Friday, June 11, 2010

Corn an Domhain

Cuirfear tús le Corn an Domhain inniu, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as, a léitheoirí.

Ó am go chéile, beidh mé féin ag breathnú ar chluiche nó dhó, cé nach mbeidh an tsuim chéanna agam ann, ó tharla nach mbeidh ár ndream féin ag glacadh páirte.

Sin mise, ar ndóigh, ach tá a fhios agam go mbeidh na mílte ag coinneáil súil ghéar ar chuile chic agus bharróg.

A bhuí le MercatorNet, tháinig mé ar an bhfíseán seo ar maidin, agus creidim féin gurb é, ahem, ceann de na cluichí is fearr é dá bhfaca mé riamh.

Bainigí sult as, agus as na cluichí uile, a chairde an choirn.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.