Wednesday, October 27, 2010

Éalú agus Éilliú

Is gearr uaim an bóthar go Gaillimh, a léitheoirí, agus as sin uaim, amárach, go Cill Airne agus An tOireachtas.

Táim gnóthach le lá nó dhó, cuairteoir as Meiriceá anseo liom, camchuairt á tabhairt againn timpeall ar Inis Eoghain. Beidh cúpla grianghraf le roinnt agam libh amach anseo. Tá radharcra na tíre seo go hálainn, agus níl Inis Eoghain easnamhach, geallaim daoibh.

Sula n-éalaím liom go Gaillimh, cheap mé gur mhaith libh na torthaí ón Corruption Perceptions Index 2010 a léamh. Mar a fheicfidh sibh, tá tírín s’againne ag uimhir 14, áit a bhfuair sí scór 8 as 10. Tá 10 ‘highly clean’ agus 0 ‘highly corrupt’. Tá 178 tír san áireamh ar an liosta. Dar le Transparency International,

‘Notable among decliners over the past year are some of the countries most affected by a financial crisis precipitated by transparency and integrity deficits. Among those improving in the past year, the general absence of OECD states underlines the fact that all nations need to bolster their good governance mechanisms. The message is clear: across the globe, transparency and accountability are critical to restoring trust and turning back the tide of corruption.

Mo chuimhne, agus níl anseo ach rámhaille uaim, ar thug sibh faoi deara gur féidir an chiall a bhaint as Consensus Talks, agus ní bheidh fágtha ansin ach Con us Talks...
.

3 comments:

  1. Comhcheilg na Comhchéille?

    Go n-éirí do bhóithre leat

    ReplyDelete
  2. Ní fheadar an é go bhfuil an sórt caimiléireachta a chleachtar sna tíortha glana níos sofaisticiúla ná sna tíortha eile agus go sainmhínítear cad is caimiléireacht ann de réir mar a oireann sé do dhaoine cumhachta éagsúla.

    Ba chóir go mbeadh tíortha an Iarthair ag bun an tábla mar thoradh ar ar dhein na bancanna. Ach féachtar! Tá tíortha an Iarthar ar bharr an tábla!

    Conas mar a rangaítear a leithéidi http://www.finfacts.ie/irishfinancenews/article_1018415.shtml mar shampla?

    ReplyDelete
  3. Sin é go díreach, a Aonghuis...:-)

    Tá sé deacair an rud sin faoi shuíomh an Irish Glass Bottle Company a thuiscint, a Ormondo, ach an gcuireann sé iontas ort?

    Feictear dom go ndearna an rialtas go leor nach dtuigim...:-(

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.