Wednesday, December 2, 2009

Gerry Willie Ó Fátharta

Má bhíonn deis agaibh, is fiú éisteacht anseo leis an méid a dúirt Gearóid Ó Fátharta le hEibhlín Ní Chonghaile ar chlár Iris Aniar an tseachtain seo caite. Is iar-shagart é Gerry Willie, mar is fearr aithne air, agus tá sé ‘ag plé an méid a bhí le rá ag Easpag Chill Dá Lua, Willie Walsh, faoi go bpléifí os ard an t-imeallú agus an choinneáil amach atá an Eaglais a dhéanamh ar aicmí áirithe daoine’.

Níor chuala mé iomrá ar an bhfear seo roimhe, cé gur as Conamara é, ach bhí mé iontach tógtha leis an méid a bhí le rá aige, agus é á rá le tuiscint, agus le léargas iontach ar an méid atá ag tarlú san eaglais i láthair na huaire, agus le fada, go deimhin.

Ní raibh mé ag súil le Gerry a chloisteáil arís ar maidin, ach is mar sin a tharla. Bhí mé amuigh ag siúl, ó tharla an lá go breá, agus an aimsir agus mé féin ar fónamh rud beag, agus bhog mé cnaipe mo raidió go Raidió na Gaeltachta. Táim buíoch do chíbe Cé a thug deis dom an t-agallamh seo a chloisteáil, mar fanfaidh scéal Gerry liom go brách, ceapaim.

Chaith Gerry Willie cúpla bliain sa tSile ó 1978-80, áit ar thug sé faoi deara go raibh na daoine faiteach, cé nár thuig sé an fáth go hiomlán go dtí gur oirníodh é in Éirinn i 1982, agus gur fhill sé ansin ar pharóiste eile sa tSile, áit i bhfad ní ba bhoichte. ‘Tosach saoil’, dar leis, a bhí i ndán dó ansin, áit a bhfaca sé brúidiúlacht rialtas míleata Phinochet á cur i bhfeidhm ar na daoine bochta ann - ‘bochtannas spiorad’ mar a thug Gerry air, gan cead labhartha ag na daoine ann; a saoirse caillte acu.

Go bhfóire Cé orainn, ach d’inis Gerry scéalta millteanacha ar an gclár faoin mbrúidiúlacht sin, agus faoi thoradh an chiaptha a chonaic sé ann. Chlis a ghlór air go minic, an tocht á thachtadh agus é ag meabhrú dúinn na rudaí a tharla sa tSile. An rud a chur de dhroim seoil é, an rud a d’fhág go raibh air an tSile a fhágáil, ná gur thosaigh an ghéarleanúint ar a chairde féin, daoine áitiúla lena mbíodh sé ag imirt sacair i gclub ann; géarleanúint a thosaigh mar gheall go raibh siad cairdiúil leis-sean.

Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go dtí an Bhrasaíl, i 1985. Labhraíonn sé ar an am a chaith sé ansin, an bhrúidiúlacht ansin níos measa ná an tSile, dar leis. Labhair sé ar a chreideamh buan sa ‘preferential option for the poor’, creideamh a thug isteach é, mar shéiplíneach, ag obair i bpríosún ansin, le dul i gcabhair ar na daoine bochta istigh ann; daoine, dar leis, nach raibh coir ar bith déanta ag cuid acu, ach iad istigh in ‘ifreann’ le ‘ceithre bhalla’ timpeall air, a dúirt sé.

I 1994, cuireadh ordú dlíthiúil air an tír a fhágáil, nuair a labhair sé amach faoin drochíde mhillteanach a bhí fear homaighnéasach ag fáil sa phríosún sin, fear a cailleadh dhá lá ina dhiaidh sin. Níor fhág Gerry. I 1995, bronnadh saoirse na cathrach i gcathair Salvadóir na Brasaíle air, saoirse a bronnadh ar Nelson Mandela agus ar Desmond Tutu roimhe.

Láimhseáil Eibhlín Ní Chonghaile scéalta Gerry le híogaireacht, le bá agus le tuiscint, rud a theastaigh, ó am go chéile, mar a chloisfidh sibh má éiríonn libh éisteacht leis an agallamh, rud a mholfainn daoibh a dhéanamh, am éigin.

Tá scéal Gerry iontach suimiúil. Bhí sé ag obair, mar shagart, leis na boicht ar feadh 20 bliain i Meiriceá Theas. Sa chlár seo, labhraíonn sé faoina shaol mar shagart, saol a thosaigh sna seachtóidí agus é ocht mbliana déag d’aois, go dtí gur thit sé i ngrá i 1997.

Beidh sé ar ais ar Iris Aniar, amach anseo, leis an gcuid eile dá scéal a insint. Is fada liom go gcloisfidh mé é.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.