Nuair a dhúisigh mé ar maidin, ní i mo leaba féin a bhí mé, agus ní raibh an Garraíodóir le mo thaobh, ach an oiread. Mar sin féin, bhí suaimhneas ar leith i mo chomhluadar, an cineál suaimhnis sin a thagann nuair a bhím ar ais i mo cheantar dúchais, ar ais le mo dhream féin.
I láthair na huaire, tá mo mhuintir uile sa bhaile. Chaitheamar trí lá agus oíche i mBaile Átha Cliath, ar ragairne ag bainis mo nia, agus d’éirigh linn uile ár mbealach a dhéanamh abhaile arís, go slán sábháilte, in ainneoin na drochaimsire agus na mbóithre sleamhna.
Cé nach sa bhaile atáim, is sa mbaile a airím, mar sin féin. Sé an radharc thuas a bhí romham ar maidin nuair a d’éirigh mé, agus chinn mé an grianghraf a ghlacadh agus a roinnt libh, a léitheoirí, le go bhfeicfidh sibh an fharraige agus na sléibhte lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.
Maidir leis an nGarraíodóir bocht, an fear lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan, thug sé frídíní uile Bhaile Átha Cliath abhaile leis go Ceann Scríbe. Tá sé ag tabhairt aire mhaith de na hainmhithe uile thuas, agus ag tabhairt an-aird ar an bhfliú sin a thug sé ar ais leis, freisin.
Tá An Bhean Neamhspleách in éineacht leis, ag tabhairt aire mhaith dó. Ceapaim. Chuir sí scairt orm aréir, agus ní ar a hathair a bhí a haird dírithe, ach ar Shióg.
Tá An Bhean Neamhspleách in éineacht leis, ag tabhairt aire mhaith dó. Ceapaim. Chuir sí scairt orm aréir, agus ní ar a hathair a bhí a haird dírithe, ach ar Shióg.
“He was so excited to see us, Mum!” a dúirt sí, “He missed us all terribly.” dar léi.
“Just listen to him purring, and say hello to him.” a dúradh liom, agus í ag cur an fóín le cluas an chait, an t-ainmhí lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.
“Just listen to him purring, and say hello to him.” a dúradh liom, agus í ag cur an fóín le cluas an chait, an t-ainmhí lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.
“How’s my favourite man?” arsa mé féin isteach san fhón, mo mhuintir uile timpeall orm i gcistin mo dheirféar, ag éisteacht le chuile fhocal uaim, gan an dara rogha acu ach éisteacht, mar is ann a bhí mé, ina gcomhluadar, nuair a tháinig an glaoch ar m’fhón póca. Lean mé orm ag caint le Sióg, dearmad glan déanta agam ar an dream i mo thimpeall.
“You are the best ever…” arsa mé féin, mé ag labhairt go ceanúil agus le grá nach beag,
“…and it won’t be long before I am back to give you a big hug, and I won’t leave you ever again…” a dúirt mé, agus chríochnaigh mé an comhrá leis le póg mhór mhillteach,
“Mwah!”.
Bhí chuile dhuine sa chistin ag breathnú orm nuair a mhúch mé an fón.
“So, how is he feeling now?”, a d’fhiafraigh duine acu.
“Who?” a d’fhiafraigh mé féin.
“Your husband!” a d’fhreagair duine eile acu.
“I’d better ring back.” arsa mé féin…
M'anam ach gur bhain sin gáire asam. Bíseach luath ag an nGarraíodóir.
ReplyDeleteGiota deas scéilíneachta! Agus is álainn an bronntanas dúinn an grianghraf sin. (Sibhse amuigh ansin, tá leagan mór de ar fáil ach cliceáil air.)
ReplyDeleteIs maith an seanchas é - agus grianghraf álainn lena h-ais!
ReplyDeleteGRMMA. Mar chúlra ar mo scáileán atá sé anois.
ReplyDelete