Showing posts with label Dia. Show all posts
Showing posts with label Dia. Show all posts

Thursday, March 18, 2010

Fírinne

Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine, ar fud na tíre seo ach go háirithe, atá iontach buartha faoin méid atá ag titim amach san eaglais Chaitliceach i láthair na huaire.

Tá an dá thaobh á gcloisteáil agam, daoine a chreideann go mba chóir don Chairdinéal Brady seasamh síos óna phost anois díreach, agus tá daoine ann a chreideann go mba chóir dó fanacht. Sin mar atá an saol. Gach duine agus a chreideamh féin aige nó aici, gach duine agus a fhírinne féin aige nó aici.

Bhí mé ag éisteacht leis an gclár Prime Time an lá cheana. Bhí ‘Cardinal Fighting for Survival’ mar ábhar ar an gclár, agus bhí Helen McGonigle ag labhairt as Nua Eabhrach. Is mar ‘Attorney and victim of Brendan Smith’ a labhair Helen, agus is fiú éisteacht léi anseo, más mian libh dearcadh an íospartaigh sin a chloisteáil.

Seo ceist amháin a chuir an láithreoir, Miriam O’Callaghan, ar Helen, ‘We had a priest on earlier, a respected theologian, he was saying that vengeance, in fact, perhaps, might not be good at the end of the day, for people like you who are victims, calling for heads, that kind of thing?’

An freagra ó Helen, ‘Vengeance. This is not about vengeance, this is about seeking truth, justice and exposing crimes. There were a lot of victims of Smyth that attempted suicide, or committed suicide. An individual, like a priest, is going to say that this is about vengeance! It’s about secrecy. It’s about harbouring paedophiles. And victims and bystanders alike should be standing up to these people and seeking the truth and the justice, and demanding that the files be opened, the files of Brendan Smyth, and other clerics. This isn’t about vengeance. It’s about trying to reform a morally bankrupt church’

Ní dóigh liom go bhféadfadh an scéal bheith níos soiléire ná sin, a léitheoirí, ach, sin mo thuairim, bean nach bhfuil ‘religious’, mar a déarfá.

Agus, chuir Miriam an cheist seo ar Helen, ‘Are you religious?’

An freagra ó Helen, ‘I am very spiritual, but I am not religious. I distinguish between the two. I don’t adhere to the practice of the Catholic faith as a religious institution. I don’t believe in the institution. I lost faith in it. It is, as I said, morally bankrupt. I’m a spiritual person. I believe in God, and I don’t believe that I need a middle man for my connection with God, or to communicate with God, or a middle man to give me the word of God…’

Agus, is dóigh liom go bhfuil sé sin sách soiléir, freisin, a léitheoirí, domsa ar aon nós. Tá ár bhfírinne féin ag chuile dhuine againn, Dia, Allah, Yahweh, srl., nó an fhírinne a mhaireann gan aon ‘middle man’ ann, agus tá an ceart sin againn uile, ach an rogha sin a bheith againn gan tromaíocht de shaghas ar bith. Sin mo thuairim.

Maidir leis an méid atá ag titim amach san eaglais Chaitliceach i láthair na huaire, níor chóir go mbeadh aon fhírinne á ceilt. Sin mo thuairim. Mo chuimhne, agallamh iontach eile a chuala mé i rith na seachtaine le cloisteáil anseo, más mian libh, a léitheoirí - Gerry Ryan ag labhairt le Fr. Brian D’Arcy. Maith thú, a Fr. Brian...
.

Wednesday, February 3, 2010

Nathanna Cainte

‘Sé Dia a chas thart thú’ arsa mo chol ceathrair, focail bhuíochais uaithi i dtreo na mná a thairg milseog bhreá mhór di. Bhí mo chol ceathrair ar ‘diet’ le dhá mhí, an dtuigeann sibh, cloch mheáchain caillte aici agus ba ‘treat’ beag a thairg úinéir flaithiúil na milseoige di, sórt duais mar gur éirigh léi gan rud ar bith milis a ithe le dhá mhí, is dócha.

