Wednesday, November 17, 2010

Doineann agus Dóchas

Súnámí

Tonn ollmhór ár mbá
i bhfírinne na mbréag.
Fearg ar an bhfarraige.

Tubaiste na tuile…
ag gearradh géige,
ag feannadh fréimhe,
ag céasadh cine,
ag daoradh duine,
ag sochtadh sochaí,
ag tachtadh todhchaí.

Glasbhá.

*******
Muir mhailíseach ag trá
ó Inis Fáil na nGael.
Borradh faoin bpobal.

Spiorad na sinsear…
ag gríosú géinte,
ag fuinnmhiú fréimhe,
ag ceartú cine,
ag daingniú duine,
ag saothrú sochaí,
ag treisiú todhchaí.

Glasfhás.
.

7 comments:

  1. Maith thú!

    Is maith liom na línte a thosaíonn le “ag sochtadh” agus “ag tachtadh” go háirithe.

    ReplyDelete
  2. Ná raibh fada uainn í trá na mara mailísí!!!

    ReplyDelete
  3. Agus go mbrisfear go buan fithis an ré áirithe sin a thugann ó rabharta go mallmhuir sna cúrsaí seo muid.

    Ana dheas.

    ReplyDelete
  4. @ 'Ná raibh fada uainn í trá na mara mailísí!!!'

    agus

    @ 'Agus go mbrisfear go buan fithis an ré áirithe sin a thugann ó rabharta go mallmhuir sna cúrsaí seo muid.'

    Áiméan, a fheara!

    Go raibh maith agat, a Aonghuis.

    ReplyDelete
  5. Go hiontach ar fad, a Áine!

    Deirtear gur fearr Bé na géarchéime ná Bé an ratha. Más fíor sin beidh scoth na healaíne ag teacht amach as Inis Fáil sna blianta romhainn.

    "ag sochtadh sochaí
    ag tachtadh todhchaí"

    Sin é go díreach. Is ar éigean is féidir liom an nuacht a chloisint ná a léamh faoi láthair.

    Ach is léaró dóchais na ranna deireannacha. Is maith sin.

    Beidh lá nua ag an bPaorach!

    ReplyDelete
  6. @ 'Is ar éigean is féidir liom an nuacht a chloisint ná a léamh faoi láthair.'

    Tuigim do chás!

    Agus, go raibh maith agat...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.