Tuesday, August 17, 2010

Feoilséantóir ag Fiach

Tuairisc daoibh, a léitheoirí, ar na bialanna inar ith mé, agus mé ar laethanta saoire le déanaí. Mura bhfuil suim agaibh ina leithéid, ní bhfaighidh sibh mórán, ahem, solamair ón alt seo. Ar ndóigh níl anseo ach mo thuairimí féin, cibé scéal é, agus ní gá daoibh aird dá laghad a thabhairt orthu, ná orm, mura mian libh, a chairde.

Is fearr liom mo dhinnéar a ithe i lár an lae, dá bhrí sin, is féidir glacadh leis gur praghsanna lae atá luaite agam thíos. Mar is eol daoibh, is dócha, is iondúil go mbíonn praghsanna éagsúla ar an mbiachlár i mbialanna um oíche. Uaireanta, bíonn dinnéar oíche níos costasaí, ach is cuma, mar nach mbaineann siad leis an tuairisc seo, cibé scéal é. Lón lár an lae, is dócha, atá faoi chaibidil sa tuairisc seo uaim.

Ó tharla muid ag taisteal ar lá saoire bainc, bhí Aghna’s Coffee Bar, i gClár Chlainne Mhuiris, dúnta, faraor, agus ní raibh deis againn ithe ann, mar is gnách linn a dhéanamh, agus muid ar ár mbealach chuig Ceantar na nOileán. Is breá liom an bia in Aghna's, agus tá na praghsanna ann réasúnta, mar a dúirt mé cheana.

Mar sin féin, stopamar i gClár Chlainne Mhuiris, agus d’itheamar in óstán an Dalton Inn, ó tharla é oscailte, agus lón spólainne ar fáil ann. Bhí muid anseo cheana, agus bhí a fhios againn go mbeadh dinnéar breá le fáil ann.

Bíonn an bia ann go deas, le milseoga móra millteacha, má tá spás fágtha i do bholg agat lena n-aghaidh, i ndiaidh an dinnéir fhlaithiúil bheith ite agat. Bhí triúr againn ag ithe; trí dhinnéar, dhá mhilseog mhóra, agus dhá chaife. Bhí an bia an-bhlasta, muid lán go fiacla, €32 an t-iomlán.

Lá eile, d’ith triúr againn in An Chlúid i dTír an Fhia, áit inar ith mé cheana, agus is áit í a thaitin go mór liom. Chinn mé an Garraíodóir a thabhairt liom an geábh seo, agus mo neacht. Bhí dinnéar de mhairteoil rósta aige, quiche agus sailéad ag mo neacht, uibheagán le sailéad agus sceallóga agamsa, caife amháin, agus canna Coke; €22.50 ar an iomlán. Thaitin an áit chomh mór sin leis an nGarraíodóir go ndeachaigh sé ar ais ann lá arna mhárach.

Maidir liomsa, chuaigh mé féin, agus cara liom, chuig An Cupán Tae Café ar an gCeathrú Rua, le triail a bhaint as an mbia ann. Baineadh geit asainn nuair a d’iarr an t-airgeadóir beagnach €30 orainn ar thrí chupán caife, ceapaire tóstáilte, píotsa agus sceallóga.

Botún a bhí ann, ar ndóigh, rud a thugamar faoi deara nuair a sheiceálamar an bille, agus muid inár suí ar ais sa charr. Cuireadh sailéad caesar san áireamh ar an mbille i ndearmad, agus bhí an dara pláta sceallóga curtha ar an mbille, freisin, cé nár itheadh ach ceann amháin.

Bhí blastanas, ar a raibh blas salainn, curtha ar an gcéad phláta de sceallóga a fuair mé, an dtuigeann sibh, agus mar sin d'iarr mé pláta eile sceallóga, gan salann. Mar is eol do mo léitheoirí rialta, ní duine mór salainn ar fhataí mise. Samhlaigh osna uaim anseo, a léitheoirí ...

Chuamar ar ais chucu leis an mbille lochtach. Ar ndóigh, bhí an t-airgeadóir an-deas linn, agus bhí aiféala uirthi faoin sailéad sa bhreis a cuireadh de thimpiste ar an mbille agus, i ndiaidh comhrá gairid faoi na sceallóga goirte, aontaíodh nár ghá dúinn íoc astu sin, ach an oiread. Mura mian leat salann ar na sceallóga ann, b'fhéidir gur fearr é sin a chur in iúl dóibh roimh ré.

Sa deireadh, €19 a d'íocamar ar ár mbéile. Bhí an caife a d'ól mé ann go hálainn, cheap mé féin. Caithfear íoc as athlíonadh caife, cé nach gcaithfear íoc as athlíonadh tae, a dúradh liom; €2 ar chupán caife Americano, €2.40 ar chupán Cappuccino.

An lá dár gcionn, is ar An Chistin ar an gCeathrú Rua, a thugamar aghaidh. Bhí triúr againn le chéile an geábh seo. Itheadh dhá dhinnéar d’uaineoil rósta, uibheagán amháin le sceallóga, cupán caife, pota tae do bheirt, agus milseog amháin. Bhí an bia blasta, neart ite againn, ar €34.

