Bím ag cuimhneamh liom, agus mé ar cuairt ar mo cheantar dúchais, ar an am a chuaigh thart.
Cuireann áilleacht na háite seo aoibhneas ag borradh trí mo chorp, agus líonann an t-aoibhneas croí sin na spásanna ionam atá folmhaithe ó bhí mé anseo cheana.
Is dóigh liom gur ionann an scéal do dhuine ar bith a fhilleann ar cheantar a n-óige, go háirithe más rud go raibh sonas agus suáilceas le fáil go fial i rith na hóige sin, mar a bhíodh i mo chás-sa.
Tá stór cuimhní cinn m’óige lán go doras, eochair an stóir sin romham i gcónaí i gConamara.
.
Reic Leabhar ag Raidió Fáilte
1 hour ago
Tá tú as Conamara? Cainteoir dúchais, gan dabht.
ReplyDeleteIs i gConamara a rugadh mé, gan dabht, a ormondo, ach táim i nDún na nGall le tríocha bliain anois.
ReplyDeleteAn cainteoir dúchais mé? Sin ceist eile. Déanfaidh mé machnamh ar an ábhar sin agus scríobhfaidh mé faoi amach anseo. :-)
Tá tú tar éis focail a chur ar rud an-domhain agus an-spéisiúil. Sonas ort. Nuair a bhí mé féin ag snámh gar dom áit dhúchais mar a mbínn ag snámh nuair a bhí mé óg, dúirt mé 'Seo é mo Ganges.'
ReplyDeleteAthbhaisteadh ar d'óige, a Chailliomachais. :-)
ReplyDelete