Ach, is cuma faoi sin. Níl ansin ach ‘dála an scéil’, mar gurb é an ‘Sé Dia a chas thart thú’ an t-aon rud a mheall m’aird ag an am, cé gur ith mé slám den mhilseog freisin, caithfear a admháil.

Shamhlaigh mé, ar feadh nóiméad nó dhó, ar chloisteáil na bhfocal sin ó mo chol ceathrair, muc ag casadh ar bior, ach bhí a fhios agam nach raibh baint ar bith aige sin leis an méid a dúirt sí, ach gur ag gabháil buíochais a bhí sí. Cibé áit ina raibh bean na milseoige ag dul, chas Dia thart í, sheol i dtreo mo chol ceathrair í, agus ba ó Dhia a tháinig an mhilseog, is dócha.

Is féidir úsáid a bhaint as an mbriathar ‘cas’ le haghaidh ‘casfaidh mé leat ag an mbialann’, dá mba rud go raibh fonn ort bualadh le duine éigin, agus slám milseoige a ithe tú féin.

Má thagann duine le dea-scéal, nó le féirín deas, chugat, agus más rud go bhfuil tú buíoch, agus más rud go gcreideann tú a leithéid, is féidir leat ‘M’anam, ach sé Dia a chas thart thú!’ a rá, cheapfainn; ach feilfidh ‘Go raibh maith agat’, mura bhfuil leagan dúchasach cráifeach uait, agus más rud go bhfuil béasa agat, ar ndóigh.
.

Thursday, December 3, 2009

Ceart, Cóir agus Comharsanacht

Bhuel, agus ní chuireann sé seo iontas ar bith orm, bhí Gerry Willie Ó Fátharta ar ais arís ar Iris Aniar, ar Raidio na Gaeltachta, ar maidin, lena scéal, go dáta, a roinnt linn.

Is léir go raibh an-suim ag na héisteoirí sa mhéid a bhí le rá ag Gerry, ach an oiread liom féin.

Coinnígí súil anseo, agus chomh luath agus a bheidh clár na maidine seo ann, Déardaoin, 03 Nollaig, 2009, le Gerry Ó Fátharta, éistigí leis, a léitheoirí, mar is fiú go mór an chuid eile den scéal uaidh a chloisteáil.

Chuir Eibhlín, an láithreoir, ceist air, ag deireadh an chláir ‘Céard é an rud is tábhachtaí?’

D’fhreagair Gerry, ‘Ceart, cóir, agus comharsanacht – agus a bheith go deas le daoine.’

Go mba hé daoibh, a chairde!
.

Wednesday, December 2, 2009

Gerry Willie Ó Fátharta

Má bhíonn deis agaibh, is fiú éisteacht anseo leis an méid a dúirt Gearóid Ó Fátharta le hEibhlín Ní Chonghaile ar chlár Iris Aniar an tseachtain seo caite. Is iar-shagart é Gerry Willie, mar is fearr aithne air, agus tá sé ‘ag plé an méid a bhí le rá ag Easpag Chill Dá Lua, Willie Walsh, faoi go bpléifí os ard an t-imeallú agus an choinneáil amach atá an Eaglais a dhéanamh ar aicmí áirithe daoine’.

Níor chuala mé iomrá ar an bhfear seo roimhe, cé gur as Conamara é, ach bhí mé iontach tógtha leis an méid a bhí le rá aige, agus é á rá le tuiscint, agus le léargas iontach ar an méid atá ag tarlú san eaglais i láthair na huaire, agus le fada, go deimhin.

Ní raibh mé ag súil le Gerry a chloisteáil arís ar maidin, ach is mar sin a tharla. Bhí mé amuigh ag siúl, ó tharla an lá go breá, agus an aimsir agus mé féin ar fónamh rud beag, agus bhog mé cnaipe mo raidió go Raidió na Gaeltachta. Táim buíoch do chíbe Cé a thug deis dom an t-agallamh seo a chloisteáil, mar fanfaidh scéal Gerry liom go brách, ceapaim.

