Súnámí
Tonn ollmhór ár mbá
i bhfírinne na mbréag.
Fearg ar an bhfarraige.
Tubaiste na tuile…
ag gearradh géige,
ag feannadh fréimhe,
ag céasadh cine,
ag daoradh duine,
ag sochtadh sochaí,
ag tachtadh todhchaí.
Glasbhá.
*******
Muir mhailíseach ag trá
ó Inis Fáil na nGael.
Borradh faoin bpobal.
Spiorad na sinsear…
ag gríosú géinte,
ag fuinnmhiú fréimhe,
ag ceartú cine,
ag daingniú duine,
ag saothrú sochaí,
ag treisiú todhchaí.
Glasfhás.
.
Beannachtaí na Nollag 2024
2 days ago
Maith thú!
ReplyDeleteIs maith liom na línte a thosaíonn le “ag sochtadh” agus “ag tachtadh” go háirithe.
Go raibh maith agat, a Dennis.
ReplyDeleteNá raibh fada uainn í trá na mara mailísí!!!
ReplyDeleteAgus go mbrisfear go buan fithis an ré áirithe sin a thugann ó rabharta go mallmhuir sna cúrsaí seo muid.
ReplyDeleteAna dheas.
@ 'Ná raibh fada uainn í trá na mara mailísí!!!'
ReplyDeleteagus
@ 'Agus go mbrisfear go buan fithis an ré áirithe sin a thugann ó rabharta go mallmhuir sna cúrsaí seo muid.'
Áiméan, a fheara!
Go raibh maith agat, a Aonghuis.
Go hiontach ar fad, a Áine!
ReplyDeleteDeirtear gur fearr Bé na géarchéime ná Bé an ratha. Más fíor sin beidh scoth na healaíne ag teacht amach as Inis Fáil sna blianta romhainn.
"ag sochtadh sochaí
ag tachtadh todhchaí"
Sin é go díreach. Is ar éigean is féidir liom an nuacht a chloisint ná a léamh faoi láthair.
Ach is léaró dóchais na ranna deireannacha. Is maith sin.
Beidh lá nua ag an bPaorach!
@ 'Is ar éigean is féidir liom an nuacht a chloisint ná a léamh faoi láthair.'
ReplyDeleteTuigim do chás!
Agus, go raibh maith agat...:-)