Sunday, October 31, 2010

Oireachtas i gCill Airne, Cuid III

Mar a dúirt mé, tá sé deacair freastal ar na himeachtaí uilig i rith an Oireachtais. Tá an oiread sin ag dul ar aghaidh, go gcaithfear, go minic, rogha a dhéanamh idir na himeachtaí éagsúla, rud nach bhfuil éasca, in amanna.

Mar sin féin, d’éirigh liom blaiseadh a fháil d’fhormhór acu. Tráthnóna Dé hAoine, chuaigh mé go dtí an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha. Bíonn an-spraoi ag an gcomórtas seo, mar déantar scigaithris ar chuile ní beo sna hamhráin, feictear dom.

Bhí Bertie Ahern agus é ‘sa chófra’ luaite i gcúpla amhrán, agus bhí seanadóir ar leith agus a chostais taistil luaite níos mó ná uair amháin, freisin. Bhí amhrán faoi fhear agus a iPhone cliste aige, le go gceapfadh daoine go raibh sé féin cliste. Bhí amhrán caointe ann d’Enda Kenny, agus d’éirigh leis an amhránaí na focail ‘pyjama’, ‘Nama’, agus ‘Obama’ a bheith mar rím aige san amhrán, creid é nó ná creid.

Is í Nóirín Ó Dálaigh as Trá Lí a tháinig sa dara háit lena hamhrán faoi Thierry Henry agus a ‘lapa mór groí’, le Seán Ó Gráinne as na Forbacha i nGaillimh ag tabhairt leis an chéad duais, dá amhrán faoi na nithe sin a chuireann sé Ar An Méar Fhada. Bhí, ahem, lán na lámh le cloisteáil…

Mo chuimhne, is é Páidí Ó Lionard a bhí ina láithreoir ag an ócáid seo, agus bhí sé thar barr, cheap mé féin; é deisbhéalach agus nádúrtha, rud a chuir go mór leis an gcraic, agus leis an gcraic ag na hócáidí eile maidin Dé Sathairn, nuair a bhí sé ina fhear an tí, arís, do Chomórtas 28, Agallamh Beirte, agus do Chomórtas 29, Sceitse. Tuilleadh fúthu siúd i mblagmhír eile.

Pé scéal é, ar aghaidh liom, ón gComórtas Amhrán Nua-Chumtha, go dtí Comórtas 26, An Scéalaíocht. Tá an comórtas seo ann d’iomaitheoirí nár bhuaigh duais cheana i gcomórtas scéalaíochta, agus bíonn buaiteoir an chomórtais cáilithe le páirt a ghlacadh sa phríomhchomórtas scéalaíochta ar an Satharn.

Caitlín Uí Chochláin ghalánta a bhí ina bean an tí don imeacht seo, agus sé Tomás Ó Lúing as Trá Lí a bhuaigh, le duais speisialta ag dul go Bernadette Nic Suibhne as Anagaire; cailín óg álainn, arbh é a chéad uair aici i gcomórtas scéalaíochta na ndaoine fásta. Cé go raibh mé deireanach ag teacht chuig an gcomórtas, chuala mé os cionn leath de na scéalta, agus bhain mé sult ar dóigh astu, idir scéalta Fiannaíochta agus scéalta faoi mhná nach raibh chomh cliste sin, b’fhéidir. Na, ahem, fir a scríobh na scéalta sin fadó, is dóigh liom. Sea.

Thosaigh Comórtais 28 agus 29 luath maidin Dé Sathairn, ag a 10 r.n., agus chuir sé iontas orm gur éirigh leis an oiread sin daoine bheith sa lucht féachana, ó tharla Club na Féile oscailte chuile oíche go dtí go mbíonn sé deireanach go maith, le ceol, craic agus damhsa do chách; é lán go doras, go hiondúil. B’fhéidir nach mise an t-aon duine amháin a chuaigh i mo luí sách luath.

‘Sé mo thuairim féin ná go meallann na himeachtaí daoine, is cuma iad ar siúl luath nó mall. Tuilleadh uaim ar ball, a léitheoirí. Caithfear bricfeasta a ithe anois, an dtuigeann sibh.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.