Friday, October 2, 2009

Toradh

Gabh mo leithscéal, a léitheoirí, as sibh a thréigeann le lá nó cúig. Ní hé nach raibh mé ag iarraidh bheith in bhur gcuideachta, ach bíonn laethanta ann agus téann m’aire ar seachrán áit éigin eile, agus ní théim in aice le ríomhaire ná le hidirlíon go dtí go dtagann m’aire ar ais chucu, as a stuaim féin. Is ábhar iontach neamhspleách atá inti, mar aire, agus ní féidir srian a chur uirthi, rud a thuigfidh na scríbhneoirí uile atá á léamh seo, agus, seans, roinnt mhaith de na léitheoirí freisin.

Tá an t-am seo den bhliain crua go leor orainn mar chlann, mar is cothrom an ama seo, dhá bhliain ó shin, a bhásaigh mo dheirfiúr. Shílfeá go mbeadh an bhuairt ag maolú rud beag anois, ach is ábhar iontach neamhspleách atá sa bhuairt freisin, agus ní féidir srian ama a chur léi. Go deimhin, is minic go mbíonn an bhuairt agus an aire sheachránach i gcomhluadar a chéile ar bhóthar an bhróin, agus is fearr scaoileadh leo. Filleann siad, arís is arís eile.

Ar maidin, táim ag léamh liom trí na blaganna éagsúla. Tá Proinsias ag insint dom gur éirigh le Tadhg an duais a bhaint don bhlag is fearr ag bronnadh dhuaiseanna liteartha an Oireachtais i mbliana; agus gur thug Proinsias é féin, agus Doiminic Mac Giolla Bhríde, corn Francie Mooney, d’amhrán nuachumtha, abhaile leo go Dún na nGall. Maith sibh uile, a fheara, agus comhghairdeas ó chroí libh!

Proinsias ag meabhrú faoi phionós an bháis in alt eile leis, agus cé go dtuigim go rómhaith na mothúcháin a bheadh ag tuismitheoir ar bith maidir le péidifiligh, táim ag réiteach le teachtaireachtaí Aonghuis agus Dennis faoin alt sin, agus bheinn amhrasach faoi phionós an bháis ‘ar eagla na heagla’.

An méid sin ráite agam, cá bhfios domsa cé na mothúcháin a bheadh agam i leith a leithéide de phionóis dá mbeadh mo pháiste féin ar dhuine de na páistí sin a goineadh? Cá bhfios d’aon duine againn céard a dhéanfadh muid, nuair nach orainn atá bróga an té a goineadh, nó nuair nach orainn atá bróga na ndaoine muinteartha leo? Tá sé éasca focail a roinnt ar an ábhar seo, ach níl fulaingt éasca, agus bím airdeallach ar m’fhocail i gcásanna mar seo ar fhaitíos go gcuirfinn le fulaingt aon léitheoir.

Sin mo thuairim maidir leis an nginmhilleadh freisin. Bím airdeallach ar m’fhocail. Tá an t-ábhar luaite ag Aonghus ina alt Brilléis an tAire Éadochais, ina bhfuil na Magdalene Laundries luaite aige freisin. Cibé faoi na mná bochta sin a goineadh, gan trócaire, sna neachtlanna, tá ‘réiteach’ fhadhb an ghinmhillte á chur thar lear againn, mar a bheadh muid cosúil leis na moncaithe anseo, Mizaru agus Kikazaru go háirithe; muid rud beag cosúil le Shizaru freisin, shílfeá, lenár lámha trasna a chéile againn agus muid ag breathnú ar na mná ag imeacht leo thar lear, muid neamhchiontach mar nach dtarlódh a leithéid sa tír seo. Ní cheadódh muid é. Sin ár ‘réiteach’? Sea.

Tharla rud eile cothrom an ama seo, tríocha bliain ó shin. Tháinig an Pápa Eoin Pól II go hÉirinn. Ní raibh mé féin ná an Garraíodóir páirteach sna himeachtaí, ná san fhéile. Bhí an bheirt againn le taobh leaba mo mháthar san ospidéal, páiste nuabheirthe aici lena taobh, leaid breá mór, mo dheartháir, é aon phunt déag nuair a rugadh é. Níor baisteadh Eoin ná Pól air mar ar tharla sé, cé gur ar dháta na cuairte sin a rugadh an duine is óige de chlann mo thuismitheoirí.

