Showing posts with label Gaillimh. Show all posts
Showing posts with label Gaillimh. Show all posts

Friday, December 31, 2010

Beannacht

Nuair a phós mé, bhog mé as Gaillimh go Dún na nGall. Bhí mé iontach uaigneach, gan aithne agam ar aon duine anseo, ag an am. Bhí sé crua orm slán a fhágáil le mo bhaile, agus le mo mhuintir, fiú agus mé breá sásta tús nua a dhéanamh le m'fhear céile in Inis Eoghain.

Bhíodh An Garraíodóir ina shealoibrí, agus is minic a bhínn sa teach liom féin. B’iad na hoícheanta ba mheasa. Ní raibh fón againn, agus dá mbeadh féin, bheadh sé ródhaor glaoch a chur abhaile, an t-am sin.

D’airigh mé uaim glór agus comhairle m’athar, ach go háirithe. Is iomaí comhrá a bhíodh againn ar chuile ní beo, agus ar chuile ní marbh, d’fhéadfá a rá. Fear spioradálta a bhí ann, agus, thar blianta m'óige, d’éist sé le focail m’amhrais, le tuiscint agus le grá nach beag. Níor chuir sé iallach orm cloígh le haon chreideamh ach le mo chreideamh féin. Ní raibh uaidh ach go mbeinn suaimhneach le mo chuid. D’éirigh leis.

Phós mé i Mí Mheán an Fhómhair. Trí mhí ina dhiaidh sin, bhí sé ag teacht gar den Nollaig, agus bhí uaim mo mhuintir a fheiceáil arís. Bhí Nollaig gan iad romham, ó tharla An Garraíodóir ag obair, agus theastaigh uaim am a chaitheamh le mo dhream féin, roimh thús na féile.

Tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh sa bhaile i nGaillimh leo, bhí sé in am dom an turas a dhéanamh ar ais go Dún na nGall.

‘Have you a crib?’ a d’fhiafraigh m’athair díom.

‘No.’ a d’fhreagair mé féin.

Suas leis san áiléar, agus thug sé anuas an mainséar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas. Ceann nua a bhí ann, é fós ina bhosca, ach an chuma air gur chaith sé bliain nó dhó díomhaoin san áiléar, gan aige ach comhluadar na ndamhán alla, a chlúdaigh an bosca lena maisiúcháin féin, facthas dom.

‘You have one now.’ a dúirt m’athair, agus thug sé an mainséar beag, agus barróg mhór, dom.

Tá sé tríocha bliain ó bronnadh an mainséar sin orm, agus tá m'athair álainn imithe ar shlí na fírinne le fada an lá, faraor. Chuile bhliain, ag an am seo den bhliain, téim suas i m’áiléar féin, tugaim anuas an mainséar sin a thug sé dom, agus airím arís a bharróg, agus a ghrá.

Go bhfaighe sibh barróga go leor sa bhliain nua, a léitheoirí, agus go raibh grá nach beag in bhur dtimpeall.
.

Wednesday, October 27, 2010

Éalú agus Éilliú

Is gearr uaim an bóthar go Gaillimh, a léitheoirí, agus as sin uaim, amárach, go Cill Airne agus An tOireachtas.

Táim gnóthach le lá nó dhó, cuairteoir as Meiriceá anseo liom, camchuairt á tabhairt againn timpeall ar Inis Eoghain. Beidh cúpla grianghraf le roinnt agam libh amach anseo. Tá radharcra na tíre seo go hálainn, agus níl Inis Eoghain easnamhach, geallaim daoibh.

Sula n-éalaím liom go Gaillimh, cheap mé gur mhaith libh na torthaí ón Corruption Perceptions Index 2010 a léamh. Mar a fheicfidh sibh, tá tírín s’againne ag uimhir 14, áit a bhfuair sí scór 8 as 10. Tá 10 ‘highly clean’ agus 0 ‘highly corrupt’. Tá 178 tír san áireamh ar an liosta. Dar le Transparency International,

‘Notable among decliners over the past year are some of the countries most affected by a financial crisis precipitated by transparency and integrity deficits. Among those improving in the past year, the general absence of OECD states underlines the fact that all nations need to bolster their good governance mechanisms. The message is clear: across the globe, transparency and accountability are critical to restoring trust and turning back the tide of corruption.

Mo chuimhne, agus níl anseo ach rámhaille uaim, ar thug sibh faoi deara gur féidir an chiall a bhaint as Consensus Talks, agus ní bheidh fágtha ansin ach Con us Talks...
.

