sé réidh leis an aire
É spíonta ag réiteach, ag tacú, ag faire

Ansin thuig mé an dúshlán a bhí amach romham
Bheadh orm na crutches ‘s cosa a chur fúm
Is cúraim an lae a dhéanamh mé féin
Le crógacht na mban a dhéanfainn-se é

An staighre is mó a chuir tús le mo cheacht
Teastaíonn dhá chois lena dhéanamh i gceart
Mar sin suas ar mo ghlúine gach oíche a chuas
Is anuas ar mo thóin gach maidin le luas

Folcadh a thógáil, ní raibh mé in ann
Showers amháin a choinnigh mé glan
Cois amháin taobh istigh is ceann eile amuigh
Uisce ar urlár ag imeacht le sruth

Cupán tae, bhí mé in ann é a dhéanamh
An citeal a fhiuchadh, an cupán a líonadh
Ach diabhal blogam den tae a fuair mé le líochán
Mar gur dhoirt mé an lot ‘s mé ag déanamh ar shuíochán

Ach ní buaireamh amháin a bhain le mo dhán
Fuair mé aire thar cuimse ó chairde is clann
Bhí daoine ag glaoch orm ag doras, ar fón
Ni raibh mé riamh i m’aonar ar tholg an bhróin

Ar leathchois a bhí mé ar feadh píosa im shaol
Gan saoirse na folláine mar b’iondúil liom í
Ach tuigim go maith go raibh fáth le mo thriail
Athoscailt mo shúile ar áilleacht an tsaoil.
.

Sunday, October 4, 2009

Eotanáis

Tá an lá go hálainn anseo. Cibé as ar tháinig sí, tá an ghrian inár gcuideachta inniu anseo in Inis Eoghain. Creidim féin go bhfuil sí ar thuras abhaile áit éigin, agus nach bhfuil uaithi ach breathnú ar a bhfuil ag tarlú ó bhí sí anseo cheana. Tá an ghrian fiosrach, an dtuigeann sibh, agus is minic í ag néaladóireacht orainn trí na néalta, i ngan fhios dúinn.

Chuaigh mé amach ar siúl léi ar maidin, agus chas an Fómhar linn. Tá an abhainn rud beag níos fiáine, uisce na sléibhte ag rith léi chun farraige mar a bheadh rás ann; iad in iomaíocht lena chéile, shílfeá, cé gur ionann a luas, cé gur ionann a mianach. Comhbhua a bheas ann, creidim féin, cé nach fiú an t-eolas sin a roinnt leo. Beidh saoirse mar dhuais rompu beirt ag ceann scríbe, agus creidim féin go bhfuil a fhios acu é sin, gan gá ar bith le comhairle an daonnachtaí.

Níor chuala mé gíog ná míog ó éin ná ó bheacha; na míoltóga agus na cuileoga socair ciúin, faoi shuan leis an Samhradh, is dócha. I socracht na maidine, bhí an ghaoth ag sioscadh faoi rún leis na crainn, mar a bheadh faitíos uirthi go gcloisfidh na duilleoga céard atá i ndán dóibh.

Ach tá cuimhne an dúchais ag na duilleoga, agus tuigeann siad go rómhaith go bhfuil siad ag fáil bháis, a seal curtha isteach acu agus é in am dóibh a mbealach a dhéanamh ar ais chun na talún, áit a gcodlóidh siad i measc fhréamhacha na gcrann agus na dtom, go dtí an tEarrach. Tuigeann siad go mbeidh tacaíocht na gaoithe leo, mar is mar sin a bhíonn. Tá eotanáis an nádúir chomh nádúrtha le nádúr é féin.
.

Friday, August 21, 2009

Cúlchaint

Nuair a dhúisím ar maidin, caithim súil i dtreo na fuinneoige. Tosaím féin agus Cailleach na Comhairle ag cúlchaint ar an aimsir ansin. “Báisteach nó grian?”, a d’fhiafraigh mé ar maidin. ‘Tá an ghrian amuigh aici, ach ní féidir í a thrust”, arsa an Chailleach.