Dar liomsa an lá sin, agus is mar sin atá an scéal liom fós, nach i reiligiún atá iontais an tsaoil le fáil, nach i reiligiún atá freagraí ár bhfadhbanna ná dóchas an todhchaí le fáil, ach sa rud atá chomh nádúrtha álainn soineanta le súile an linbh a bhí os mo chomhair an lá sin.

Sílim go gcaithfear nádúr agus soineantacht an linbh a chosaint, is cuma cé leis iad, is cuma cén fáth ann dóibh. Go dtí go mbeidh gach fear agus bean in ann ‘sin scéal iontach!’ a rá, le fáilte agus le fírinne, ar chloisteáil faoi thoircheas, go dtí go nglacfaidh muid uile le gach toircheas le tuiscint, le freagracht, le tacaíocht agus le grá, tá soineantacht na beatha i mbaol.

Aontaím le hAonghus, ‘Bhí muid soineanta faoin Eaglais agus an saol an uair sin.’, formhór againn ar aon nós. B’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn dearcadh úr a bheith againn anois.

Bhain mé sult as na físeáin a chuir Dennis, Tadhg, agus Scott faoi mo bhráid. Cé nár thuig mé focail Vitaa ar fhiseán Scott, bhí an fhuaim éasca ar na cluasa, agus Vitaa í féin éasca ar na súile. Tuigim go rómhaith fadhbanna an Dubhaltaigh bhoicht agus é ag dul anonn is anall idir agus Níl inné. Tá mo vóta caite agam ó mhaidin, agus an dóigh liom go mbeidh an bua ag lucht . Is dócha. B’fhéidir. Níl a fhios agam...

Con ag cíoradh Mhic Carthaigh agus Cowen arís, slán leo!an slánaitheoirí iad? b'fhéidir – níl mé cinnte. Tá Tim ar ais ar bhóthar na foghlama arís, go n-éirí go geal leis. B’fhéidir nach ógánach anois tú, mar a dúirt tú féin, a Tim, ach tá súil agam go mbainfidh tú sult as an bhfoghlaim, mar is minic gur milse í agus aois ina cuideachta, rud beag cosúil le fíon.

Tá na laonna fós idir lámha ag Ormondo, é féin agus An Codú chomh ciúin liom féin na laethanta seo. Tá Cailliomachas agus Séamus socair freisin, gan focal ó HilarySeánÓJennifer ó bhí mé thall leo go deireadh. Tá Micilín é féin gan chaint, diabhal drochscéal ná scéal dóchais uaidh, agus tá Róislín ag plé le hArthur fós.

Sos beag uainn uile anois, b'fhéidir. Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a chairde uile.
.

13 comments:

  1. ní théim in aice le ríomhaire ná le hidirlíon
    Is sláintiúil an rud é sos beag mar sin.

    ReplyDelete
  2. Ana dheas. Alt mhaith "Cad a deir na blaganna" anseo agat!

    go dtí go nglacfaidh muid uile le gach toircheas le tuiscint, le freagracht, le tacaíocht agus le grá, tá soineantacht na beatha i mbaol.

    M'anam ach gur fíor sin.

    ReplyDelete
  3. A Mhise Áine achoimre maith ar na blaganna, ciall ceannaithe agat. Bhí alt suimiúil sa Times inniú ag John Waters ina bhfuil sé ag rá go bhfuil cuáirt éile ón bPápa Benedict dé dhith orainn sa ré Iar-Thiogair.

    ReplyDelete
  4. A Áine, is tour-de-force é do chamchuairt ar na blaganna.

    Chuala mé an clár de chuid Máirtín Tom Sheáinín (an bhliain caite?) aus chuaigh an scéal agus an dán "Ciara na Gruaige Rua" go mór i bhfeidhm orm.

    Bíonn drogall orm de ghnáth ar chúis éigin tagairt a dhéanamh dó ach bhásaigh mo dheirfiúr fhéin cothrom na seachtaine seo caite naoi mbliana ó shin nuair a leag leoraí í agus í ar siúlóid gar dá teach cónaithe.

