Friday, August 20, 2010

Éifeacht an Domanó


Bhí mé ar ais i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheithe Dé Máirt seo caite, agus nach orm a bhí an t-áthas nuair a tháinig mé ar Ghaeilgeoir ag an deasc fáiltithe in Ionad na gCuairteoirí, ar Ghaeilgeoir eile ag an deasc fáiltithe sa chaisleán, ar threoraí sa chaisleán le Gaeilge aige, agus ar thiománaí bus le Gaeilge, agus le greann aige!

Ar chuir sé sin leis an tsuáilce a bhain mé as an lá? Chuir, go deimhin! Tá a fhios agam go bhfuiltear ann a fhaigheann ‘ceist na Gaeilge leadránach de ghnáth’, agus tuigim é sin, go deimhin, ach b’fhéidir gur duine de lucht an ‘reinstatement of the local language’ mise.

Is maith liom bheith in ann cumarsáid a dhéanamh as Gaeilge. B’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuilim á dhéanamh, i ngan fhios dom féin, ar mhaithe le ‘reclaiming cultural identity’, mar a deirtear san alt sin le Jen Bouchard, ach, cibé scéal é, ní dóigh liom go bhfuil mo ghualainn gan bhráthair.

Fearacht mo chuairte os cionn seachtain ó shin, is mise a thosaigh an comhrá as Gaeilge leis na hoibrithe thuasluaite i nGleann Bheatha Dé Máirt seo caite. Bhí cumarsáid eadrainn, as Gaeilge, rud nár tharla an t-am deireanach a raibh mé ann, lá nár éirigh liom oiread is oibrí amháin le Gaeilge a aimsiú sna hionaid éagsúla ina raibh mé.

Mar sin féin, bhain mé sult as mo chuairt. Tá an áit go hálainn, agus ní ar mhaithe le Gaeilge a labhairt a chuaigh mé ann. An méid sin ráite, ar an Máirt seo, agus comhrá as Gaeilge le cloisteáil idir mé féin agus na hoibrithe éagsúla ansin, d’airigh mé gur chuala cuairteoirí chuig an gcaisleán teanga na tíre seo á labhairt. Sin cuid dár ‘cultural identity’ á roinnt againn leo, shílfeá.

Ó tharla go bhfuil an caisleán 4km ó Ionad na gCuairteoirí, chinneamar gan siúl, ach an bus a fháil - €13, ticéid fhillte do chúigear - chuig an gcaisleán. Ag an mbus taobh amuigh den ionad, ní raibh Gaeilge ag an tiománaí, ceapaim. Chuir mé ceist as Gaeilge air, agus d’fhiafraigh sé díom cén teanga a bhí á labhairt agam. ‘Your native language!’ a d’fhreagair mé féin, agus thosaigh an bheirt againn ag gáire.

Bhain mé sult as an turas timpeall an chaisleáin - €18 a d'íocamar ar chead isteach do chúigear. Taobh amuigh den chaisleán, agus muid ag filleadh ar an Ionad, labhair mé as Gaeilge le tiománaí an bhus, tiománaí nach ionann é agus an tiománaí luaite thuas. Bhí Gaeilge ag an bhfear seo, agus Gaeilge dhúchasach a bhí inti. As sin amach, bhí formhór a chomhrá le paisinéirí an bhus, agus an chraic uaidh, as Gaeilge. Go deimhin, bhí níos mó ná mise ar an mbus a bhí in ann cumarsáid a dhéanamh leis sa teanga sin, thug mé faoi deara.

D’iarr an tiománaí ar ‘an bhean as Ceantar na nOileán’ amhrán a chasadh, rud a rinne mé - véarsa amháin den amhrán ‘Peigín Leitir Móir’ - deile! Tharla sé go raibh bean as Cúil Aodha le mo thaobh a labhair liom, as Gaeilge, agus is dóigh liom nach dtarlódh an comhrá sin eadrainn murach gur cuireadh tús le comhrá as Gaeilge le tiománaí an bhus an chéad uair.

Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuilim iomlán mícheart! B’fhéidir go mbeadh an tiománaí sin ag labhairt as Gaeilge leis na paisinéirí, ar aon nós. Mar sin féin, chuir sé go mór le mo lá-sa mo theanga dhúchais a chloisteáil chuile thaobh díom ar an mbus, canúintí na gcúigí uilig san áireamh.

Ar dhóigh éigin eile, agus mé ag breathnú ar chaisleán John Adair, d’airigh mé go raibh sé feiliúnach Gaeilge a labhairt. Ba léir, ar an lá, go raibh neart daoine thart orm a d’aontaigh liom. Bíodh sé ag tarlú go comhfhiosach nó ná bíodh, tá pobal ann atá ag ‘reclaiming’, agus tá cumhacht nach beag ag an gcéad domanó.

