Monday, April 12, 2010

Nathanna Cainte

Ní ba luaithe inniu, ar m’fhilleadh dom ó shiúlóid dheas réidh, ar lá álainn grianmhar anseo in Inis Eoghain, chuir mé glaoch ar An Dómhnallach.

Bhí postáil Uí Reachtair léite agam, agus bhí ceist agam le cur uirthi faoi ainm dúchasach an heron, éan atá faoi chaibidil ina chín lae ag Dubhaltach inniu. Mar a tharlaíonn sé, sé An Chorr Éisc an t-ainm a bhíodh aici ar an heron, agus í ag fás aníos i gConamara, cé gur chuala sí an t-ainm Máire Fhada ní ba dheireanaí ina saol.

Tá an lá go hálainn anseo inniu...’ arsa mé féin léi, ‘…agus tá sé chomh te sin, gur cheannaigh mé 'fake tan' ar an mbealach abhaile, le nach mbeidh mé ag dul thart agus cosa bána orm amárach.’

Ag smaoineamh ar shorts a chur orm féin atáim, a léitheoiri, má bhíonn an aimsir chomh te céanna amárach, an dtuigeann sibh, cé gur dóigh liom nár chóir dom é sin a dhéanamh, más fíor an abairt ‘don’t cast a clout til May is out’! An bhfuil leagan dúchasach Gaeilge ann le haghaidh na habairte sin, meas tú?

Cibé scéal é, arsa An Dómhnallach liomsa, ar chloisteáil di na focail ‘cosa bána’ uaim,

‘An bhfuil a fhios agat anois, dá ndéarfadh tusa go raibh tú ‘ag dul thart i mo chosa bána’, go mbeadh tú ag dul thart ‘cosnochta’ nó ‘barefoot’?

Bhuel, nach suimiúil an scéal a tharraingíonn scéal ar lá álainn gréine!
.

2 comments:

  1. Go deimhin, a chara, is fánach an áit a bhfaighfeá nath cainte!

    Agus, dá mbeadh sé chomh te sin, a Dennis, agus nach mbeadh tú in ann na shorts ná fiú fobhríste a chaitheamh, bheadh tú 'ag dul thart agus do thóin leis'!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.