    Ar dtús ba ar éigean go rabhas in ann an "seanfhocal" a chreidiúint go "leigheasann an t-am..." ach, buíochas le Dia, dealraíonn sé gur amhlaidh atá.

    Tránn an bhuairt agus filleann an suaimhneas agus an sonas arís de réir a chéile.

    ReplyDelete
  5. ‘Tránn an bhuairt agus filleann an suaimhneas agus an sonas arís de réir a chéile’

    Tuigim sin, a Ormondo, agus tá a fhios agam go dtiocfaidh an lá sin chugam, am éigin. Tá súil agam, ar aon nós. Ní raibh a fhios agam faoi do dheirfiúr, ach d'airigh mé ionbhá i do dhán 'Nóin Mheán Fomhair/September Noon. Is mar gheall air sin a chuir mé mo dhán 'When Autumn Comes' chugat le ríomhphost. Súil agam go bhfuair tú é, a chara.

    Níl an t-alt sin léite agam fós, a John, ach tá sé priontáilte agam le léamh. Go raibh maith agat as mé a chur ar an eolas faoi. Bíonn smaointe suimiúla ag John Waters, agus is fiú éisteacht leo, bíodh muid ar aon tuairim nó ná bíodh…

    Táim ar aon intinn libh, a Dennis agus a Aonghuis, an geábh seo…:-)

    ReplyDelete
  6. "ach d'airigh mé ionbhá i do dhán 'Nóin Mheán Fomhair/September Noon."

    Ba é téama an dáin ar dtús ná an t-atmaisféar a bhraithim sa chathair ag an tráth sin den bhliain (an suaimhniú tar éis an tsamhraidh, na mothúcháin chumhacha agus an faoiseamh, b'fhéidir) agus nuair a bhí sé scríofa agam, nár mhór, rith liom go n-oirfeadh sé leis an téama eile a chur in iúl freisin.

    Buíochas mór as na ríomphoist - ach ní bhfuair mé an ceann a luaigh tú thuas.

    Beir bua.

    ReplyDelete
  7. A Mhise Áine an bhfuil aon teoiric agat faoi cén fáth ar votáil muintir Dún na nGall igcoinne Conradh Liospón.Beidh "spin" ann nách bhfuil sé ag féachaint go maith don Tánaiste Máire Ní Chochláin.

    ReplyDelete
  8. 'Sé mo thuairim nár éist an rialtas le teachtaireacht mhuintir na háite seo nuair nár éirigh le Cecelia Keaveney an t-am deireanach.

    Tá an áit ligthe i ndearmad ag chuile rialtas le blianta, feictear dom, agus san áit a mbíonn folús, tá sé éasca ag lucht an 'People died for your freedom...'agus lucht an 'anger into action' an folús sin a líonadh, an ceart agus an (ahem!) cóir sin acu, ar ndóigh.

    Maidir le ceantar Mhary, samhlaíonn daoine folús eile, ceapaim...:-)

    ReplyDelete
  9. 'rith liom go n-oirfeadh sé leis an téama eile a chur in iúl freisin'

    Feictear dom, a Ormondo, nach bhfuil sa scribhneoir, go minic, ach uirlís ag an dán. Is cuma cén smaoineamh atá agam féin nuair a thosaím ar dhán a scríobh, bíonn a theachtaireacht féin le tabhairt ag an dán don saol, agus beidh an teachtaireacht sin le fáil sna focail agus an dán scríofa.

    Chuir mé an dán 'When Autumn Comes' chugat arís inniu, agus súil agam go bhfuair tú é an t-am seo...:-)

    ReplyDelete
  10. Is breá tuisceanach an achoimre sin uait. Go raibh maith agat. Samhlaím bláthú tar éis sosa leis - na pabhsaetha ar fad ina ndathanna difriúla ag teacht amach faoi ghrian an chineáltais.

    ReplyDelete
  11. Is maith liom an samhlú sin, a Chailliomachais...:-)

    ReplyDelete
  12. Mar a deir Eyore, go raibh maith agat as a bheith do mo thógáil faoi deara.

    ReplyDelete
  13. do mo thabhairt faoi deara, sin a rá!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.