8 comments:

  1. Sin é an dúshláin is mó romhainn - nach n-aithníonn duine le Gaeilge a cheile. Agus go mbíonn daoine drogallach Gaeilge a labhairt le duine nach bhfuil ar a aithne, le leisce olc a chuir ar dhuine éigin, nó fiú íde béil a fháil. Táimse féin mar sin.

    Maith sibh! Súil agam go leanfaidh na dúradáin ag titim

    ReplyDelete
  2. Suimiúil gur tháinig tú ar an bhfocal sin 'dúradáin', mar is é sin an focal a tháinig isteach i mo chloigeann ar dtús, go dtí go bhfaca mé 'éifeacht an domanó' scríofa i dtrácht ag bun an leathanaigh ag Róislín anseo agus domanó ar focal.ie

    @ 'daoine drogallach Gaeilge a labhairt le duine nach bhfuil ar a aithne'

    Aontaím, agus is mar gheall air sin a mbainim féin úsáid as mo theanga dhúchais anois, is cuma cá mbím, le deis a thabhairt dom aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile.

    Bhí am ann agus bhí an drogall sin mo choinneáil féin ciúin, ach is fearr liom an greasán a ghríosú anois - bíonn toradh fiúntach leis i gcónaí, feictear dom...:-)

    ReplyDelete
  3. D'fhéach mé sa Phota Focail cionn is nach raibh tuairim agam conas iolra a chuir ar domanó!

    ReplyDelete
  4. ... nach n-aithníonn duine le Gaeilge a cheile

    Is beag éifeacht a bhíonn ag na Fáinní anois, nach beag? Ní cuimhin liom an uair dheireannach a chonaic mé ceann á caitheamh.

    Thaithin an tréimhse ghearr a chaitheas sa Gaeltacht le déanaí liom, áit ar fhéidir a ghlacadh leis go raibh Gaeilge ag gach éinne, fiú nuair nach raibh. B'iontach an rud é domsa daoine ag déanamh iarracht breac-Ghaeilge a labhairt liom, fiú chun díreach 'Níl Gaeilge agam' a rá roimh iompu ar an Bhéarla.

    Úsáidim mo sheoladh bhaile as Gaeilge de ghnáth, rud a chinntíonn go bhfaighim glaoch i gcónaí ó DHL agus a leithéidí ag iarradh cá bhfuil mé, de ghnáth an oíċhe roimh ré. Is mór an chabhair dom é seo, mar gur féidir a chinntiú go mbeidh duine éigin sa bhaile nuair a thagann pé rud atá siúl agam leis. Cé a mhaíonn anois gur cur amu ama foghlaim agus labhairt na Gaeilge?

    B'fhéidir go mbainfidh me triail as do pholasaí a Áine, agus gach comhrá a thosú i nGaeilge? An é sin a chuirfidh tús le titim na ndomanónnaí?

    ReplyDelete
  5. @ 'An é sin a chuirfidh tús le titim na ndomanónnaí? '

    Sé mo thaithí, a Choc, go mbíonn toradh dearfach le fáil, go hiondúil, nuair a thosaím aon chumarsáid as Gaeilge, fiú uathu siúd nach bhfuil in ann Gaeilge a labhairt.

    I bhfocal Dennis, óna thrácht anseo: 'chuir tú ar a súile dóibh, ar a laghad, go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt.'

    Má leantar leis an bpolasaí, ní dhéanfaidh sé dochar, ach rachaidh sé chun sochair na teanga, b'fhéidir...;-)

    ReplyDelete
  6. recte: 'mar gheall air sin a bhainim féin úsáid as'

    ReplyDelete
  7. Chaith mé féin cúpla samhradh ag obair i nGleann Bheatha nuair a bhí mé i mo mhac léinn. Le mo linnse bhí ceathrar nó cúigear de na treoraithe, duine nó beirt de na tiománaithe bus, garraíodóir nó dhó agus duine nó beirt sa seomra tae a labhair Gaeilge.
    Bhí sé mar pholasaithe acu fosta gach turas timpeall an Chaisleáin a thosacht i nGaeilge, cé go mbeadh an chuid eile i mBéarla (turais Iomlán Gaeilge ar fáil do ghrúpai). Bhíodh lá Gaelach acu i rith an tSamhraidh fosta.
    B'fhéidir nach bhfuil sé chomh láidir anois is mar a bhí, ach is deas go bhfuair tú an seans do chomhrá a dhéanamh an dara hiarraidh!

    ReplyDelete
  8. Bhí sé láidir ann ar an dara lá, gan dabht, a Phroinsias! Seans go raibh oibrithe le Gaeilge ann an chéad lá, freisin, ach nár casadh orm iad.

    Ann nó as don teanga, is fiú cuairt a thabhairt ar an áit...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.