Agus sin mar atá an scéal anois. Tá an ghrian mo bheannú, ach tá scamaill ag teacht ar a cúl agus cuma chonfach orthu.

“Meas tú an rachaidh mé ag siúl anois nó ar ball.?” a d’fhiafraigh mé.
“Nach bhfuil a fhios agat nach féidir leat brath uirthi mar aimsir!", a d'fhreagair an Chailleach.
"Má bhuaileann an fonn í, cuirfidh sí na duilleoga ag damhsa leis an ngaoth, nó cuirfidh sí tuilleadh báistí isteach san abhainn bhocht. Ar a laghad, ní bheidh sioc ná sneachta romhat inniu.” arsa an Chailleach.
“Bhfuil tú cinnte? Shílfeá, le breathnú uirthi, go bhfuil an geimhreadh sa mhullach orainn.”, a dúirt mé féin.

Sin mar atá anseo ar maidin, a léitheoirí. Tá sé rud beag níos fuaire ná mar a bhí sé inné, agus ní féidir liom fiú slán a fhágáil ag an samhradh mar nach bhfuilim iomlán cinnte gur tháinig sé ar chor ar bith i mbliana.
.

Monday, July 27, 2009

Aimsir

Tá drochbhail ar an aimsir ar maidin, agus ní haon ionadh sin. Bhí sise agus an ghaoth ar spraoi leis na crainn aréir, agus chuala mé í ag troid leis an abhainn ar feadh na hoíche. Tá cuma chonfach ar an abhainn ar maidin, í rud beag fiáin le fearg, shílfeá, mar go bhfuil uirthi tuilte na hoíche a thabhairt ar a droim, anuas ó na sléibhte chun farraige.

Cé go raibh sí gnóthach aréir, níl aon tuirse ar an aimsir inniu, muise, mar go bhfuil sí ag spochaireacht orm, ag taispeáint na gréine dom ó am go chéile, mar a bheadh sí ag tabhairt cuireadh dom siúl ina cuideachta; ach brúnn sí na scamaill dhorcha i mo threo ansin, agus bíonn a fhios agam go bhfuil sí ag diabhlaíocht fós.

Is fearr gan bacadh léi, agus caitheamh aimsire eile a fháil a choinneoidh deas teolaí mé faoi dhíon an tí. Ní bhuailfidh tú an baile amach ar laethanta mar seo, agus b’fhéidir go ndéanfaidh sé aiteall ar ball. Má bhriseann an aimsir, rachaidh mé ag siúl ansin. Idir an dá linn, comhrá ar phár libhse anois, a léitheoirí dílis.

Le himeacht aimsire, tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfuil bun ar an aimsir. In aimsir na bhFiann, nó fiú ó thús aimsire, is dócha, dhéanfaidís tuar na haimsire de réir chomharthaí an nádúir, ach tá nósanna na seanaimsire ag imeacht le himeacht aimsire. Tá nósanna na haimsire seo ag brath ar thuar na haimsire ón teilifís nó ón raidió, cé gur maith an scéalaí an aimsir, cheapfá.

Ní rachainn féin ag siúl i gcoinne na haimsire, ach tá sé ag déanamh aitill anois agus tá an aimsir fada againn le bheith ag roinnt ama le chéile amach anseo. Fágfaidh mé sibh le seanfhocal a d’inis An Mháistreás dom le déanaí:

‘Leanfaidh an bháisteach go dtí an doras thú, ach leanfaidh an sioc isteach sa leaba thú.’

Tuilleadh faoin aimsir le fáil ar leathanach 20 do FGB Uí Dhónaill, anseo agus anseo ag Proinsias, agus anseo ag Tadhg. Go maire sibh an aimsir, a léitheoirí!
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.