Saturday, August 21, 2010

Kiss My...

bad mouth, an ea? Ní hea.

Níl baint ar bith, sa chás seo, ag an ‘kiss my..’ sin le ‘bad mouth’, cé go bhfuil an dá cheann acu le fáil sa leabhar ‘Kiss My…póg mo thóin; dictionary of English-Irish Slang’ le Garry Bannister, ó na foilsitheoirí, New Island Books.

Go deimhin, agus níl anseo ach fainic bheag don té nach maith leo mionnaí móra, abair, nó don té nach mbeadh tugtha d’fhocail gháirsiúla ghnéasacha, b’fhéidir gurbh fhearr cuid den bhéarlagair sa leabhar seo a sheachaint. Mar sin féin, níl a dhath ann nach gcloistear beo beathach i mbéal an phobail ar fud na tíre.

Ach, ní abairtí le mionnaí agus focail gháirsiúla ghnéasacha amháin atá sa leabhar. Samplai eile d’abairtí atá liostaithe faoi ‘kiss’, mar shampla, tá ‘kiss-and-tell-stories’ (scéalta grá ar son pá), agus ‘kisser’ (gob), rud nach ionann agus ‘bad mouth’, bíodh a fhios agaibh. Faoin liosta ‘bad mouth’ tá ‘You’re always bad-mouthing him’ (Bíonn tú de shíor ag dubhú a ainm air!)

I bhfocal Alan Titley, ina réamhrá, ‘There are words and phrases here that you will not find in a conventional dictionary; ‘nerdy’…’poxy’…’effin and blinding’…’snog’…’puff’…’ Agus níl ansin ach cuid acu.

Is féidir leagan Gaeilge de, mar shampla, abairtí leis an bhfocal ‘piss’ iontu a fháil, (Piss off!, Are you taking the piss? Piss-artist), nó, abair, abairtí leis an bhfocal ‘dick’ iontu, (He’s a right dick! dick-head.), rud nach ionann, b’fhéidir, agus an duine a bheadh ina ‘ass-wipe’!

I bhfocal an údair, Garry Bannister, i mBrollach an leabhair,

‘…Drochchaint – níl a leithéid ann! Is féidir le teanga bheith maslach nó náireach don té a éisteann léi ach níl ansin ach frithchaitheamh ar an duine agus an aois lena mbaineann an duine sin, ní ar an teanga féin. Níl san fhoclóir seo ach caint lom na ndaoine…Soláthraíonn an leabhar beag seo caint choitianta an Bhéarla laethúil lena macasamhla sa Ghaeilge…’

Cheannaigh mé an leabhar le déanaí, agus mé ar saoire i gConamara. Ó fuair mé é, tá abairtí as léite amach os ard agam, i gcomhluadar Béarlóirí agus Gaeilgeoirí, agus baineann chuile dhuine taitneamh, agus gáire, as. Seoid de leabhar!

Níl aon dabht faoi, a léitheoirí, ach rinne Garry garraíodóireacht iontach, agus tá béarlagair na Gaeilge faoi bhláth sa leabhar seo.

An bhfuil a leithéid d’fhocal ann agus, ahem, gaeilgegair, meas tú…
.

3 comments:

  1. Tháinig an leabhar seo amach den chéad uair sa bhliain 2001 faoin teideal English-Irish Slang Dictionary. Tá a fhios agam toisc gur cheannaigh mé cóip de. Tá a lán ann atá iontaofa (agus greannmhar) agus rud nó dhó a chum sé féin, mura bhfuil dul amú orm. Rud amháin a chuir ionadh orm ná “feisigh” mar aistriúchán ar an F-Word. Mar shampla: “Go bhfeisí an Diabhal mé!” An gcloistear a leithéid dáiríre?

    Agus tá púca na n-adharc nó dhó ann don ghramadóir:

    “Níor léigh mé choíche salachar dá leithéid. = I never read such muck.”

    Ní chuirfinn “choíche” in abairt atá sa aimsir chaite.

    ReplyDelete
  2. “Go bhfeisí an Diabhal mé!” An gcloistear a leithéid dáiríre?

    Ní dóigh liom é. Cé go bhfuil an nós ag scaipeadh an chiall seo d'fheis a úsáid. Rud a fhágann deacrachtaí áirithe ag Feisirí....

    ReplyDelete
  3. @ ' Rud a fhágann deacrachtaí áirithe ag Feisirí.... '

    ASG!

    @ '“Go bhfeisí an Diabhal mé!” An gcloistear a leithéid dáiríre?'

    Níor chuala mise riamh é, a Dennis, ach cuirfidh mé ceist ar, ahem, lucht na n-eascainí...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.