Chuaigh mé féin agus Bean an tSléibhe go Gaoth Dobhair inniu. Stopamar anseo agus ansiúd.
Seo chugaibh cuid de radhairc áille an chontae seo, Dún na nGall, grianghraif a ghlac mé agus muid ar bhóthar na camchuairte.
Gleann Nimhe ar an mbóthar go Dún Lúiche
Fothraigh na seaneaglaise i nGleann Nimhe
Gleann Bheatha
An Earagail
An Earagail ó óstán An Chúirt
Bhí béile blasta againn san óstán, taitneamh na gréine ag cur go mór leis an taitneamh a bhaineamar féin as an lá.
.
‘Veganuary’ - leideanna ó MarthaTheVegan
1 day ago
GRMA as na grianghrafanna! Níl an Earagail chomh mór le Fuji nó Ranier nó Shasta, ach tá sí chomh maorga céanna.
ReplyDeleteIs aoibhinn liom an Earagail, a Dennis!
ReplyDeleteCreidim féin go bhfuil rud éigin 'maorga' faoi chuile shliabh a fheicim.
Má bhíonn sléibhte, farraige, crainn agus mo dhream féin thart orm, bíonn mo bheannachtaí liom.
Bhuel, is maith liom mo ríomhaire glúine, agus mo chat, agus cúpán caife na maidine freisin...:-)
Iontach! GRMA. Agus gan míoltóg ar bith le feiceáil in aon áit. Mo leithscéal. Níor cheart dom é sin a rá. Tá na radhairc go hálainn.
ReplyDelete