Wednesday, August 19, 2009

Ag Teacht Chun Solais

Tá mé féin agus an Garraíodóir ag dul i dtaithí ar Cheann Scríbe, de réir a chéile. Tá a fhios againn céard atá againn sa teach anois, agus tá a fhios againn cá bhfuil sé le fáil, an chuid is mó den am. Ceapaim.

Ach, tá mé rud beag trí chéile, fós, ag lasca shoilsí an tí. Ní raibh mé anseo nuair a roghnaíodh suíomh daoibh ar na ballaí éagsúla. Beirt fhear, nach n-ainmneofar anseo, a bhí i gceannas ar an jab sin, cé go séanann duine acu, an Garraíodóir, go raibh baint ar bith aige leis an scéal. Sea.

Tá leithreas amháin thíos staighre, agus é i bhfolach againn faoin staighre, nó taobh leis an staighre is cirte a rá, in áit nach féidir é a fheiceáil. Sórt tearmainn, is dócha, más mian leat sin. Tá a dhoras féin ag an leithreas, ach tá doras eile roimhe, a thugann duine isteach sa seomra cótaí ar dtús. Má bhíonn tú i bpráinn, beidh deis agat do chóta a bhaint díot ar dtús. Ar fhaitíos aon timpiste, an dtuigeann tú.

Ach, más deifir atá ort, agus cóta le baint díot agat, beidh fadhb agat.

Ó tharla é faoin staighre, níl aon solas nádúrtha istigh ann. Le solas an tseomra cótaí a shoilsiú, caithfear siúl isteach sa seomra sin ar dtús agus an lasc a chuardach taobh thiar de na cótaí uile. Tá sí áit éigin ansin, ach duine a bheith ar an eolas fúithi. Go bhfóire Cé ort más strainséir tú, le cóta mór ort, agus tú faoi dheifir ag iarraidh féirín a fhágáil i dteach an asail. Beidh moill ort. Fiú má éiríonn leat an solas sin a aimsiú agus do chóta a bhaint díot, beidh ort lasc an leithris a aimsiú ansin. Ah ah! Ach cá bhfuil sí, meas tú?

Samhlaigh do chruachás anois. D’oscail tú, agus tú i bpráinn, le cóta mór ort, doras an tseomra cótaí. Tá sé dorcha istigh ansin, ach feiceann tú cótaí, ceapann tú, ar thaobh na láimhe deise, agus doras eile ar thaobh na láimhe clé. Tá a fhios agat go bhfuil an leithreas taobh thiar den doras ar chlé, mar dúradh sin leat, ach caithfidh tú do chóta a bhaint díot ar dtús.

Tá dhá lasc taobh amuigh de dhoras an tseomra cótaí, iad i bhfolach taobh thiar den doras nuair atá an doras sin oscailte. Sea. Ní raibh a fhios agat é sin nuair a d’oscail tú an doras, ach tá a fhios agat anois é, mar bhí ort an doras sin a dhúnadh arís le go bhfeicfeá an raibh aon lasc le fáil taobh amuigh, ó tharla gan ceann le feiceáil taobh istigh, an dtuigeann tú.

Ach níl aon mhaith ann. Is cuma cé chomh minic agus a bhrúnn tú an dá lasc sin, níl sa seomra cótaí fós ach dorchadas…agus cótaí. Níl an dara rogha agat, caithfidh tú greim a fháil ar do chrógacht agus bualadh isteach sa dorchadas, le do chóta fós ort, agus d’fhéirín fós leat, faraor.

Tosaíonn tú ag útamáil trí na cótaí ag cuardach na laisce do-aimsithe, an féirín sin a thug tú isteach leat fós ag bagairt ort, é faoi dheifir é féin an leithreas a fheiceáil. Agus Damhsa An Ghéarchall á dhéanamh agat sa dorchadas, tá do lámha ag rútáil ar an mballa taobh thiar de na cótaí. Faoi dheireadh thiar thall, mar is thall sa chúinne is faide isteach atá sí, creid é nó ná creid, aimsíonn tú an lasc.

Solas ag dul anois, cóta ar siúl anois, tiontaíonn tú le lasc an leithris a aimsiú. Sea. Agus tú fós ag damhsa, agus gan tásc ná tuairisc ar aon lasc eile ach an ceann a d’úsáid tú díreach roimhe sin, osclaíonn tú doras an leithris. Cuardaíonn tú lasc an leithris ar an mballa, taobh istigh agus taobh amuigh den doras. Níl sí ann. An bhfuil a fhios agat cá bhfuil sí, a léitheoir? Sea. Maith thú! Tá tú cliste! Tá an ceart agat! Tá sí taobh amuigh den doras eile, ceann den dá lasc sin a bhí faoi bhrú agat ní ba luaithe.

Le mo sholas, ní thuigfidh mé go brách na meonta a bhí páirteach i Lonnú na Lasca. Ach tá a fhios agam é seo, ní raibh an bhean seo, ná aon bhean eile, páirteach sa phlean.
.

2 comments:

  1. Ach d'ainneoin na lasc do-aimsithe tá an leithreas - agus an dóchas nó an faoiseamh leis - i gcónaí cóngarach duit.

    Ní mar sin a bhíonn sé nuair a stadann traein gan leithreas (Dart, Metro, S-Bahn etc) idir dhá stáisiún. Sa chás sin bheadh an té sásta go leor dá mbeadh leithreas ar bith ar bord. Is iomaí scéal brú mún tar éis oíche bheorach a bheadh le hinsint ag lucht traenach gan leithreas!

    ReplyDelete
  2. Ah! Scéal an leithris dho-aimsithe arís...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.