Tá ábhar iontach suimiúil faoi chaibidil inniu ag an bhfear i ngarraijohnnymhorgan, faoin teideal ‘Ceartchreidmheacht na heolaíochta’. Barúlacha suimiúla ag na rannpháirtithe uile sa gharraí inniu, agus is fiú súil a chaitheamh orthu le léargas na bhfear uasal sin a léamh, i mo thuairim. Chuir sé mise mé féin ag machnamh, mar is iondúil leis, muise. Cá bhfuil an fhírinne le fáil? San eolaíocht nó sa chreideamh?
An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, go bhfuil mo chreideamh féin agamsa faoin gcraic seo. ‘Sé mo bharúil nach bhfuil an fhírinne ar eolas ag aon duine, i ndáiríre, ach go bhfuil go leor daoine amuigh ansin a chreideann gur acusan amháin atá an fhírinne. Múnlaíonn siad a gcreideamh dá réir sin, as cibé leabhair a fheileann agus, in amanna, is roghnú ‘a la carte’ atá déanta acu, anseo agus ansiúd. Agus tá an ceart sin acu, is léir.
Ach, agus is ‘ach’ mór agam é seo, an bhfuil sé de cheart acu an creideamh sin a bhrú ar dhaoine eile, le bata, beart agus briathar a chuireann faitíos agus scéin i bhfeidhm ar an lucht leanúna atá faoina smacht? Sea, is minic gurb é an ‘smacht’ agus ní an ‘rogha’ a choinnigh, agus a choinníonn fós, cuid de na creidimh seanbhunaithe ag imeacht, feictear dom. Níl aon diamhaslú i gceist leis an tuairim sin, an bhfuil? Deacair a rá na laethanta seo.
Maidir leis an eolaíocht, an rud atá fíor inniu, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhréag amárach, cé nach d’aon turas a tharlódh a leithéid, ceapaim, agus tá súil agam. Tá na modhanna tástála de shíor ag feabhsú, gach dul chun cinn ag cur leis, nó ag baint den toradh a chuaigh roimhe. Níl a fhios ag aon duine againn céard iad na fíricí atá fós amach romhainn ó na heolaithe ach, ar a laghad, chomh fada agus is eol dom, caithfidh siad fianaise láidir bhuan a thabhairt leis na fíricí sin.
Meas tú céard a tharlódh dá nglanfaí amach chuile chuimhne de chreideamh as aigne na ndaoine atá beo sa lá atá inniu ann, agus dá gcuirfí na leabhair chreidimh agus eolaíochta sin uile i bhfolach áit éigin, gan ag daoine ach a meonta féin as an nua, mar a déarfá, saor ón stair?
An mbeadh gá le creideamh ar bith ansin, nó an dtosódh daoine ag múnlú arís, ag scríobh leabhair chreidimh úra, nó ar thóir na fírinne tríd an eolaíocht? Agus, dá mbeadh siad, agus iad ag cumadh na leabhar nua seo, ag rá go raibh siad ag cloisteáil glór duine éigin ag labhairt leo ón spéir, abair, agus go raibh an duine sin ag moladh cuid de na rudaí atá molta sna leabhair chreidimh reatha, cén láimhseáil a gheobhaidh siad ó na húdaráis stát ansin? ‘Gabh mo leithscéal, cloiseann tú glór ag teacht as cén áit?’ an chéad cheist a chuirfí, b’fhéidir. Bheadh eolaithe ansin ag fanacht le tástálacha a dhéanamh orthu, b’fhéidir. Meas tú cén freagra a gheobhaidís?
Ach, níl ansin ach ‘cuir i gcás’ uaimse, an bhean mheánaosta atá de shíor ag machnamh agus ar thóir na fírinne nach bhfuil faighte agam i leabhar ar bith fós. Idir an dá linn, tá na fir fós ag scríobh, agus tá mise fós ag léamh.
.
Beannachtaí na Nollag 2024
1 week ago
A MiseÁine, an - ainilís déanta agat ar na smaointe sna Gharraí.Bhí mise ag léamh iad freisean agus cheapas go raibh siad beagán ro-dhoighin dom féin.Thug an cuir is cuiteamh seo comhairle a thug ban rialta fadó dá dáltaí sa mheánscoil i gcuimhne dom "they think too much and become head cases".Is Caitliceach míse le fada an lá ach ní theann mé ro-dhoimhin sna cúrsaí sin.Tá se de cheart de cách a reiligiún féin a chleachtadh agus im thuairimse ta slí sa saol don chreideamh agus don éolaíocht.Tá siad comhlántach.
ReplyDeleteIs fíor dhuit nach féidir creideamh a bhrú ar dhuine eile.
ReplyDeleteTá sin mí cheart, agus ní oibríonn sé.
An áit a éiríonn sé casta ná nuair atá impleachtaí morálta, a bhaineann leis an sochaí trí chéile, ag eascairt as creideamh.
Má chreidim, mar shampla, gur dúnhmharú ginmhilleadh - gur duine atá á chuir chun bás, bheadh orm go hionraic obair chun é sin a sheachaint, tríd an dlí. Ach go daonlathach, agus go réasúnta.
Níl freagra do cheiste faoin glanadh cuimhne agam, ach is dóigh liom go bhfuil an dá féith - fiosracht nadúrtha agus ósnadúrtha - go smior sa nadúr daonna. Agus nach gá go mbeadh siad ag teacht salach ar a chéile.
Is breá liom sin, 'they think too much...' Bhí ciall ag an bhean rialta sin.
ReplyDeleteDéarfainn a Aine, go mbeadh creideamh nua déanta ag na daoine taobh istigh de sheachtain nó dhó, dá bhfaighfí réiteach de leabhair na cruinne.
Féach ar an Bhreatain, atá anois ina tír shaolta amach is amach nach mór, agus an fás atá i ndiaidh teacht ar 'reiligiún an iomráiteachais' ann le blianta beaga anuas.
B'fhéidir go bhfuil muidne réasúnta go maith, a fheara, ach céard faoi na 'head cases' sin! :-)
ReplyDeleteSeans go mbeadh creideamh nua ann gan mhoill, ceart go leor, dá nglanfaí an chuimhne, ó tharla go bhfuil daoine fiosrach. Is cosúil go mbíonn gá ag daoine le creideamh, mar a bheadh siad ag iarraidh a bheith ‘muinteartha’, nó ‘páirteach’, shílfeá.
Níl deacracht agam leis sin, ach nílim iomlán cinnte go bhfuil réasún ag feidhmiú i go leor de na rialacha atá leagtha síos ag na reiligiúin éagsúla, agus cuireann sé iontas orm go mbíonn daoine sásta glacadh leo, gan aon amhras. Iad siúd ag a bhfuil rogha, sé sin le rá, mar is iomaí duine nach bhfuil an tsaoirse sin acu.