Wednesday, August 18, 2010

F...F...F...

Tharla sé ar maidin. Baineadh geit asam. Ní raibh mé ag súil leis.

Bhí mé i mo sheasamh ag fuinneog na cistine. Bhí mé ag breathnú ar na crainn, agus ag breathnú ar an abhainn.

Bhí sí sách cantalach ar maidin, mar abhainn. Bhí ualach báistí ón oíche aréir á iompar aici chun farraige, an dtuigeann sibh.

Ach, ní hí a tharraing m’aird. Ní di a thug mé suntas.

Go deimhin, níor thug mé aird dá laghad, fiú, ar an ngrian ag soilsiú sa spéir, cé gur annamh an radharc í féin na laethanta seo, caithfear a admháil.

Ach, ní hí a tharraing m’aird. Ní di a thug mé suntas.

Fiú agus an abhainn ag rith go cantalach, fiú agus an ghrian ag scaladh go cúthalach, fiú agus an fhírinne lom os mo chomhair, is gan choinne a tharla an eachtra.

A haon…a dó…a trí….

Go tobann. Go réidh. Ceann i ndiaidh a chéile. Gan fuaim le cloisteáil uatha. Bás socair i ndán dóibh.

Tá an Fómhar anseo, i ngan fhios dom, a leitheoirí. Tá na duilleoga ag titim arís.
.

4 comments:

  1. Ná habair é! Tá cairde ón bhFraing ar cuairt againn agus céard a dúirt mé fiche nóiméad ó shin le duine acu ná “L'été est en fuite. Il faut en profiter.”

    ReplyDelete
  2. Tá sé ag stealladh báistí anseo inniu, a Dennis, agus neart duilleoga ag imeacht le gaoth!

    Amhrán deas, a Aonghuis, mar is iondúil le hamhráin Thaidhg.

    GRMA, a Néidí.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.