Saturday, August 7, 2010

Andúileach Leabhar

Oh, my God…’ arsa An Bhean Neamhspleách, nuair a chonaic sí carnán leabhar nua suite ar an tolg, ‘…you were let loose in a bookshop again, weren’t you!?’

Tá sí ar saoire i láthair na huaire, agus chinn sí cúpla lá a chaitheamh lena tuismitheoirí i gConamara. Nuair a shroich sí ár dtearmann aréir, chuaigh sí i dtreo an toilg, áit a raibh uirthi na leabhair nua a bhrú go leataobh, le go mbeadh sí in ann áit suí a fháil di féin.

Ar ndóigh, bhí an ceart aici. Ní féidir mo leithéid, agus cárta creidmheasa i mo ghlac agam, a scaoileadh gan sreang de shaghas éigin, agus mé istigh i siopa leabhar. Ní raibh aon sreang liom.

Ní féidir an locht a chur ar An Mháistreás, go deimhin. Ní dhearna sise tada as bealach. Síob soir chuig Cló Iar-Chonnachta a thug sí dom, ó tharla ‘cúpla leabhar uaim’, mar a dúirt mé léi. Ní raibh fáil agam ar charr ag an am, an dtuigeann sibh, agus céard a dhéanfadh cara dil ach cuidiú le cara eile, in am an ghátair. Sea.

Le bheith féaráilte, ní raibh sé i gceist agam ach cúpla leabhar a fháil – Tuar Mhic Éadaigh, Stair agus Seanchas, le Pádraig Standún, agus In Ord is in Eagar, le hAntain Mac Lochlainn, leabhair a fuair mé i gCló Iar-Chonnachta, chomh luath agus a shroich mé an áit.

Ach, gan sreang ná sábháil orm, séard a tharla ansin, an dtuigeann sibh, chonaic mé neart leabhar eile, leabhair a bhí luaite ag comhbhlagálaithe liom, nó leabhair luaite in Gaelscéal, b’fhéidir, nó leabhair a tharraing m’aird ina dtreo. Bhí mé mar a bheadh beach mheala i measc na mbláthanna, agus bhí mil chuile áit!

Cibé scéal é, a léitheoirí, bhí an t-ádh liom, agus bhí orm stopadh den cheannach tar éis uair a chloig, ó tharla an áit ag dúnadh. Ní hé go raibh Deirdre chuidiúil do mo chaitheamh amach as an áit, bíodh a fhios agaibh, ach, ahem, tháinig ciall le ham.

Thosaigh Deirdre ag suimiú, agus chuidigh An Mháistreás fhoighneach liom na 20 leabhair a cheannaigh mé a thabhairt liom abhaile.
.

5 comments:

  1. Tuigim dhuit. Is cloíte an ghalar an leabharbhá...

    ReplyDelete
  2. Ach nach iontach é chomh maith!

    "Bhí mé mar a bheadh beach mheala i measc na mbláthanna, agus bhí mil chuile áit!"

    Is deas an cur síos é sin.

    ReplyDelete
  3. @ Is deas an cur síos é sin.

    Go raibh maith agat, a Ormondo.

    @ leabharbhá

    Sin é go díreach, a Aonghuis!

    ReplyDelete
  4. In ainm Dé, seachain siopa leabhar Charlie Byrne i lár chathair na Gaillimhe ar do bhealach abhaile, a Áine. Tá sé ar nós uaimh Aladdin, mar a deirfeá. Ní sroichfidh tú Ceann Scríbe go deo arís!

    ReplyDelete
  5. Is minic mise agus mo chárta creidmheasa istigh ann, go deimhin, a John!

    Áit iontach ar fad atá ann don lucht leabharbá, le daoine cuidiúla ag obair ann, ach an oiread le Cló Iar-Chonnachta.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.