Thursday, January 28, 2010

Focail Liom, Focail Leat

A bhuí d’Aonghus, chonaic mé an nath cainte ‘srón muice le tóin muice’ in alt le Gabriel Rosenstock san Irish Times, agus é ag tagairt don tranglam tráchta sin ‘bumper to bumper’.

Bhí ‘srón le tóin’ feicthe agam cheana, agus chuir mé ceist ar An Dómhnallach faoi ‘bumper to bumper’ – ar cuardach leagan dúchasach a bhí mé, an dtuigeann sibh, dá mbeadh a leithéid ann.

‘Tá rud éigin le ‘builcín’ ann, b’fhéidir..’ ar sí.

Builcín!’ arsa mé féin, ‘Céard é ‘builcín?’

‘Bheul, abair dá mbeadh daoine sa chistin agam anois, agus dá ndéarfainnse leo ‘déan builcín’, bheadh orthu lámha a chur timpeall ar ghuaillí a chéile…’

‘…mar a dhéanann damhsóirí i gCaidhp.’ arsa mé féin.

‘Sin é go díreach!’ arsa an bhean chliste, agus bhí sé mínithe go maith aici, mar fhocal, mar tháinig mé ar an míniú seo in ‘Focail as Irisleabhair Éagsúla srl’;

builcín, 1 beithíoch 7c. óg ramhar, 2 scata beag, 3 cnuasach áirithe réaltaí, 4 ceathrar le chéile ag casadh thart sa 'half-set' Celtica 19, 12 ‘

Dar le focal.ie, is ‘pledget’ nó ‘wad’ atá ann, agus in FGB, lch 156, ‘Cártaí a chur ina mbuilcín’ atá aige do ‘to stack cards’, agus tá ‘knot’, ‘tangle’, ‘source of distress, of discord’ ann mar mhíniú ar bhuilcín, chomh maith le ‘water-bag’.

Maidir le ‘water bag’, sé sin ‘The membranous sac filled with amniotic fluid that protects a fetus during pregnancy. Also called bag of waters.’ dar le dictionary.reference.com.

Nach bhfuil sé sin iontach, a léitheoirí! Focal beag fearacht ‘builcín’, agus an bheatha féin istigh ann!
.

9 comments:

  1. Céard faoi "tuairteoir go tuairteoir"?

    Ach béarlachas aistrithe a bheadh ann, is dóigh liom.

    GRMA agat, a Áine, as ucht an fhocail nua.

    ReplyDelete
  2. "Tuairteoir le tuairteoir" a bhí i gceist agam!

    ReplyDelete
  3. Tá mé thar a bheith sásta le "srón le tóin". Tá sé gonta agus tuairisciúil. Tá comhardadh ann, rud atá deas i gcónaí i gcor cainte. Agus tá earthiness dúchasach ag baint leis.

    ReplyDelete
  4. "Tá boladh mo thóna aige!"
    Íomhá nach bhfuil ró-dheas ach atá cloiste agam sa bhéarlagiar chun cur síos ar dhuine a bhíonn ró-chóngarach duit nó ag siúl i do dhiaidh an t-am uilig. Níl fhios agam an bhféadfaí é a chur in oiriúínt don 'bumper to buper'.

    ReplyDelete
  5. Aontaím leat, a Dennis. Tá an leagan sin breá soiléir, fiú don fhoghlaimeoir, nó don té a thuigfeadh 'srón’ agus ‘tóin', ach nach n-aithneodh 'tuairteoir' ar an toirt, b'fhéidir, a Ormondo.

    Is dócha go mbeadh an leagan sin uaitse, a Phroinsias, feiliúnach don té a bheadh ag tiomáint an chairr atá sáinnithe sa tranglam tráchta, agus, cibé faoin íomhá, táim buíoch díot as an nath cainte sin a roinnt anseo, le go mbeidh léitheoir nó dhó, an scríbhneoir seo ina measc, in ann úsáid a bhaint as amach anseo.

    Anois, ar aghaidh linn, gualainn ar ghualainn...

    ReplyDelete
  6. An-mhaith, a Mhise Áine. Agus ós ag caint ar thranglam tráchta dúinn, chuala mé gurb é an focal a bhí ag Máirtín Ó Cadhain air sin: ainleog san iomluail!

    ReplyDelete
  7. Níor chuala mé é sin riamh - an bhfaca tú é scríofa aige in aon áit, a Chailliomachais?

    Tá sé suimiúil mar nath, ach ní dóigh liom go bhfuil sé/go raibh sé in úsáid go rialta, i gConamara ar aon nós...

    ReplyDelete
  8. Ní cheapfainn gur úsáid aon duine seachas Máirtín é. An té a dúirt liomsa é, thug sé le fios go bhfaca sé i scríbhinn de chuid an Chadhanaigh é. Ach ní fhaca mise.

    ReplyDelete
  9. Mar a deirtear, an Ghaeilge is fearr, sin Gaeilge dho-thuigthe (srannadh na muc, in An Béal Bocht, mar a tharlaíonn!).

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.