Showing posts with label teicneolaíocht. Show all posts
Showing posts with label teicneolaíocht. Show all posts

Saturday, December 4, 2010

Seanré Na Nuaré

Tharla sé gur cheannaigh mé ceann de na Smartphones úd le déanaí, agus taitníonn sé go mór liom. Ní d’aon aidhm a cheannaigh mé ceann, an dtuigeann sibh, ach bhí fón nua uaim, ó tharla mo sheancheann ag titim as a chéile.

Pé scéal é, isteach liom sa siopa áitiúil, mo sheanfhón neamhchliste briste brúite scríobtha liom, seanfhón a thaitin go mór liom, chomh maith, caithfidh mé a rá. Lig sé dom glaonna a fháil agus a dhéanamh, téacsanna a fháil agus a scríobh, meabhrúcháin a fháil, agus bhí aláram agus clog air. Céard eile a bheadh uaim!

Bhí freastalaí óg, bean ar comhaois le m’iníon féin, taobh thiar den chuntar, í gealgháireach, cairdiúil.

‘Any particular phone in mind?’, a d’fhiafraigh sí.

‘What’s available on an upgrade?’ a d’fhiafraigh mé féin.

Isteach léi ar an ríomhaire. ‘You could get a Smartphone!’ arsa sí, agus í chomh sásta ag roinnt na nuachta sin liom, shílfeá gurb é an lotto féin a bhí buaite agam.

Brilliant!’ arsa mé féin.

Cé nach raibh a fhios agam a dhath faoi Smartphones, bhí a cuid díograise gabhálach, agus teastaíonn frídín díograise uainn uilig na laethanta seo, ach go háirithe.

Thosaigh sí ag taispeáint modh oibre an Smartphone dom. Labhair sí ar ‘Apps’, GPS, Email, Wi-Fí, Bluetooth, Touchscreen, agus QWERTY. Ní raibh focal uaim. Níor thuig mé a leath den stuif faoin bhfón. Ach, tar éis an méid a bhí cloiste agam, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh ceann acu!

Nuair a stop sí, chuir mé míle ceist ar an mbean bhocht. Ní dóigh liom gur chreid sí go bhféadfadh le duine bheith chomh neamheolach ar ní chomh nua-aimseartha, gur casadh mise uirthi.

Ar mo bhealach amach an doras leis an Smartphone, thiontaigh mé agus chuir mé ceist amaideach eile éigin uirthi. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar leagan a súl. Trua a bhí aici dom. Thuig mé a cás.

Blianta ó shin, sna seachtóidí, is dóigh liom, fuaireamar fón nua sa teach sa bhaile i gConamara. Bealadangan 7 an uimhir a bhí againn, más buan mo chuimhne. Daoibhse nach bhfuil ar an eolas, malartán láimhe an córas teileachumarsáide a bhíodh ann na blianta sin, gan dírdhialiú féin ann.

Dá mbíodh uait glao gutháin a dhéanamh an t-am sin, thógtá sás láimhe an fóin i lámh amháin agus, leis an lámh eile, chastá an cromán a bhíodh ar thaobh an fóin, go bhfaighteá oibreoir ó Oifig an Phoist, agus dhéanadh an duine sin an uimhir a bhí uait a fháil duit.

Córas fada místuama a bhíodh ann, ach cheapamar go raibh sé iontach, mar áis chumarsáide, an t-am sin. Bhíodh go leor de mhuintir na tíre thar lear, fáil acusan ar fhóin thall, agus b’iontach an rud é an fón baile, fiú go raibh sé iontach daor ceann a cheannach, agus níos daoire arís glaoch a chur ar aon duine; gan trácht ar chostas millteanach an ghlao thar lear!

Pé scéal é, bhí mise i mo dhéagóir ag an am, agus ba ghearr go raibh modh oibre an fhóin ar eolas agam. Ó tharla an gléas nua-aimseartha iontach seo againn, tháinig mo sheanmháthair chun tí lá amháin, í ag súil le glaoch as Sasana, óna hiníon, a bhí ag obair thall. Tháinig an glaoch. D’fhreagair mé an fón.

It’s for you!’ arsa mé féin le mo sheanmháthair, go gealgháireach.

‘How do I hold it?’ a d’fhiafraigh sí.

D’airigh mé trua nach beag don tseanbhean os mo chomhair. Bhí saol na teicneolaíochta ag teacht sa mullach uirthi, i ngan fhios di.

Tuigim anois a cás.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.