Friday, December 31, 2010

Beannacht

Nuair a phós mé, bhog mé as Gaillimh go Dún na nGall. Bhí mé iontach uaigneach, gan aithne agam ar aon duine anseo, ag an am. Bhí sé crua orm slán a fhágáil le mo bhaile, agus le mo mhuintir, fiú agus mé breá sásta tús nua a dhéanamh le m'fhear céile in Inis Eoghain.

Bhíodh An Garraíodóir ina shealoibrí, agus is minic a bhínn sa teach liom féin. B’iad na hoícheanta ba mheasa. Ní raibh fón againn, agus dá mbeadh féin, bheadh sé ródhaor glaoch a chur abhaile, an t-am sin.

D’airigh mé uaim glór agus comhairle m’athar, ach go háirithe. Is iomaí comhrá a bhíodh againn ar chuile ní beo, agus ar chuile ní marbh, d’fhéadfá a rá. Fear spioradálta a bhí ann, agus, thar blianta m'óige, d’éist sé le focail m’amhrais, le tuiscint agus le grá nach beag. Níor chuir sé iallach orm cloígh le haon chreideamh ach le mo chreideamh féin. Ní raibh uaidh ach go mbeinn suaimhneach le mo chuid. D’éirigh leis.

Phós mé i Mí Mheán an Fhómhair. Trí mhí ina dhiaidh sin, bhí sé ag teacht gar den Nollaig, agus bhí uaim mo mhuintir a fheiceáil arís. Bhí Nollaig gan iad romham, ó tharla An Garraíodóir ag obair, agus theastaigh uaim am a chaitheamh le mo dhream féin, roimh thús na féile.

Tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh sa bhaile i nGaillimh leo, bhí sé in am dom an turas a dhéanamh ar ais go Dún na nGall.

‘Have you a crib?’ a d’fhiafraigh m’athair díom.

‘No.’ a d’fhreagair mé féin.

Suas leis san áiléar, agus thug sé anuas an mainséar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas. Ceann nua a bhí ann, é fós ina bhosca, ach an chuma air gur chaith sé bliain nó dhó díomhaoin san áiléar, gan aige ach comhluadar na ndamhán alla, a chlúdaigh an bosca lena maisiúcháin féin, facthas dom.

‘You have one now.’ a dúirt m’athair, agus thug sé an mainséar beag, agus barróg mhór, dom.

Tá sé tríocha bliain ó bronnadh an mainséar sin orm, agus tá m'athair álainn imithe ar shlí na fírinne le fada an lá, faraor. Chuile bhliain, ag an am seo den bhliain, téim suas i m’áiléar féin, tugaim anuas an mainséar sin a thug sé dom, agus airím arís a bharróg, agus a ghrá.

Go bhfaighe sibh barróga go leor sa bhliain nua, a léitheoirí, agus go raibh grá nach beag in bhur dtimpeall.
.

4 comments:

  1. Is maith iad na nithe seo a bhuanaíonn na nascanna gaoil againn.

    Go mbá hé dhuit.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.