Sunday, August 9, 2009

Ag Cuimhneamh

Bím ag cuimhneamh liom, agus mé ar cuairt ar mo cheantar dúchais, ar an am a chuaigh thart.

Cuireann áilleacht na háite seo aoibhneas ag borradh trí mo chorp, agus líonann an t-aoibhneas croí sin na spásanna ionam atá folmhaithe ó bhí mé anseo cheana.

Is dóigh liom gur ionann an scéal do dhuine ar bith a fhilleann ar cheantar a n-óige, go háirithe más rud go raibh sonas agus suáilceas le fáil go fial i rith na hóige sin, mar a bhíodh i mo chás-sa.

Tá stór cuimhní cinn m’óige lán go doras, eochair an stóir sin romham i gcónaí i gConamara.
.

4 comments:

  1. Tá tú as Conamara? Cainteoir dúchais, gan dabht.

    ReplyDelete
  2. Is i gConamara a rugadh mé, gan dabht, a ormondo, ach táim i nDún na nGall le tríocha bliain anois.

    An cainteoir dúchais mé? Sin ceist eile. Déanfaidh mé machnamh ar an ábhar sin agus scríobhfaidh mé faoi amach anseo. :-)

    ReplyDelete
  3. Tá tú tar éis focail a chur ar rud an-domhain agus an-spéisiúil. Sonas ort. Nuair a bhí mé féin ag snámh gar dom áit dhúchais mar a mbínn ag snámh nuair a bhí mé óg, dúirt mé 'Seo é mo Ganges.'

    ReplyDelete
  4. Athbhaisteadh ar d'óige, a Chailliomachais. :-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.