Wednesday, June 9, 2010

Big Brother

Ar fhaitíos go bhfuil aon duine agaibh, a léitheoirí, le suim agaibh sa chlár ‘Big Brother’, beidh sé ar ais ar an scáileán anocht, ar Channel 4, ag a 9 i.n.

Seo an uair dheireanach, deirtear, a bheas orainn éisteacht le muintir an tí sin, agus ní dochar é sin. Tá a rás rite ag an gclár, i mo thuairim, cé go n-admhaím gur bhreathnaigh mé air go minic thar na blianta. Mar sin féin, le blianta beaga anuas, ní raibh an tsuim chéanna agam ann.

Nuair a thosaigh sé, bhraith mé go raibh mé ag breathnú ar dhaoine dáiríre, daoine le fadhbanna/uaillmhianta/dóchais an tsaoil á mealladh agus á stiúradh chun saibhris/clú/cáil de shaghas éigin a bhaint amach ina saol. Cé nárbh iad a mianta mo mhianta féin, thuig mé go raibh daoine ann a shantaigh na nithe sin, agus chuir mé suim ina mbeathascéalta, é mar mhana agam, go minic, ‘murach grásta mo Ché…’

Ar ndóigh, tá a fhios agam gur roghnaíodh na rannpháirtithe uile le go mbeadh páirt lárnach acu sa teach, páirt a mheallfadh lucht féachana. Ní dóigh liom go ndeachaigh na léiritheoirí thar fóir ag lorg daoine ciallmhara stuama staidéaracha, cé go raibh a leithéid ann, ó am go chéile. Ceapaim.

Cibé scéal é, le blianta beaga anuas, d’airigh mé go raibh an tsoineantacht imithe, más rud gur féidir a rá go raibh soineantacht riamh ann, ar ndóigh, agus ní raibh suim agam sna beathascéalta a thuilleadh. Bíodh mé ceart nó mícheart, aisteoirí a chonaic mé ar an scáileán. Bhí an daonnacht agus an nithiúlacht ag éalú uainn de réir a chéile.

Cá bhfios dom, a léitheoirí, ach b’fhéidir gur mar sin atá...
.

3 comments:

  1. Seo scéal duit faoi Big Brother, a Áine. Bhí sean-bhall den chlár i mo rang Gaeilge san ollscoil anseo i gCardiff ar feadh coicíse. An cuimhin leat an leaid óg Breatnach "Glyn", trí nó ceithre bhlian ó shin? Bhí sé ann ag deireadh na sraithe, sílim, ach níor bhuaigh sé. Ní raibh cumas na Gaeilge aige, an leaid bocht, agus ní fhaca mé arís é. Ach bhaineas sult as 'celeb student' a mhúineadh ar feadh tamaillín!

    ReplyDelete
  2. Is cuimhin liom é. Más buan mo chuimhne, bhíodh sé féin agus cailín eile as an mBreatain Bheag, Imogen, ag labhairt Breatnaise lena chéile go minic.

    Chonaic mé an clár anocht. Éagsúlacht go leor ann arís i mbliana...:-)

    ReplyDelete
  3. Sin an buachaill. Tá sé ag staidéar Breatnaise anois san ollscoil. Ní dhéarfainn go bhfuil mórán eile dóibh san ollscoil anois!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.