Saturday, August 8, 2009

Éire na bhFáiltí

Bhí mé ag éisteacht le Liveline an lá cheana, cúrsaí chomhlacht Thomas Cook faoi chaibidil, an láithreoir ag labhairt le cúpla duine a bhí páirteach sa ‘sit-in’, lock-in, nó ‘lockout’, cibé teideal is fearr leat féin.

Bhí fear amháin ar an gclár, Brian, agus bhí sé ag cur an sit-in/lock-out i gcomparáid, shílfeá, leis an méid a tharla sa 1913 Lock-out. An comhlacht ‘British’ a thug sé ar chomhlacht Thomas Cook, cé gur thuig mé ón alt sin ar irishtimes.com go gceapann Gerry Doherty gur 'rich German-owned company' atá ann, agus go bhfuil an comhlacht ag 'deserting Ireland after 125 years', más fíor. An é go gceapann siad go bhfuil peaca sa bhreis i gceist má tá an comhlacht ‘British’ nó ina 'rich German-owned company', meas tú?

Ar ndóigh, b’fhéidir nach é sin a bhí i gceist acu ar chor ar bith, ach ní raibh an fear ar Liveline sásta leis an gcomhlacht, cibé scéal é. Agus é ag leanúint ar aghaidh lena óráid staire, é ag iarraidh muintir na tíre seo a spreagadh chun céille, is dócha, cibé ciall í sin a mhaireann ar fhuílleach na haimsire caite, dúirt sé "It takes women like this to stand up. Countess Markievicz and all the others would be proud of them."

Bhí Avril ar an gclár freisin, bean chomh cróga sin gur fhan sí, agus í beagnach réidh le páiste a bheith aici, go mídhleathach istigh i bhfoirgnimh Thomas Cook lena comhghleacaithe. Cibé arbh é an strus a bhain lena cinneadh fanacht san fhoirgneamh, nó arbh í an choscairt a bhuail í nuair a tháinig na gardaí isteach lena gcuid obair dhleathach a thabhairt chun críche, ach chinn páiste Avril a theacht ar an saol, rud a rinne sí ní ba dheireanaí sa lá, go dleathach agus go sláintiúil, san ospidéal. Agus fearadh na fáilte roimpi.

Bhí faoiseamh faighte ag Avril, shíl mé, fiú go raibh athair an linbh fós sa chúirt ag ‘purging his contempt’ mar gheall gur fhan seisean san fhoirgneamh go mídhleathach freisin. Ba léir go raibh meascán de mhothúcháin ag Avril, mar sin féin, í buartha faoin méid a bhí ag titim amach de thoradh an ‘sit-in/lock-out’ mídhleathach, ach áthas uirthi go raibh a hiníon slán sábháilte lena taobh, in ainneoin an méid a tharla.

Agus é ag tagairt don pháiste nuabheirthe, "Name?" a d’iarr an láithreoir ar an máthair chróga Ghaelach, iar-oibrí an chomhlachta ‘British’ lena raibh sí fostaithe le blianta fada. Ainm álainn. Fáilte go hÉirinn 2009, a Chelsea!
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.