Chaith Gerry Willie cúpla bliain sa tSile ó 1978-80, áit ar thug sé faoi deara go raibh na daoine faiteach, cé nár thuig sé an fáth go hiomlán go dtí gur oirníodh é in Éirinn i 1982, agus gur fhill sé ansin ar pharóiste eile sa tSile, áit i bhfad ní ba bhoichte. ‘Tosach saoil’, dar leis, a bhí i ndán dó ansin, áit a bhfaca sé brúidiúlacht rialtas míleata Phinochet á cur i bhfeidhm ar na daoine bochta ann - ‘bochtannas spiorad’ mar a thug Gerry air, gan cead labhartha ag na daoine ann; a saoirse caillte acu.

Go bhfóire Cé orainn, ach d’inis Gerry scéalta millteanacha ar an gclár faoin mbrúidiúlacht sin, agus faoi thoradh an chiaptha a chonaic sé ann. Chlis a ghlór air go minic, an tocht á thachtadh agus é ag meabhrú dúinn na rudaí a tharla sa tSile. An rud a chur de dhroim seoil é, an rud a d’fhág go raibh air an tSile a fhágáil, ná gur thosaigh an ghéarleanúint ar a chairde féin, daoine áitiúla lena mbíodh sé ag imirt sacair i gclub ann; géarleanúint a thosaigh mar gheall go raibh siad cairdiúil leis-sean.

Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go dtí an Bhrasaíl, i 1985. Labhraíonn sé ar an am a chaith sé ansin, an bhrúidiúlacht ansin níos measa ná an tSile, dar leis. Labhair sé ar a chreideamh buan sa ‘preferential option for the poor’, creideamh a thug isteach é, mar shéiplíneach, ag obair i bpríosún ansin, le dul i gcabhair ar na daoine bochta istigh ann; daoine, dar leis, nach raibh coir ar bith déanta ag cuid acu, ach iad istigh in ‘ifreann’ le ‘ceithre bhalla’ timpeall air, a dúirt sé.

I 1994, cuireadh ordú dlíthiúil air an tír a fhágáil, nuair a labhair sé amach faoin drochíde mhillteanach a bhí fear homaighnéasach ag fáil sa phríosún sin, fear a cailleadh dhá lá ina dhiaidh sin. Níor fhág Gerry. I 1995, bronnadh saoirse na cathrach i gcathair Salvadóir na Brasaíle air, saoirse a bronnadh ar Nelson Mandela agus ar Desmond Tutu roimhe.

Láimhseáil Eibhlín Ní Chonghaile scéalta Gerry le híogaireacht, le bá agus le tuiscint, rud a theastaigh, ó am go chéile, mar a chloisfidh sibh má éiríonn libh éisteacht leis an agallamh, rud a mholfainn daoibh a dhéanamh, am éigin.

Tá scéal Gerry iontach suimiúil. Bhí sé ag obair, mar shagart, leis na boicht ar feadh 20 bliain i Meiriceá Theas. Sa chlár seo, labhraíonn sé faoina shaol mar shagart, saol a thosaigh sna seachtóidí agus é ocht mbliana déag d’aois, go dtí gur thit sé i ngrá i 1997.

Beidh sé ar ais ar Iris Aniar, amach anseo, leis an gcuid eile dá scéal a insint. Is fada liom go gcloisfidh mé é.
.

Saturday, November 28, 2009

Ceart á Cheilt

Más buan mo chuimhne, bhí mé sé bliana d’aois an chéad uair a thug mé é faoi deara. Ar ndóigh, b’fhéidir gur tharla sé ní ba luaithe ná sin, ach sin an chéad chuimhneamh atá agam féin ar an rud. Is léargas é a d’fhan liom ar feadh mo shaoil. Níor athraigh mé m’intinn riamh ar an ábhar. Agus, is mar sin a airím fós, bíodh mé ceart nó mícheart.

Cleachtadh don Chéad Chomaoineach a bhí ann, agus bhí mé ar mo ghlúine ag ráille na haltóra ag an séipéal i dTír an Fhia. Bhí ár rang iomlán, rang a haon, is dócha, saor ó ranganna na scoile, agus bhí na múinteoirí ár réiteach don Chéad Chomaoineach, ócáid a bhí le bheith ann go gairid ina dhiaidh sin.

