Nuair a dhúisím ar maidin, caithim súil i dtreo na fuinneoige. Tosaím féin agus Cailleach na Comhairle ag cúlchaint ar an aimsir ansin. “Báisteach nó grian?”, a d’fhiafraigh mé ar maidin. ‘Tá an ghrian amuigh aici, ach ní féidir í a thrust”, arsa an Chailleach.
Agus sin mar atá an scéal anois. Tá an ghrian mo bheannú, ach tá scamaill ag teacht ar a cúl agus cuma chonfach orthu.
“Meas tú an rachaidh mé ag siúl anois nó ar ball.?” a d’fhiafraigh mé.
“Nach bhfuil a fhios agat nach féidir leat brath uirthi mar aimsir!", a d'fhreagair an Chailleach.
"Má bhuaileann an fonn í, cuirfidh sí na duilleoga ag damhsa leis an ngaoth, nó cuirfidh sí tuilleadh báistí isteach san abhainn bhocht. Ar a laghad, ní bheidh sioc ná sneachta romhat inniu.” arsa an Chailleach.
“Bhfuil tú cinnte? Shílfeá, le breathnú uirthi, go bhfuil an geimhreadh sa mhullach orainn.”, a dúirt mé féin.
Sin mar atá anseo ar maidin, a léitheoirí. Tá sé rud beag níos fuaire ná mar a bhí sé inné, agus ní féidir liom fiú slán a fhágáil ag an samhradh mar nach bhfuilim iomlán cinnte gur tháinig sé ar chor ar bith i mbliana.
.
Gaeilge24 i mBéal Feirste
20 hours ago
An raibh an samhradh chomh héiginnte sin dáiríre i mbliana? Is cuimhin liom teachtaireachtaí ó dhaoine eile sa bhlagasféar ag caint ar theas a scoiltfeadh na clocha in Éirinn mí nó dhó ó shin.
ReplyDeleteCreid é nó ná creid, ní rachainn amach gan cóta orm inniu, tá sé chomh fuar sin!
ReplyDeleteAn méid sin ráite, tá áiteanna in Éirinn inniu agus tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch iontu. Faraor, ní anseo in Inis Eoghain atá sí inniu...:-(