Saturday, September 18, 2010

Íomhánna An Lae

Báid ar Loch Coirib in Áth Cinn ar maidin.

Báid ar Loch Ceara i Maigh Eo tráthnóna.

An Garraíodóir ar an mbóthar go Moore Hall.

Chaitheamar seal ag Caisleán Cheapach Corcóige...

...ag freastal ar Scoil Seabhcóireachta ann...

...áit a ndeachaigh mé ar Hawk Walk leis an seabhac 'Uisce', muid faoi chúram Aoife álainn, Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath, bean chumasach chairdiúil atá ag obair sa scoil ann.
Tráthnóna aoibhinn agam féin agus ag an nGarraíodóir ina gcuideachta, eisean ag siúl leis an seabhac, Milly, mise ag siúl le Uisce.

Sunday, August 1, 2010

Na Fir Chiúine In Philadelphia

Tá sé de nós agam dhul isteach i siopaí carthanachta ó am go chéile. Is maith liom tacú leo, agus is minic a fhaighim nithe éagsúla don teach, nó fiú dom féin, istigh iontu.

Tharla sé gur shiúil mé isteach i gceann acu trí mhí ó shin, agus shantaigh mo shúil an pictiúr thuas. Thit mé i ngrá leis ar an bpointe, fiú sular thug mé faoi deara nach prionta de phictiúr a bhí ann, ach olaphictiúr. Cheannaigh mé ar an ‘ardaigh orm’ é.

Cibé scéal é, ní ba dhéanaí sa lá, bhí mé i mo shuí sa bhaile ag breathnú ar mo phictiúr álainn, nuair a thug mé faoi deara go raibh sé sínithe ag duine darbh ainm ‘Danny Carmody’.

Rinne mé googláil ar an ainm, agus tháinig mé ar scéal an fhir seo, Gaillmheach a d’imigh ón saol seo i 2004, gan an fear bocht ach 45 bliain d’aois.

Rinne mé tuilleadh taighde agus, a bhuí le Brian Whelan, ealaíontóir a raibh aithne aige ar Danny, agus a d’aithin ‘stíl’ Danny ón bpictiúr den olaphictiúr a chuir mé chuige, fuair mé fianaise uaidh a dheimhnigh gurb é Danny, go deimhin, a shínigh m’olaphictiúr.

Anois tá olaphictiúr fhear na Gaillimhe ar bhalla tí bhean seo na Gaillimhe. Tá a bhaile aimsithe aige. Go mba hé don ealaíontóir.

Daoibhse thall in Philadelphia, más mian libh tuilleadh den obair álainn a rinne Danny, agus a chomhghleacaithe Brian Whelan, Dermot Holland, John Duffin agus Bernard Canavan, a fheiceáil, beidh an taispeántas ‘The Quiet Men’, le feiceáil sa Villanova Art Gallery ón 20ú lá den mhí seo go dtí an 6 Deireadh Fómhair.

Tá taispeántas ealaíne le Brian Whelan le feiceáil i Sasana ag an Holt Summer Festival Exhibition anois, é ar siúl ansin go dtí an 15ú den mhí seo, le taispeántas eile uaidh ag an Thompson’s Summer Show ón 4-29 Lúnasa.
.

Saturday, July 31, 2010

Thall agus Abhus

Ansin thuas, pictiúr a ghlac mo dheirfiúr in Seattle an tseachtain seo.

Ansin thuas, pictiúr a ghlac mé féin i nGaillimh an tseachtain seo caite.
.

Friday, July 30, 2010

Bean an Rotha


Bhí bia blasta agam sa bhialann thuas, i nGaillimh, an tseachtain seo caite. B’shin mo chéad uair ag ithe tapas, sa tír seo ar aon nós, agus beidh mé á n-ithe arís sa bhialann sin, gan dabht. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin mbialann anseo.

Ar mo bhealach chuig an mbialann, chonaic mé an roth uisce sa phictiúr sin thuas, taobh leis an gcarrchlós, atá in aice le stáisiún na ngardaí ar Shráid an Mhuilinn sa chathair.

Chuaigh mé ar thóir eolais faoin roth, turas a thug mé chuig an sean-alt seo sa Galway Advertiser. Is léir, ón méid a léigh mé, go bhfuair an abhainn, ar a bhfuil an roth suite, a ainm, Abhainn Madeira, ó Oileán Mháidéara ag Páirc an Mhéara sa chathair, áit a raibh grúdlann tráth den saol, mar a léigh mé anseo.