Bhí an múinteoir, agus cuiditheoir, taobh istigh de na ráillí, ar thaobh na haltóra, agus bhí muidne, rang a haon, ar ár nglúine, ar an taobh eile de na ráillí. Bhí an múinteoir ag glacadh áit an tsagairt, ag dáileadh amach na bpíosaí d’abhlann, agus ag rá ‘Corp Chríost’. Bhí an cuiditheoir á leanúint leis an bpaiteana, agus á chur faoi smigeanna na bpáistí, ar fhaitíos go dtitfeadh an ‘comaoineach’ ar an urlár, de thimpiste. Rud millteanach a bheadh ann dá dtitfeadh an ‘comaoineach’, rud a chonaic mé ag tarlú geábh i séipéal Leitir Móir, agus is dráma é atá fós ar shúile m’aigne, cé nach raibh mé ach an-óg ag an am.

Cibé scéal é, bhí mise ar dhuine de na páistí deireanacha sa líne ag na ráillí ag an gcleachtadh, agus bhí mé ag coinneáil súil ghéar ar mo chomhghleacaithe, le cinntiú go ndéanfainn féin an rud ceart, an rud a bhí a dhéanamh acusan, bhí súil agam – lámha le chéile, abair ‘áiméan’ nuair a déarfadh an múinteoir ‘Corp Chríost’, cuir do chloigeann siar, dún do shúile, cuir amach do theanga, glac leis an gcomaoineach, dún do bhéal, cloigeann síos arís in ómós, coisriceann tú féin, éirigh go réidh agus go cúramach, agus siúl leat go dtí do shuíochán, cloigeann síos go hómósach.

Is cuimhin liom an fhainic a fuaireamar maidir leis an gcomaoineach a bhí anois inár mbéal – gan d’fhiacail a ligean in aice leis, sé sin le rá, ná cogain é, ar ór ná ar airgead, agus gan é a shlogadh, más buan mo chuimhne, go dtí go rabhamar ar ais sa suíochán as ar thángamar; agus é a shlogadh ansin, i gcuideachta paidre, súile dúnta arís, cloigeann síos arís, in ómós.

An faitíos a bhíodh orm féin, agus is fiorfhaitíos a bhíodh ann, ná go rachainn isteach sa suíochán mícheart ar mo bhealach ar ais - nílim iomlán cinnte nach peaca marfach a bheadh ansin freisin, dá dtarlódh a leithéid – agus is minic fonn múisce orm teann faitís go ndéanfainn é, nó go gcuirfinn m’fhiacail ar an gcomaoineach. Go sábhála cibé Cé sinn, ach ní raibh sé ceart, ar chor ar bith, an cineál sin faitís a bheith ar pháiste, ach sin mar a bhíodh, agus sin mar a d’fhulaing mise ag lámha an chreidimh a brúdh orm ag an am.

Ar aon nós, bhí mé ar mo ghlúine ag na ráillí, lá úd an chleachtaidh, agus bhí an múinteoir ag teacht níos gaire. Thosaigh an fonn múisce arís, an faitíos ag méadú i rith an ama, an faitíos go ndéanfainn botún, an faitíos go dtitfeadh an ‘comaoineach’ ar an urlár. Cé nach raibh ann ach cleachtadh, bhí mé iontach buartha, mar sin féin. Agus rith an smaoineamh liom an lá sin, gan mé ach sé bliana d’aois, ‘Níl sé seo ceart!’.

Níor athraigh m’intinn ón léargas sin ó shin. Ní raibh sé ceart an t-am sin, agus níl sé ceart fós, go gcuirfeadh aon chreideamh, ná aon sagart, an oiread sin faitís i gcroí páiste. Ach tharla sé, agus tharla rudaí i bhfad níos measa ag lámha na sagart. Chan chuile shagart, ach i bhfad barraíocht acu, mar is eol dúinn anois.

