A bhuí d’Aonghus, chonaic mé an nath cainte ‘srón muice le tóin muice’ in alt le Gabriel Rosenstock san Irish Times, agus é ag tagairt don tranglam tráchta sin ‘bumper to bumper’.
Bhí ‘srón le tóin’ feicthe agam cheana, agus chuir mé ceist ar An Dómhnallach faoi ‘bumper to bumper’ – ar cuardach leagan dúchasach a bhí mé, an dtuigeann sibh, dá mbeadh a leithéid ann.
‘Tá rud éigin le ‘builcín’ ann, b’fhéidir..’ ar sí.
‘Builcín!’ arsa mé féin, ‘Céard é ‘builcín?’
‘Bheul, abair dá mbeadh daoine sa chistin agam anois, agus dá ndéarfainnse leo ‘déan builcín’, bheadh orthu lámha a chur timpeall ar ghuaillí a chéile…’
‘…mar a dhéanann damhsóirí i gCaidhp.’ arsa mé féin.
‘Sin é go díreach!’ arsa an bhean chliste, agus bhí sé mínithe go maith aici, mar fhocal, mar tháinig mé ar an míniú seo in ‘Focail as Irisleabhair Éagsúla srl’;
‘builcín, 1 beithíoch 7c. óg ramhar, 2 scata beag, 3 cnuasach áirithe réaltaí, 4 ceathrar le chéile ag casadh thart sa 'half-set' Celtica 19, 12 ‘
Dar le focal.ie, is ‘pledget’ nó ‘wad’ atá ann, agus in FGB, lch 156, ‘Cártaí a chur ina mbuilcín’ atá aige do ‘to stack cards’, agus tá ‘knot’, ‘tangle’, ‘source of distress, of discord’ ann mar mhíniú ar bhuilcín, chomh maith le ‘water-bag’.
Maidir le ‘water bag’, sé sin ‘The membranous sac filled with amniotic fluid that protects a fetus during pregnancy. Also called bag of waters.’ dar le dictionary.reference.com.
Nach bhfuil sé sin iontach, a léitheoirí! Focal beag fearacht ‘builcín’, agus an bheatha féin istigh ann!
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
3 days ago
Céard faoi "tuairteoir go tuairteoir"?
ReplyDeleteAch béarlachas aistrithe a bheadh ann, is dóigh liom.
GRMA agat, a Áine, as ucht an fhocail nua.
"Tuairteoir le tuairteoir" a bhí i gceist agam!
ReplyDeleteTá mé thar a bheith sásta le "srón le tóin". Tá sé gonta agus tuairisciúil. Tá comhardadh ann, rud atá deas i gcónaí i gcor cainte. Agus tá earthiness dúchasach ag baint leis.
ReplyDelete"Tá boladh mo thóna aige!"
ReplyDeleteÍomhá nach bhfuil ró-dheas ach atá cloiste agam sa bhéarlagiar chun cur síos ar dhuine a bhíonn ró-chóngarach duit nó ag siúl i do dhiaidh an t-am uilig. Níl fhios agam an bhféadfaí é a chur in oiriúínt don 'bumper to buper'.
Aontaím leat, a Dennis. Tá an leagan sin breá soiléir, fiú don fhoghlaimeoir, nó don té a thuigfeadh 'srón’ agus ‘tóin', ach nach n-aithneodh 'tuairteoir' ar an toirt, b'fhéidir, a Ormondo.
ReplyDeleteIs dócha go mbeadh an leagan sin uaitse, a Phroinsias, feiliúnach don té a bheadh ag tiomáint an chairr atá sáinnithe sa tranglam tráchta, agus, cibé faoin íomhá, táim buíoch díot as an nath cainte sin a roinnt anseo, le go mbeidh léitheoir nó dhó, an scríbhneoir seo ina measc, in ann úsáid a bhaint as amach anseo.
Anois, ar aghaidh linn, gualainn ar ghualainn...
An-mhaith, a Mhise Áine. Agus ós ag caint ar thranglam tráchta dúinn, chuala mé gurb é an focal a bhí ag Máirtín Ó Cadhain air sin: ainleog san iomluail!
ReplyDeleteNíor chuala mé é sin riamh - an bhfaca tú é scríofa aige in aon áit, a Chailliomachais?
ReplyDeleteTá sé suimiúil mar nath, ach ní dóigh liom go bhfuil sé/go raibh sé in úsáid go rialta, i gConamara ar aon nós...
Ní cheapfainn gur úsáid aon duine seachas Máirtín é. An té a dúirt liomsa é, thug sé le fios go bhfaca sé i scríbhinn de chuid an Chadhanaigh é. Ach ní fhaca mise.
ReplyDeleteMar a deirtear, an Ghaeilge is fearr, sin Gaeilge dho-thuigthe (srannadh na muc, in An Béal Bocht, mar a tharlaíonn!).
ReplyDelete