Thursday, June 10, 2010

Ar Camchuairt

Chuaigh mé féin agus Bean an tSléibhe go Gaoth Dobhair inniu. Stopamar anseo agus ansiúd.

Seo chugaibh cuid de radhairc áille an chontae seo, Dún na nGall, grianghraif a ghlac mé agus muid ar bhóthar na camchuairte.

Gleann Nimhe ar an mbóthar go Dún Lúiche


Fothraigh na seaneaglaise i nGleann Nimhe


Gleann Bheatha


An Earagail


An Earagail ó óstán An Chúirt


Bhí béile blasta againn san óstán, taitneamh na gréine ag cur go mór leis an taitneamh a bhaineamar féin as an lá.
.

3 comments:

  1. GRMA as na grianghrafanna! Níl an Earagail chomh mór le Fuji nó Ranier nó Shasta, ach tá sí chomh maorga céanna.

    ReplyDelete
  2. Is aoibhinn liom an Earagail, a Dennis!

    Creidim féin go bhfuil rud éigin 'maorga' faoi chuile shliabh a fheicim.

    Má bhíonn sléibhte, farraige, crainn agus mo dhream féin thart orm, bíonn mo bheannachtaí liom.

    Bhuel, is maith liom mo ríomhaire glúine, agus mo chat, agus cúpán caife na maidine freisin...:-)

    ReplyDelete
  3. Iontach! GRMA. Agus gan míoltóg ar bith le feiceáil in aon áit. Mo leithscéal. Níor cheart dom é sin a rá. Tá na radhairc go hálainn.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.