Thursday, November 26, 2009

Lá An Altaithe

Mo bhuíochas do Róislín as an lá seo a chur i gcuimhne dom an tseachtain seo.

Tá a fhios agam go bhfuil sibh ann, i Meiriceá, a thugann cuairt ar mo bhlag go rialta, agus is mór liom bhur gcuideachta.

Tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh, go mbeidh sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta bhur gcairde, agus go mbainfidh sibh sult as an lá mór seo a bhíonn agaibh thall.
.

3 comments:

  1. Go raibh maith agat, a Áine! Dála an scéil, Lá an Altaithe a deireann muid abhus anseo de ghnáth. Ní a day of thanksgiving ach the day... atá i gceist. Turkey Day a chloistear freisin, cé nach mbeidh sé sin fíor sa teach seo. Beidh deichniúr timpeall an bhoird amárach, agus is píosa mór bradáin a bheas “i lár an aonaigh” -- toisc nach n-itheann triúr acu feoil.

    ReplyDelete
  2. Is maith liom go mbeidh do chuideachta leat, ar Lá an Altaithe!

    Tá an ceart agat maidir leis an alt, agus tá sé athraithe agam anois, in omós don rud atá dúchasach.

    Ar ndóigh, ba chóir go mbeadh gach lá ina Lá Altaithe is dócha...:-)

    Bain an-sásamh as do lá, a chara!

    ReplyDelete
  3. Bhí dearmad déanta agam gur Lá an Altaithe é an lá inniu. Tráth den saol ní bheadh sé amhlaidh agus teangmháil ar bhonn laethúil agam abhus le Meiriceánaigh. Is maith liom an nós céanna: féile le ciall ach gan bhrú. Go mbaintear sult as.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.