Ach, an rud a tharraing m’aird, agus mé ar mo thuras eolais, agus an scéal sin sa Galway Advertiser faoin Slaughter-House River léite agam, ná an líne seo a leanas, ón alt seo faoin seamlas a bhíodh sa chathair geábh:

This slaughterhouse (or Shlawtherhouse to give it's Galway pronunciation) was well known to local schoolchildren who could hear the bleating animals and who often had to skip over streams of blood in the lane.

B'fhéidir gur Gaillmheach go smior mé, ach ní haon ionadh go bhfuilim i m’fheoilséantóir!
.

Monday, June 28, 2010

Hair Today, Gaillimh Amárach?

Níl a fhios agam an raibh baint ar bith ag an scéal faoi ghruaig Mary Harney leis an nuacht ‘Galway Firm wins Space Agency Contracts’, ach comhghairdeas ó chroí leis an dream uile in ÉireComposites Teoranta in Indreabhán, as an dea-nuacht a fuair siad le déanaí.

Go maire sibh bhur jabanna nua!
.

Wednesday, March 17, 2010

#lnag10

Beannachtaí na Féile oraibh, a chairde!

Blúire eolais faoi Lá Fhéile Pádraig ó Róislín anseo, agus giotaí faoi Lá na Gaeilge anseo agus anseo.

Agus, ó tharla gur Gaillmheach mé ó dhúchas, níor mhaith liom gan rud beag ón áit sin a roinnt libh inniu. Bainigí sult as an bhféile, a léitheoirí.

Seas suas anois, agus bígí ag damhsa...


.

Monday, February 8, 2010

Éagsúlacht

Táim as baile ó Dé Céadaoin, agus tá fós, gan fáil agam ar leathanbhanda ná ar idirlíon ó d’fhág mé, go dtí anocht, agus mé ar ais i nGaillimh. Ní hé nach raibh leathanbhanda san áit ina raibh mé ó dheas, ach ní raibh sé ar fáil sa teach ina raibh mé ag fanacht, an dtuigeann sibh.

Mar scríbhneoir agus roinnteoir rialta focal, tá sé de nós agam mo smaointe a chur ar mhéarchlár, seachas ar phár, mar a déarfá. Sin mar atá an saol anois, ríomhairí in úsáid againn, go minic, san áit a mbíodh peann agus páipéar in úsáid againn fadó.

Mar chuid den scríbhneoireacht agus smaointeoireacht rannach sin, tá sé de ghnás agam rud beag taighde a dhéanamh ar an idirlíon, b’fhéidir, agus bainim úsáid rialta as focal.ie, dictionary.com, agus wikipaedia.com; gan trácht ar léitheoireacht laethúil a dhéanamh ar láithreáin mo chomhbhlagálaithe.

Ní raibh deis agam a dhath mar sin a dhéanamh gan leathanbhanda, rud a d’fhág an bhean seo ag caitheamh go leor ama ag breathnú thart uirthi, ag tabhairt rudaí áirithe faoi deara, agus ag labhairt le daoine éagsúla.

Agus tá éagsúlacht amuigh ansin, a chairde. Beidh mé i dteagmháil.
.

Thursday, January 7, 2010

Ó Oileán go hInis



Sin thuas an radharc a d’fhág mé i mo dhiaidh inné, agus mé ag imeacht ó Cheantar na nOileán, agus seo thíos an radharc a bhí romham agus mé ag teacht isteach go hInis Eoghain tráthnóna inniu.




Tá sé go deas bheith ar ais i gCeann Scríbe, cé go raibh sé deacair slán a fhágáil ag mo mhuintir arís. Maidin inné, d’fhágamar deichniúir acu in Aerfort na Sionainne, iad in ainm a bheith i mBostún an tráthnóna sin. Níl siad ann fós.

Bhí mé ag éisteacht le clár Joe Duffy ar an mbealach ar ais sa charr inniu, agus bhí sé rud beag cantalach, cheap mé féin. An drochaimsir a bhí ag spochadh as, nó neamhinniúlacht na n-údarás agus iad ag dul i ngleic leis an drochaimsir, is cirte a rá. Tuigim a chás.

Chaith mé go leor ama ag tiomáint ar na bóithre le seachtain anuas, mé ag dul ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, ó Bhaile Átha Cliath go Ceantar na nOileán, ó Cheantar na nOileán go hAerfort na Sionainne cúpla geábh, agus ó chathair na Gaillimhe go Dún na nGall inniu. Níor chuir an sioc isteach ná amach orm in aon áit, ach amháin i mBaile Átha Cliath, áit a raibh drochbhail ar na bóithre, gan gaineamh ná salann caite orthu, mar ba chóir, shílfeá.