Agus, níos measa arís, bhí daoine istigh agus taobh amuigh den eaglais ar an eolas faoi, agus lig siad leis leanúint ar aghaidh, in áit amháin nó in áit eile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Agus, níos measa ná sin arís, chuidigh siad leis an gceilt, agus, dá bhrí sin, chuir siad leis an bpian, agus chuidigh siad leis na sagairt an faitíos a mhéadú i gcroíthe na bpáistí soineanta.

Ní raibh sé sin ceart.
.

Saturday, October 10, 2009

Focail na bpáistí

Sular thosaigh an cluiche sin thíosluaite, nach luafar níos mó, chaith mé an lá ag obair ar dhráma greannmhar, as Gaeilge, do pháistí meánscoile. Níl a fhios agam an mbeidh sé greannmhar nó nach mbeidh, ach bhí mé féin ag gáire liom agus mé á scríobh.

Teastaíonn gáire agus greann uainn uile, agus is maith liom é nuair a fhaighim ríomhphost a chuireann fonn gáire orm, go háirithe cinn a bhaineann le focail pháistí. Níl dabht ach go bhfuil rud éigin álainn faoi shoineantacht na bhfocal a labhraíonn agus a scríobhann siad.

Tháinig an ceann seo thíos chugam anocht. Is cuma cén ‘Cé’ atá ar d’aithne, is dóigh liom go mbainfidh tú sult as focail shoineanta na bpáistí. Bhain mise.

Wednesday, September 9, 2009

Diamhasla greannmhar?

Éist liom anois, a léitheoirí, mar táim ag dul fainic bheag a fhágáil libh – ná héist leis an bpíosa seo ó youtube más rud gur duine goilliúnach atá ionat maidir le cúrsaí creidimh. ‘Religion is bullshit’ an t-ainm atá ar an taifeadadh, mar sin bígí ag súil leis an rud atá sibh ag súil leis óna leithéid de theideal.

Fear darbh ainm George Carlin atá ann, fear a dúirt a leithéid ‘Atheism is a non-prophet organisation', agus ‘I have as much authority as the Pope, I just don’t have as many people who believe it’ , agus ‘I was thinking about how people seem to read the Bible a whole lot more as they get older; then it dawned on me - they're cramming for their final exam’ , agus ‘Religion is just mind control’.

Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a chloisfidh greann san áit a gcloisfidh daoine eile diamhaslú. Agus sin mo cheist. An greann nó diamhasla atá sa taifeadadh, i do thuairim?

.

Thursday, July 23, 2009

Creideamh agus Eolaíocht

Tá ábhar iontach suimiúil faoi chaibidil inniu ag an bhfear i ngarraijohnnymhorgan, faoin teideal ‘Ceartchreidmheacht na heolaíochta’. Barúlacha suimiúla ag na rannpháirtithe uile sa gharraí inniu, agus is fiú súil a chaitheamh orthu le léargas na bhfear uasal sin a léamh, i mo thuairim. Chuir sé mise mé féin ag machnamh, mar is iondúil leis, muise. Cá bhfuil an fhírinne le fáil? San eolaíocht nó sa chreideamh?

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, go bhfuil mo chreideamh féin agamsa faoin gcraic seo. ‘Sé mo bharúil nach bhfuil an fhírinne ar eolas ag aon duine, i ndáiríre, ach go bhfuil go leor daoine amuigh ansin a chreideann gur acusan amháin atá an fhírinne. Múnlaíonn siad a gcreideamh dá réir sin, as cibé leabhair a fheileann agus, in amanna, is roghnú ‘a la carte’ atá déanta acu, anseo agus ansiúd. Agus tá an ceart sin acu, is léir.

Ach, agus is ‘ach’ mór agam é seo, an bhfuil sé de cheart acu an creideamh sin a bhrú ar dhaoine eile, le bata, beart agus briathar a chuireann faitíos agus scéin i bhfeidhm ar an lucht leanúna atá faoina smacht? Sea, is minic gurb é an ‘smacht’ agus ní an ‘rogha’ a choinnigh, agus a choinníonn fós, cuid de na creidimh seanbhunaithe ag imeacht, feictear dom. Níl aon diamhaslú i gceist leis an tuairim sin, an bhfuil? Deacair a rá na laethanta seo.

