Tuesday, June 30, 2009

Fulaingt

Tháinig an tubaiste aniar aduaidh orm. Ní raibh mé ag súil leis. Nuair a smaoiním air, bhí na comharthaí ann, ceart go leor. Níor thug mé aird orthu. Mar gheall air sin, bhain sé preab asam nuair a tharla sé. Bhí a fhios ag an nGarraíodóir, chomh luath in Éirinn agus a d’fhill sé ón ngalf Dé Domhnaigh, go raibh rud éigin cearr. Bhí uafás an scéil le léamh ar m’aghaidh.

Bhí mé i mo shuí os comhair an ríomhaire agus, dar leis, bhí mo lámha ag croitheadh. “It’s just the initial shock, Áine. You’ll get over it. These things can be fixed.” a dúirt sé, tar éis mo scéal a chloisteáil. Chuir sé a dhá lámh timpeall orm, mo tharraingt chuige le barróg a thabhairt dom a mhaolódh mo phian, dar leis. Ní raibh aon mhaith ann. Agus bhí a fhios aige é sin go rímhaith.

Tá rudaí sa saol seo ar féidir a bpian a mhaolú, créachtaí agus cnámha briste 's a leithéidí, ach nuair a théann ríomhaire an scríbhneora ar stailc, nuair nach mbogfaidh sé cnaipe ná litir don scríbhneoir sin, níl aon bharróg ar domhan sách mór leis an bpian sin a mhaolú. Idir an dá linn, fanacht agus leigheas, tá fulaingt.
.

2 comments:

  1. Nuair a thosaigh mé á léamh seo ní raibh a fhios agam cá raibh do thriall, tar éis na teachtaireachta a tháinig roimpi. Is le faoiseamh a chríochnaigh mé í seo, agus tá áthas orm nár mhair an stailc. :-)

    ReplyDelete
  2. Caithfear leanúint ar aghaidh agus an greann a choinneáil ag imeacht. Gan an greann sin, ní mhairfeadh muid uafáis an tsaoil.

    Maidir leis an stailc sin, nach iontach an chaoi nach dtugtar aird ar rud go dtí nach mbíonn sé agat? D'airigh mé uaim mo ríomhaire -go mór! Ar a laghad, sin fulaingt amháin atá thart.

    Áthas orm gur bhain tú faoiseamh as an rud a thugann faoiseamh domsa - mo chuid scríbhneoireachta. :-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.