Ní raibh mé riamh in Inis Treabhair, oileán a luíonn i gCuan Chill Chiaráin, ar an taobh ó thuaidh de Cheantar na nOileán, agus bhí áthas orm gur éirigh liom bheith anseo sa bhaile in am don ócáid bhliantúil ann, Aifreann Inis Treabhair.
Grúpa againn ag fanacht ar Chéibh Eanach Mheáin. Bhí trí churrach ag dul isteach is amach go hInis Treabhair, ár dtabhairt chuig an oileán, grúpa i ndiaidh grúpa, go dtí go raibh timpeall 100 againn istigh ann.
Currach ar an mbealach go hInis Treabhair le grúpa amháin, agus an churrach eile ar an mbealach isteach ón oileán, iad ag teacht ar ais le grúpa eile a fháil.
Grúpa ag teacht i dtír ar an gCaladh ó Dheas in Inis Treabhair. Nuair a bhí chuile dhuine bailithe le chéile ar an gcéibh ansin, shiúlamar linn chuig suíomh an Aifrinn, Caladh na Sliogán.
An altóir ar an gcéibh. Tá an sagart as Leitir Móir, Mícheál Ó Braonáin, á fheistiú féin sa chúlra.
An Chomaoineach Naofa á ghlacadh ag an Aifreann. Sa chúlra, ar chlé, tá an seanscoil náisiúnta, an scoil inar theagasc Bríd Bn. Uí Chonghaile, bean a chaith blianta fada ar an oileán, agus a bhásaigh an mhí seo caite.
Muid ag filleadh abhaile. Lá spioradálta álainn caite agam i gcomhluadar mo dhreama féin.
.
An é sin an t-oileán leis an naomh a ndéantar sórt oilithreachta ann gach bhliain?
ReplyDeleteNach trua an scéal é nach mbeidh éinne fágtha ar an oileán i ndiaidh Phatsy? Pobal agus a scéalta scaipeadh uaidh. Tá draíocht ag baint le hoileáin an cheantair sin. Is cuimhin liom snámh ar thrá gheal Maínis agus a huisce glan loinnreach. Agus gan duine ar bith eile ann. Neamh.
ReplyDeleteNíor chuala mé é sin faoin áit, a Ormondo, ach ní hé sin le rá nach dtarlaíonn sé!
ReplyDeleteTá draíocht ag baint leis, cinnte, a John, ach bheadh sé uaigneach ar an oileán, ceapaim, mura mbeadh duine cleachtaithe leis an gcineál sin saol.
ReplyDeleteSea. Dá dtiocfadh an saol nua-theicneolaíochta atá geallta dúinn le fada, le hoibrí nasctha le chéile ar an idirlíon agus gan a bheith sáite san oifig, bheadh muid uilig amuigh ar na hoileáin.
ReplyDelete