Tá cara linn an-tinn i láthair na huaire; an galar sin, ailse, ag réabadh léi trína cholainn, é ag fulaingt go huafásach, pian nach bhfuil tuillte aige ná ag a bhean, atá go mór i ngrá leis. Tá an t-am seo iontach deacair orthu mar lánúin. Tá os cionn tríocha bliain caite acu le chéile agus is gearr uatha an t-am nuair a fhágfaidh an bás deighilt eatarthu, scaradh nach mbeadh riamh ann, sílim, a fhad agus a bheadh an bheirt acu beo. Ní leo an rogha, faraor. Ná labhair liom ar mhíorúiltí, le bhur dtoil. Níl fonn orm a leithéid a chloisteáil i láthair na huaire dothuigthe seo. Aiféala orm faoi sin.
Ar ndóigh, níl a fhios ag aon duine againn cén méid ama atá againn anseo. D’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh an bás chugainn gan muid ag súil leis, gan an chinnteacht chéanna ann agus atá maidir leis an bhfear bocht luaite thuas; d’fhéadfadh go n-imeodh duine nó dhó againn roimhe fiú. Sin mar atá an saol, agus níl a dhath de dhifear eadrainn agus an fear tinn sin ach go bhfuil a fhios againn, gar go maith, cén teorainn ama atá aigesean. Tá a sheal linn ag teacht chun críche, agus is maith atá a fhios agam é.
Níl mé iomlán cinnte an bhfuil an inghlacthacht chéanna ag a bhean bhocht. Tá sí ag streachailt léi, mar a bheadh sí ag séanadh na fírinne nó ag iarraidh neamhaird a dhéanamh den fhírinne. “That is probably her way of coping.” a dúirt an Garraíodóir liom ar maidin, mé féin agus é féin inár suí cois na habhann, an ghrian ár mbeannú lena gathanna, an nádúr go socair ag éisteacht lenár gcomhrá ciúin. “It just seems so unfair.” a dúirt mé féin.
Cuireann rudaí mar seo mearbhall orm, agus cuireann sé fonn orm éirí agus cic sa tóin a thabhairt do Cibé Cé atá i gceannas ar na cinntí seo. Agus sin ceist eile! Cé hé, nó Cé hí, Cé? An bhfuil a leithéid ann ar chor ar bith? Cén sórt duine an Cé seo a thógfadh fear cineálta lách ón saol seo agus a d’fhágfadh dúnmharfóirí, éigneoirí agus fuathaitheoirí ban saor ó phionós agus ó pháis?
Agus, ó tharla an t-ábhar faoi chaibidil agam, an bhfuil a dhath ann tar éis an bháis? An é nach bhfeicfimid arís, go brách na breithe, iad siúd atá imithe romhainn, ar 'shlí na fírinne' mar a thugtar air? Céard í an 'fhírinne' sin, agus cá bhfuil 'an tslí'?
Bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, nach ag iarraidh freagraí uaibh atáim. Tá a fhios agam go rómhaith go bhfuil a fhreagra féin ag gach duine, go bhfuil a fhreagra féin ag gach reiligiún, go bhfuil bhur ndearcadh féin agaibh uile maidir leis an mbás, agus maidir le céard atá i ndán dúinn nuair a sciobann sé leis muid ón saol seo. Tá an ceart sin agaibh, agus tá an ceart ag gach duine eile bhur ndearcadh a dhiúltú, más mian leo.
Ar ndóigh, sin mo thuairim. Tá daoine ann a déarfadh nach bhfuil an ceart sin agaibh, ná agamsa, nach bhfuil ann ach an Cé amháin, cibé Cé sin. Agus cá bhfios dúinn nach aonaracht nó for-eagna de shaghas éigin atá i gceannas ar an mbeatha agus ar an mbás? Agus, más ea, cén modh oibre atá i bhfeidhm aige/aici a phiocfadh an fear maith thar an drochfhear?
Ná tugaigí aird ar bith orm, a léitheoirí. Rámhaille an mhachnaimh sheachránaigh atá ag treorú mo mhéara inniu. Ach, Cé nó Céard atá ag treorú mo smaointe….
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
2 days ago
Go raibh suaimhneas ag do chairde, agus agatsa. Tagann an cladhaire úd chughainn ar fad, luath nó mall.
ReplyDeleteCeist atá ag crá an chine ón tús an cheist seo, ceist nach bhfuil aon ealú uaidh.
Monuar, tá ceist baininscneach. Níl éalú uaithi, mar sin!
ReplyDeleteBhí mé ar tí sliocht as Iób a lua, píosa filíochta nach bhfuil freagra ar bith ann, ach... am eile. Anois díreach, tá súil agam go bhfuil a dhochtúir bord ar bhord leis na prótacail is nua le haghaidh pain management.
ReplyDeleteGo raibh maith agat, a Áine, as na smaointe agus as na mothúcháin seo a roinnt linn.
ReplyDeleteCreidim féin go bhfuil faoiseamh le fáil agus duine ag roinnt smaointe ar an gcaoi seo. Cuidíonn sé liom féin go mór.
ReplyDeleteGo raibh maith agaibh as bhur gcuid tacaíochta. Teastaíonn sí sin freisin, uainn uile.
Breith ar an lá, sílim an tseift is fearr dúinn ar fad, is cuma cén cineál sláinte atá againn. Ní éiríonn liom i gcónaí maireachtáil de réir na fealsúnachta sin, ach is maith mar sprioc é. Tá an mac tíre bradach seo tar éis a bheith ag cnagadh ar an doras s'againne i mbliana chomh maith. Lasaimse coinnle sa séipéal - is deasghnáth é a thaitin riamh liom agus a thugann sólás dom. Lasfaidh mé ceann duit féin agus do chara.
ReplyDeleteGo raibh maith agat, a Thaidhg. Is iomaí ceann lasta agam féin na laethanta seo, a chara.
ReplyDelete