Maidir leis na cosáin, ní bhfuair siad aird ó na húdaráis in aon cheantar, feictear dom, gan trácht ar aon bhóthar nár phríomhbhóthar é. Fágadh go leor daoine sáinnithe ina dtithe, gan trácht orthu siúd a fágadh gan uisce, agus gan teas.

Glaodh ar An bPluiméir go minic Lá Nollag, daoine bochta i bpráinn agus an sioc ag pléascadh píopaí orthu, fiú na laethanta luatha sin, ach ní raibh aon chruinniú éigeandála ag na húdaráis éagsúla i mBaile Átha Cliath go dtí inniu!

Bliain nua faoi shéan agus faoi mhaise, a léitheoirí?
.

Sunday, August 16, 2009

Feoilséantóir ag Fiach

Mar is eol agus is léir do mo bholg, is maith liom bia. Agus, mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, is feoilséantóir mise. Nuair a bhím ar laethanta saoire, bainim sult as a bheith ag ithe i mbialanna éagsúla, rud a rinne mé go rialta agus mé ar laethanta saoire an tseachtain seo caite.

Ní tráchtaireacht na critice atá anseo uaimse maidir leis na bialanna sin inar ith mé agus mé ar saoire, mar ní saineolaí bia mise, an dtuigeann sibh, ach tá a fhios agam cén sórt bialann a thaitníonn liom féin, mar veigeatóir agus mar dhuine a dtaitníonn seirbhís mhaith ghlan sciobtha chairdiúil léi; an áit a bheith saor go leor le nach mbeidh gá dom iasacht a fháil ón mbanc le híoc as an mbéile agus as an tseirbhís sin. Éasca go maith mise a shásamh, cheapfá, ach bíonn deacrachtaí ag go leor bialanna freastal ar mo leithéid, an feoilséantóir.

Creid é nó ná creid, tá bialanna ann agus nuair a chuirim ceist an bhfuil a dhath acu a d’fheilfeadh dom mar fheoilséantóir, ó tharla gan aon phríomhbhéile dá leithéid ar an mbiachlár acu seachas ‘side orders’ b’fhéidir, is minic a deirtear liom “Oh yes, we have fish and chicken.”. Sea. Tá siad bán, is dócha. An fheoil, chan an freastalaí, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoir. Mura bhfeictear dath na fola air, ní feoil é dar leo, is dócha...b’fhéidir...níl a fhios agam.

Luaigh mé Aghna’s agus FRESHies i gClár Chlainne Mhuiris libh cheana, bialanna a thaitníonn go mór liom mar go bhfreastalaíonn siad ar an bhfeoilséantóir chomh maith céanna mar a fhreastalaíonn siad ar an té a itheann ainmhithe srl. Ní raibh gá leis an gceist sin thuas uaim, mar go raibh sé soiléir óna mbiachláir go bhfuil an dá áit sin eolach go maith ar a gceird agus dá bhrí sin, eolach ar mhianta gach iteora. Seirbhís ghasta phroifisiúnta sa dá áit, iad gleoite gléasta, sciobtha scuabtha. Na háitribh agus na freastalaithe.

B’amhlaidh leis ‘An Builín Blasta’ ar An Spidéal, agus leis ‘An Chlúid’ i dTír an Fhia, mar aon le Rodeo ar Shráid na Céibhe, agus le McSwiggans ar Shráid Eyre i gCathair na Gaillimhe. Ní raibh an biachlár ag McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe chomh cairdiúil céanna liomsa agus a bhí na biachláir sna bialanna eile, ach is áit í ina dtaitníonn an t-iasc go mór leis an nGarraíodóir. Bhí chips, mushy peas, beans agus coleslaw agam féin ann, gan aon rogha eile agam ón Fish and Chips Menu, ach iad blasta go maith agus neart ann, caithfear a rá.

Ar thug sibh faoi deara, aon duine agaibh a stop ag fuinneog tosaigh McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe ansin, go bhfuil bratacha na dtíortha uile ar bhileoga eolais acu atá greamaithe den fhuinneog, agus píosa i dteanga na dtíortha éagsúla sin scríofa faoi chuile bhratach, fiú sa tSínis agus sa tSeapáinis? Is aoibhinn liom a fheiceáil go bhfuil an tsochaí ilchultúrtha ag teacht chun cinn agus aitheantas a fháil aici ar an dóigh sin. Tá bratach na tíre seo ann, trí huaire, agus cén teanga ina bhfuil an t-eolas fúthu scríofa? Béarla, béarla, béarla. Gaillimh le Gaeilge nó Éire le Béarla ag teacht chun cinn, meas tú? Cibé scéal é, bhí an áit lán go doras, agus teanga chuile thír le cloisteáil ag teacht ó na boird uile, shílfeá. Táim cinnte go mbíonn Gaeilge le cloisteáil ann freisin, fiú mura bhfuil aitheantas faighte aici mar theanga faoi bhrat na hÉireann ar an bhfuinneog.

