Thursday, July 30, 2009

Beannacht na gCuairteoirí

Tá dream cuairteoirí díreach ar shiúl, agus an teach le réiteach agam anois don chéad dream eile atá ag teacht ar an Satharn. Is mór liom cuideachta mo chuairteoirí, cé nach mbíonn deis agam aon scríbhneoireacht a dhéanamh nuair a bhíonn daoine thart. Bíonn na laethanta leo lán go béal, ag turasóireacht, ag ithe agus ag ól, agus ag comhrá. Is é mo thuairim, cibé faoin scríbhneoireacht, gur fiú am a chaitheamh le daoine, go háirithe leo siúd a chuireann go mór le do shaol.

Feictear dom, agus mé ag comhrá le mo chuairteoirí, daoine atá páirteach i mo shaol cé nach bhfeicim iad go rómhinic, nach mbeadh mo shaol iomlán gan iad. Tá siad sa chúlra go minic, ach is gearr uatha an bóthar a thabharfadh chuig mo thaobh iad dá mbeadh gá leis sin; dá mbeadh tacaíocht uaim, dá mbeadh ócáid le ceiliúradh, dá mbeadh ócáid le cásamh.

Tá siad ag teacht, dream i ndiaidh dreama, ag roinnt aoibhneas mo thí nua liom féin agus leis an nGarraíodóir. Tá chuile chuairt ag cur le stór na gcuimhní cinn. Tá siad ag beannú Ceann Scríbe.

Dán beag uaim:

Ó Theach go Teach

An Seanteach

Ballaí balbha maol
Tais
Ag fágáil slán
Le breacadh na beatha
Agus téagar na dúigh dofheicthe
A scríobh scéalta na staire
Ó thaisce an teaghlaigh
A chum na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo

An Teach Nua

Ballaí balbha réidh
Tirim
Ag feitheamh
Le breacadh na beatha
Agus taise na dúigh dofheicthe
A scríobhfaidh scéalta an todhchaí
Ó thaisce an teaghlaigh
A chumfaidh na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo
.

6 comments:

  1. An teach atá agat, a Áine, nó óstán? ;-)

    ReplyDelete
  2. An deas, mholfainn duit é a fháil scríofa amach go deas agus a chrochadh ar bhalla éigin i gCeann Scríbe

    ReplyDelete
  3. Tá sé mar a bheadh óstán ann, a Dennis, ach diabhal pingin a fhaighim as!

    Go raibh maith agat, a Phroinsias, ach tá obair le déanamh agam ar an dán sin fós - nós atá ag an bhfile mar is eol duit féin.

    ReplyDelete
  4. Péire dánta: go han-éifeachtach an idé í chun an sórt deighilte atá i gceist a chur in iúl.

    ReplyDelete
  5. David, fuair mé do ríomhphost agus go raibh céad míle maith agat as an gceangaltán sin den dán, i gcló Gaelach, a chur chugam.

    Go hálainn ar fad, an dóigh atá sé déanta agat. Thaitin sé go mór liom.

    Fadhb agam le gmail i láthair na huaire, mé in ann ríomhphost a fháil ach nílim in ann iad a fhreagairt ag an bpointe seo. Súil agam nach miste leat mo fhreagra a fháil ar an gcaoi seo, ach bhí mé ag iarraidh mo bhuíochas a roinnt leat ar fhaitíos go mbeadh moill orm ag deisiú an chórais ar mo ríomhaire.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.