Nuair a roghnaigh mé ainm an tí seo, ní raibh baint ag an nGarraíodóir leis an scéal, beag ná mór. Bhí a fhios aige gur ainm Gaeilge a bhí ag dul ar an teach agus d’fhág sé cúram na rogha fúmsa, go mór mór ó tharla nach bhfuil an teanga seo againne ar a thoil aige, a léitheoirí. Aiféala orm faoi sin.
Cibé drochscéal é, bhí neart ainmneacha sa phota agam ach, de réir a chéile, caitheadh amach leis an uisce iad ó tharla nach raibh duine ar bith de mo chlann, ná an Garraíodóir, in ann iad a fhuaimniú mar is ceart. Leis an fhírinne a rá, níor thaitin siad liom ar aon nós, agus bhí a fhios agam go dtiocfadh an t-ainm ceart chugam nuair a thiocfadh.
Agus sin mar a tharla, lá amháin, agus mé thuas i mBaile Átha Cliath le Bean an tSléibhe. Is minic mé féin agus í féin ag útamáil linn i siopaí leabhar ar fud na tíre, agus sin é an jab a bhí idir lámha againn agus muid sa phríomhchathair an lá úd. Nuair a bhíomar útamáilte ag an útamáil, amach linn le bus a fháil abhaile. Agus an bus ag teacht inár dtreo, chonaic mé ainm an tí, agus é ina shuí go péacach ar bharr an bhus, ‘Ceann Scríbe…Áth an Ghainimh’, agus ar a shála tháinig ‘Destination…Sandyford’. Sin é a bhí uaim! Bá é an teach nua mo cheann scríbe, an áit lena raibh mé ag fanacht le blianta fada, mo ‘Journey’s End’, mar a déarfá, mo ‘Destination’.
Tá a fhios agam gur luaigh mé ‘tráthúlacht’ libh cheana, agus creidim go mbíonn cúis le go leor rudaí a tharlaíonn inár saol, gur sórt tráthúlachta atá réamhchinnte nó réamhordaithe a bhíonn i gceist leo, b’fhéidir, cé nach dtuigim féin cén fáth a gceapaim sin. Tagann daoine chugainn, agus tarlaíonn rudaí inár saol nach féidir linn a thuiscint, ach bíonn fáth go dtagann siad, agus fáth go dtarlaíonn siad. Tuilleadh faoi sin amach anseo. Ar aon nós, tháinig ‘Ceann Scríbe’ chugamsa agus mé i gcomhluadar mná a tháinig chugam tríd an tráthúlacht chéanna, agus is maitheas amháin a thug an bheirt acu isteach i mo shaol go dtí seo, buíochas le Cé?
Ar theacht abhaile dom go hInis Eoghain, scríobh mé síos na focail ‘Ceann Scríbe’ ar phíosa pháipéir, díreach mar a rinne mé le chuile rogha ainm eile a chuir mé os comhair mo theaghlaigh roimhe sin, agus ní dúirt mé a dhath ach an t-ainm a thaispeáint dóibh, duine ar dhuine, agus ‘This is the name of the new house’ a rá leo. “Oh, lovely! ‘Head Writer’.”, a dúirt An Bhean Neamhspleách agus Gráinneog. “Something to do with writing, anyway.” a dúirt an Garraíodóir agus An Pluiméir. Anois, nach bhfuil sé sin tráthúil, a léitheoirí!?
Coicís ina dhiaidh sin, tar éis “What does ‘Ceann Scríbe’ mean again?” a bheith cloiste agam míle uair ón nGarraíodóir, agus na leaganacha Béarla ‘Journey’s End’ agus ‘Destination’ tugtha agam dó míle uair ar ais, tháinig cara leis ar cuairt orainn sa teach nua, fear a bhíonn ag imirt gailf leis go rialta, agus fear atá deisbhéalach go maith. Ní raibh trácht ná tuairisc á dhéanamh againn ar ainm an tí nua agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt an cuairteoir “I don’t know how I feel about the name you gave the new house, Áine.” a dúirt sé. “Why?” a d’iarr mé féin, agus ionadh an domhain orm gur luaigh sé an t-ábhar ar chor ar bith. “Well, I’m not sure if I could live in a house that is called ‘The End of the Line’.”.
Is cosúil gur féidir an dá thráthúlacht a fhreastal.
.
Beannachtaí na Nollag 2024
3 days ago
Lean ort ag scríobadh. Tar éis, an tsaoil bíonn dhá ceann ag an scríb. Cá bhfios nach bhfuil an scríb áirithe seo in athuas, agus scóip fós ann do nathaíocht chliste!
ReplyDeleteB'fhéidir é...:)
ReplyDeleteAn-scéilín arís, a Áine! Ach... réamhchinneadh? Nach nóisean Cailvíneach é sin? ;-)
ReplyDeleteB'fhéidir é...:)
ReplyDeleteBhain do dcéilín beag gáire asam. Go maire tú do shaol úr!
ReplyDeletescéilín... mo leithscéal.
ReplyDeleteGo raibh maith agat. Is iomaí scéilín deas agat féin, a chara!
ReplyDelete