Maidir leis an eolaíocht, an rud atá fíor inniu, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhréag amárach, cé nach d’aon turas a tharlódh a leithéid, ceapaim, agus tá súil agam. Tá na modhanna tástála de shíor ag feabhsú, gach dul chun cinn ag cur leis, nó ag baint den toradh a chuaigh roimhe. Níl a fhios ag aon duine againn céard iad na fíricí atá fós amach romhainn ó na heolaithe ach, ar a laghad, chomh fada agus is eol dom, caithfidh siad fianaise láidir bhuan a thabhairt leis na fíricí sin.

Meas tú céard a tharlódh dá nglanfaí amach chuile chuimhne de chreideamh as aigne na ndaoine atá beo sa lá atá inniu ann, agus dá gcuirfí na leabhair chreidimh agus eolaíochta sin uile i bhfolach áit éigin, gan ag daoine ach a meonta féin as an nua, mar a déarfá, saor ón stair?

An mbeadh gá le creideamh ar bith ansin, nó an dtosódh daoine ag múnlú arís, ag scríobh leabhair chreidimh úra, nó ar thóir na fírinne tríd an eolaíocht? Agus, dá mbeadh siad, agus iad ag cumadh na leabhar nua seo, ag rá go raibh siad ag cloisteáil glór duine éigin ag labhairt leo ón spéir, abair, agus go raibh an duine sin ag moladh cuid de na rudaí atá molta sna leabhair chreidimh reatha, cén láimhseáil a gheobhaidh siad ó na húdaráis stát ansin? ‘Gabh mo leithscéal, cloiseann tú glór ag teacht as cén áit?’ an chéad cheist a chuirfí, b’fhéidir. Bheadh eolaithe ansin ag fanacht le tástálacha a dhéanamh orthu, b’fhéidir. Meas tú cén freagra a gheobhaidís?

Ach, níl ansin ach ‘cuir i gcás’ uaimse, an bhean mheánaosta atá de shíor ag machnamh agus ar thóir na fírinne nach bhfuil faighte agam i leabhar ar bith fós. Idir an dá linn, tá na fir fós ag scríobh, agus tá mise fós ag léamh.
.

Saturday, June 27, 2009

Teorainneacha

Tá cara linn an-tinn i láthair na huaire; an galar sin, ailse, ag réabadh léi trína cholainn, é ag fulaingt go huafásach, pian nach bhfuil tuillte aige ná ag a bhean, atá go mór i ngrá leis. Tá an t-am seo iontach deacair orthu mar lánúin. Tá os cionn tríocha bliain caite acu le chéile agus is gearr uatha an t-am nuair a fhágfaidh an bás deighilt eatarthu, scaradh nach mbeadh riamh ann, sílim, a fhad agus a bheadh an bheirt acu beo. Ní leo an rogha, faraor. Ná labhair liom ar mhíorúiltí, le bhur dtoil. Níl fonn orm a leithéid a chloisteáil i láthair na huaire dothuigthe seo. Aiféala orm faoi sin.

Ar ndóigh, níl a fhios ag aon duine againn cén méid ama atá againn anseo. D’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh an bás chugainn gan muid ag súil leis, gan an chinnteacht chéanna ann agus atá maidir leis an bhfear bocht luaite thuas; d’fhéadfadh go n-imeodh duine nó dhó againn roimhe fiú. Sin mar atá an saol, agus níl a dhath de dhifear eadrainn agus an fear tinn sin ach go bhfuil a fhios againn, gar go maith, cén teorainn ama atá aigesean. Tá a sheal linn ag teacht chun críche, agus is maith atá a fhios agam é.

Níl mé iomlán cinnte an bhfuil an inghlacthacht chéanna ag a bhean bhocht. Tá sí ag streachailt léi, mar a bheadh sí ag séanadh na fírinne nó ag iarraidh neamhaird a dhéanamh den fhírinne. “That is probably her way of coping.” a dúirt an Garraíodóir liom ar maidin, mé féin agus é féin inár suí cois na habhann, an ghrian ár mbeannú lena gathanna, an nádúr go socair ag éisteacht lenár gcomhrá ciúin. “It just seems so unfair.” a dúirt mé féin.