Mo chuimhne, bhí freastalaí iontach ag obair in An Chistin an lá úd. Sabrina an t-ainm a bhí uirthi (chuir mé ceist), agus bhí sí ag dul ó bhord go bord, gan strus gan stró uirthi, shilfeá, cé go raibh an áit gnóthach, i go cumasach cairdiúil ag breathnú i ndiaidh an tslua a bhí faoina cúram.

Cé nach raibh béile veigeatórach le feiceáil ar an gclár, chomh luath agus a luaigh mé le Sabrina gur feoilséantóir a bhí ionam, isteach léi chuig an gcócaire, agus tháinig sí ar ais chugam leis an scéal go bhféadfainn uibheagán veigeatórach, nó pasta le glasraí, a bheith agam.

Creid nó ná creid, tá go leor áiteanna fós ann agus níl béile feoilséantach le feiceáil ar an mbiachlár iontu. Go deimhin, tá go leor freastalaithe ann agus ní bhacann siad le hiarracht a dhéanamh mian an fheoilséantóra seo a shásamh, nuair a luaim leo gur feoilséantóir atá ionam.

Is iomaí uair, nuair a fiafraím d’fhreastalaithe, 'an bhfuil béile feoilséantach le fáil anseo?', is minic a fhágtar mé le mo bhéal ocrach oscailte, na focail 'tá fataí agus glasraí againn' cloiste agam uatha, arís is arís eile. Samhlaigh osna eile uaim anois, a léitheoirí. Is ionann a leithéid d’fhreagra don fheoilséantóir agus an freagra, 'Tá fataí agus gravy againn’ don fheoiliteoir a d'fhiafródh ‘an bhfuil béile feola le fáil anseo?’ Sea.

Ní dhearna Sabrina botún mar sin, bail óna Ché uirthi. Nóta chuig úinéir na háite, mar sin féin - ná déan dearmad ar an bhfeoilséantóir bocht. Bheadh sé go deas rogha nó dhó a d’fheilfeadh do mo leithéid a fheiceáil ar an mbiachlár (nó, ar an gclárdubh, sa chás seo) ag am lóin, mura miste leat.

Ar an Satharn, ag am lóin, chuaigh mé féin, m’iníon agus mo neacht, chuig an mbialann nua in Indreabhán, Tír na nÓg. Thaitin atmaisféar na háite seo go mór liom, agus diabhal locht agam ar an mbia ann ach oiread. Natasha chuidiúil chairdiúil a bhí ag freastal orainn (chuir mé ceist), agus bhí sí chomh cumasach le Sabrina thuasluaite.

Ó tharla go raibh cuireadh chun dinnéir oíche faighte againn ó mo dheirfiúr, ní raibh againn ach trí chúrsa tosaigh le sceallóga, canna amháin coke, canna amháin oráiste, agus cupán caife - €24 suim an iomláin. Thug mé faoi deara, ón mbiachlár, go bhfuil an dinnéar rósta anseo euro, nó mar sin, níos daoire ná mar atá an dinnéar rósta in An Chistin agus An Chlúid.

D’ith An Pluiméir agus a chairde in Tír na nÓg arú aréir, ós rud go raibh sé i gCeantar na nOileán ar saoire ag an deireadh seachtaine, agus ós rud gur chuala sé an oiread sin uaimse faoin atmaisféar álainn ann, faoi na freastalaithe cuidiúla, agus faoin mbéile deas a bhí agam ann.

Dar leis, d’ith an ceathrar acu dinnéar breá, iad lán go fiacla ag dul abhaile, €68 an lánsuim a d’íocadar, deochanna san áireamh; dhá chúrsa tosaigh, ceithre dhinnéar, milseog amháin, ceithre dheoch alcólacha, agus dhá dheoch ghlasa.

Dúirt sé liom gur tháinig úinéir na háite chucu, iad fós ina suí chun boird, é ag iarraidh a chinntiú go raibh gach rud i gceart leis an mbéile agus leo. Ansin, bhí comhrá cairdiúil ag an úinéir leis na strainséirí ( m'fhocalsa ) as Dún na nGall . Ní féidir féile mar sin a shárú, agus guím gach rath ar fhear gnó, agus ar fhoireann, Thír na nÓg, ina mbialann nua. Is maith ann sibh, a chairde!

Ar an mbealach ar ais chuig Inis Eoghain, stopamar arís i gClár Chlainne Mhuiris, ag O'Hehir’s Bakery and Café an t-am seo. Tá an cafe seo san ionad siopadóireachta, taobh le Tesco. D’itheamar dhá shailéad, cupán álainn caife, cupán tae, arán do bheirt, sceallóga, agus dhá bhorróg. Glanbhia, caife álainn, neart ite againn, €26.

Tá mé ar ais sa bhaile, leathchloch níos troime. Ah bhuel, bhíomar ar saoire, an dtuigeann sibh…
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.