'Sé mo thuairim go raibh McSwiggans daor go maith, i gcomparáid le háiteanna eile a bhí chomh maith céanna ó thaobh an bhia de. Cé go raibh an bia blasta, gan dabht, ní raibh an béile mór millteach don té a bheadh ocrach go maith, shíl mé féin. Ach tá goile mór agamsa, faraor.

Cheap mé go raibh an Builín Blasta ar An Spidéal réasúnta maidir le praghas, an bia go hálainn blasta ann, ach is áit é le haghaidh lón breá a fháil, seachas dinnéar mór, má thuigeann sibh libh mé. An méid sin ráite, is ann a chonaic mé an freastalaí is fearr agus is deise dá casadh orm le tamall fada. Edel a hainm, agus tá a fhios agam é sin mar gur iarr mé a hainm uirthi. Dá mbeadh leithéidí Edel le fáil sna bialanna uile ar fud na tíre seo, bheadh na turasóirí ag teacht ar ais ina mílte. Cailín aireach béasach cairdiúil cuidiúil, a pearsantacht agus an tseirbhís a thug sí dúinn mar fhreastalaí ag cur go mór leis an mbéile blasta a fuair mé ansin. Maith thú, a Edel! Agus tá súil agam go bhfuil d’ainm litrithe mar is ceart agam.

Thiar i dTír an Fhia, i gCeantar na nOileán, thaitin An Chlúid go mór liom. Bia blasta, ar phraghas réasúnta, agus neart ar an bpláta don té a bheadh ocrach. Ní bhíonn siad oscailte ag an deireadh seachtaine, faraor, agus dúnann an áit ag 2.30 i.n. Bean le Béarla aici a bhí taobh thiar den chuntar, gan mórán Gaeilge aici ach í ag foghlaim ‘cúpla focal’ gach lá, mar a dúirt sí féin liom, agus dúirt sí an méid sin liom as Gaeilge. Maith thú, a chailín! Bhí bean lena taobh agus í mar a bheadh ateangaire ag aistriú m’ordú don bhean gan mórán Gaeilge, ordú a thug mé go nádúrtha as Gaeilge mar a dhéanaim go rialta sa Ghaeltacht. D’fhág an ateangaireacht sin nach raibh gá domsa an Ghaeilge a thréigeann, agus d’fhág sí ‘cúpla focal’ eile leis an bhfreastalaí, tá súil agam. Ar mo bhealach amach an doras, d’fhág an bhean sin slán abhaile liom i nGaeilge bhreá bhlasta, ise ag titim isteach le teanga na háite, seachas a mhalairt ag tarlú. Maith arís í, agus go maire an teanga a hiarracht!

Rud amháin eile a tharla sa Chlúid, agus a thaispeánann nach bhfuil an dream thiar ar chor ar bith ar gcúl maidir le riachtanais an veigeatóra, cuireadh ceist orm, sular réitigh siad an sailéad feoilséantach a d’ordaigh mé, an n-ithim uibheacha agus cáis. Anois, a léitheoirí, sin ceist an-mhaith le cur ar an bhfeoilséantóir, mar is iomaí feoilséantóir, mo mhacasamhail féin, nach n-itheann feoil ach a d'íosfadh uibheacha, cáis, bainne agus ar uile; ach tá feoilséantóirí ann nach n-itheann a dhath a thagann ón ainmhí, agus ar ‘fíor-veigeatóirí’ iad, nó ‘vegans’ mar a deirtear sa Bhéarla. Maith sibh, a mhná na Clúide!

Smaoineamh daoibh, a léitheoirí, ó tharla gur rith sé liom agus mé ag scríobh an ailt seo. Dá mbeadh tú de shíor ag ithe i mbialann veigeatórach, áit atá ag freastal go hoifigiúil ar an bhfeoilséantóir amháin, an mbeadh tú ag súil le feoil a fháil go rialta ann? Sea. Sin mar a cheap mé. Cuir an smaoineamh sin i gcomhthéacs Gaeltachta agus Gaeilge anois.

Beatha do dhuine a thoil.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.