Cuireann rudaí mar seo mearbhall orm, agus cuireann sé fonn orm éirí agus cic sa tóin a thabhairt do Cibé Cé atá i gceannas ar na cinntí seo. Agus sin ceist eile! Cé hé, nó Cé hí, Cé? An bhfuil a leithéid ann ar chor ar bith? Cén sórt duine an Cé seo a thógfadh fear cineálta lách ón saol seo agus a d’fhágfadh dúnmharfóirí, éigneoirí agus fuathaitheoirí ban saor ó phionós agus ó pháis?

Agus, ó tharla an t-ábhar faoi chaibidil agam, an bhfuil a dhath ann tar éis an bháis? An é nach bhfeicfimid arís, go brách na breithe, iad siúd atá imithe romhainn, ar 'shlí na fírinne' mar a thugtar air? Céard í an 'fhírinne' sin, agus cá bhfuil 'an tslí'?

Bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, nach ag iarraidh freagraí uaibh atáim. Tá a fhios agam go rómhaith go bhfuil a fhreagra féin ag gach duine, go bhfuil a fhreagra féin ag gach reiligiún, go bhfuil bhur ndearcadh féin agaibh uile maidir leis an mbás, agus maidir le céard atá i ndán dúinn nuair a sciobann sé leis muid ón saol seo. Tá an ceart sin agaibh, agus tá an ceart ag gach duine eile bhur ndearcadh a dhiúltú, más mian leo.

Ar ndóigh, sin mo thuairim. Tá daoine ann a déarfadh nach bhfuil an ceart sin agaibh, ná agamsa, nach bhfuil ann ach an Cé amháin, cibé Cé sin. Agus cá bhfios dúinn nach aonarachtfor-eagna de shaghas éigin atá i gceannas ar an mbeatha agus ar an mbás? Agus, más ea, cén modh oibre atá i bhfeidhm aige/aici a phiocfadh an fear maith thar an drochfhear?

Ná tugaigí aird ar bith orm, a léitheoirí. Rámhaille an mhachnaimh sheachránaigh atá ag treorú mo mhéara inniu. Ach, Cé nó Céard atá ag treorú mo smaointe….
.

Saturday, April 18, 2009

Súile chun Spéire

Is iomaí uair a chaithim mo shúile chun spéire nuair a chloisim rudaí a chuireann iontas, nó fiú déistin, orm. Fanann na súile sin thuas ansin, agus mo chluasa mar chomhluadar acu, agus bíonn siad ag déanamh iontais don mhéid a fheiceann siad, agus a chloiseann siad, ón stáitse sin. Is minic go gcastar fearg, brón, fuarchúis, alltacht agus meascán mearaí eile de mhothúcháin orthu agus iad thuas ar an stáitse sin. Faraor, is minic ceann nó dhó de na mothúcháin sin ag teacht anuas i dteannta mo shúile, agus sin mar ar tharla an tseachtain seo.

Chuala mé cúpla clár ar an raidió a chuir mo shúile ar rith chun spéire arís. Mar ar tharla sé, bhí siad san áireamh ag Ruth Buchanan ar Playback ar maidin inniu, agus is fiú éisteacht leis na píosaí sin, atá le fáil ag an Playback Podcast ag http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_playback.xml.

Is clár 57 nóiméad atá ann, ach is féidir na cinn a chuir mo shúile sa siúl a fháil idir 44.28 – 47-55 (Paddy O’Gorman ar an O’Malley Estate i Luimneach ar ‘Today with Myles Dungan’, Dé hAoine) agus idir 47.59 – 52.16 (Damien O’Reilly ar ‘Liveline’, Déardaoin).

Théis an méid sin a bheith déanta agat, má bhíonn na focail ‘cic sa tóin!’, nó ‘go bhfóire Dia orainn!’ ar bharr do theanga agat, tuigfidh mé do chás.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.