Tá bean ar m’aithne agus is mó a bá le hainmhithe ná le daoine. Is fearr léi comhluadar ainmhithe mar, dar léi, ‘They would never hurt you intentionally.’
Tá sí den bharúil, nuair a chuirim ceist faoi ainmhithe a ionsaíonn daoine, go poiblí nó ina mbaile féin, abair, nach ndéanfadh ainmhí a leithéid murach go bhfuil sé ina nádúr a áit sa saol a chosaint, nó, abair, go n-airíonn sé go bhfuil sé i gcontúirt, nó, b’fhéidir, gur caitheadh go dona leis an ainmhí sin uair éigin ina shaol, go raibh sé ‘ill-treated’ ar bhealach éigin, am éigin.
Is minic ‘his bark is worse than his bite’ cloiste agam uaithi, agus thabharfadh sí barróg d’ainmhí salach, nó fiú d’ainmhí crosta, cé go seachnódh sí an duine a bheadh, abair, sotalach, drochbhéasach, nó dímheasúil ina comhluadar.
Thar na blianta, casadh daoine orm leis na tréithe thuasluaite, iad ag caitheamh, go poiblí, agus go sotalach, drochbhéasach, dímheasúil lena gcomhghleacaithe os mo chomhair. Ní deirtear a dhath leo, ach bíonn ionadh orm, mar sin féin; ionadh fearacht an ionaidh a bhíonn orm nuair a deir úinéir madra liom, mar shampla, ‘he wouldn’t hurt you’, agus an madra sin tar éis lorg a fhiacla a fhágáil i mo chóta/craiceann, abair.
Meas tú, a léitheoir, an bhfuil iompar/drochiompar duine ar chomhchéim le drochiompar/iompar ainmhí? An é nach bhfuil i ndrochiompar an duine ach rud ‘unintentional’, an rud a eascraíonn as ‘ill-treatment’ de shaghas éigin a tharla dó ina shaol féin, b’fhéidir?
Nó, an é nach bhfuil ann ach go bhfuil sé i nádúr daoine áirithe an áit ar a bhfuil siad i gceannas a chosaint go sotalach, drochbhéasach, dímheasúil, in ainneoin thionchar a ndrochiompar ar an gcomhluadar?
.
Reic Leabhar ag Raidió Fáilte
5 hours ago
Ní dóigh liom é.
ReplyDeleteTá mianach sa duine a iompar a scrúdú agus a athrú nach bhfuil, dar liom, chomh domhain céanna san ainmhí.
Dar ndóigh, tá mianach sa duine leithscéalta a chumadh freisin...
Sea, a Aonghuis, ach meas tú an dtugann na daoine sin faoi deara gur drochiompar atá ann? B'fhéidir go gceapann siadsan gur iompar nádúrtha atá ann!
ReplyDeleteBhuel, sin anois an áit a bhfuil difear idir m'fhírinne agus d'fhírinne.
ReplyDeleteTá iompar ann ar drochiompar é, beag beann ar thuiscint an duine sin. Ní mór cabhrú leis nó léi teacht ar an dtuiscint sin, má cara nó cúram de'd chuid iad. Fiú má tá cúis cinnte leis an iompar.
Bhí mé i mbialann an tseachtain seo, an uair is deireanaí a thug mé an drochiompar thuasluaite faoi deara, agus is úinéir na háite a labhair go drochmhúinte sotalach le duine de na freastalaithe, cailín a bhí iontach cumasach agus cairdiúil, cheap mé féin.
ReplyDelete'You didn't deserve that!' a dúirt mé féin léi, agus dúirt sí go mbíonn sé mar sin go minic. Ní raibh gá ar chor ar bith leis an drochiompar sin uaidh, ach is minic a leithéid feicthe agam.
Ní thuigim cén fáth a ndéantar é!
Mo chuimhne, ní bheidh mé ar ais sa bhialann sin - sin m'fhírinne!
ReplyDeleteDá mbeadh an misneach agam, bheadh san ráite agam leis seachas léi.
ReplyDeleteAch n'fheadar a mbeadh an misneach sin agam....
'Dá mbeadh an misneach agam, bheadh san ráite agam leis seachas léi.'
ReplyDeleteBhí an cailín bocht sách náirithe, agus bhí faitíos orm go mbeadh rudaí níos measa di dá ndéarfainn a dhath - agus bhí fonn orm neart a rá! D'airigh mé uaithi go b'fhearr gan a dhath a rá leis. Murach sin...
Tá sin ann freisin, gan amhras.
ReplyDeleteVótáil le do chosa an t-aon rogha ansin. Cuireann daoine suas lena lán chun post a choinneáil, go háirithe i dtréimhsí mar seo.
Rud a thugann scóip do bhodaigh.
Tugtar “síceapatach” ar dhuine a chéasann agus a mharaíonn gan aon aiféala. Deir na heolaithe a dhéanann taighde ar an inchinn nach bhfuil sé ar a gcumas acu aiféala a mhothú, nach n-oibríonn cuid den inchinn i gceart, go bhfuil “significantly less activity in regions of the brain that generally respond to emotional stimuli”. Ós mamaigh muid uilig, is dócha go bhfuil madraí ann a bhfuil an easpa chéanna iontu.
ReplyDeleteTá rud éigin ar iarraidh, gan dabht, a Dennis!
ReplyDeleteBhí madra againn agus chaith an chéad úinéir go dona leis. Lá amháin bhí sé ina luí cois tine agus thit píosa adhmaid amach agus bhí tú in ann a chuid fionnaidh a fheiceáil ag dó ach níor bhog sé.
ReplyDeleteBíodh eagla an domhain air,áfach, riamh fhir agus bíodh orainn i gcónaí é a chur i seomra leis féin nuair a bhíodh cuairteoirí againn mar go gcaitheadh sé an t-am ar fad ag tafann. Marsin bíodh eagla ar dhaoine air ach bhí a bark i bhfad níos measa ná a bite. Níor rug sé greim ar dhuine riamh.
Braitheann iompar duine ar a lán rudaí ach measaim go bhfuil daoine áirithe ann nach bhféadfaí glacadh le h-aon mhíniúchán eile i leith a ndrochiompar ach go bhfuil stríocán éigin an olcais iontu.
ReplyDeleteIs léir, a Néidí, gur caitheadh go dona leis an madra bocht! Ní thuigim meon an té a ghortaigh an madra sin, ach an oiread le meon an fear, nó bean, a chaitheadh go dona le duine.
ReplyDeleteTáim den bharúil go bhfuil an ceart agat, a Ormondo, agus go bhfuil 'go bhfuil stríocán éigin an olcais iontu'!
Ach, cé as a dtáinig sé, mar stríocán? Ó na géinte? Óna dtaithí féin ar an saol? Deacair a rá, feictear dom...