Is é inniu an 21 Meitheamh, an Lá is Faide den Bhliain, nó Grianstad an tSamhraidh mar a thugtar air go minic. Is é inniu Lá na nAithreacha, sa tír seo ar aon nós.
“Happy Father’s Day” a dúirt an Garraíodóir liom ar maidin, fios maith aige go raibh dearmad iomlán glan déanta agamsa den ócáid mhór seo. Ach, ní ormsa atá an locht, an dtuigeann sibh, ach ar mo pháistí. Is orthusan atá an locht mar nach bhfuil siad ina gcónaí linn níos mó. Níl siad anseo, mar a bhíodh chuile bhliain eile go dtí seo ó rugadh iad, le mise a thabhairt ar m’aire faoin lá mór seo.
Agus, níl m’athair féin beo, faraor. D’fhág sé an saol seo, gan súil agam lena imeacht, cuireadh faighte aige ó áit éigin eile i bhfad ón saol seo, agus i bhfad ó mo thuiscint. Bhí mé fós ró-óg, ag 28 bliana d’aois, le hathair a chailleadh chomh tobann sin, agus gan choinne. Is dócha nach mbíonn aois ar bith feiliúnach do chaillteanas chomh mór sin, ach nuair a fheicim mo pháistí féin, An Bhean Neamhspleách beagnach ar chomhaois liom féin nuair a chaill mé m’athair, tuigim go rómhaith arís an tábhacht a bhaineann le hathair i saol clainne, is cuma cén aois iad na páistí, is cuma cén aois an t-athair.
“I wish I had childhood memories of my father.” a dúirt bean liom an tseachtain seo. Anois, tá athair na mná seo fós beo agus tá sí iontach mór leis, agus chuir an ráiteas sin uaithi iontas orm. “What do you mean?” a d’iarr mé féin. Chuir a freagra brón orm. “He’s such a lovely man, but he was never there when we were younger, always working or playing golf or some such. When he was around, he was lovely, but I’d love to have memories of him bringing us to the beach, or for walks, or having long chats with us, like he does now.” a dúirt sí.
Tá cuimhní cinn iontacha agam ó m’athair, agus faoi m’athair. Chaith sé go leor ama inár gcuideachta agus muid óg, ag comhrá linn, ag spraoi linn, ár dteagasc, ár dtreorú. Chuir sé smacht orainn, mar ba ghá go minic, ach thug sé barróga go fial dúinn; an bharróg dheireanach uaidh fós úr i mo chuimhne, mar nach bhfaighidh mé aon cheann eile uaidh go brách, ar an saol seo ar aon nós. Nílim iomlán cinnte faoin todhchaí, an dtuigeann sibh.
Cibé scéal é, tabharfaidh mé an Garraíodóir liom amach le haghaidh greim le hithe ar ball; bronntanas beag uaim, an smaoineamh mall ag teacht chugamsa, an cuireadh mall ag teacht chuigesean, ach mo bhuíochas dá thacaíocht thar na blianta iomlán dáiríre buan mar sin féin. Ní bhíonn gá le cártaí eadrainn, go minic. Is maith atá a fhios aige gur ar scáth a chéile a mhair muid an tuismitheoireacht a rinneamar, agus atá fós á dhéanamh, bíodh is go bhfuil ár bpáistí tógtha anois, agus is maith atá a fhios aige go mbeidh siad anseo ar ball, iad á mhilleadh le bronntanais agus barróga, freisin.
Ach, seo mo chomhairle agus mo bheannacht chuig na haithreacha uile atá á léamh seo inniu – am a chaitheamh, ní inniu amháin ach go rialta, i gcomhluadar bhur bpáistí. Agus, roinnigí barróga go minic leo. Bíodh na barróga sin láidir, agus lán le grá, meas, agus sonas. Tá na barróga sin iontach tábhachtach ar fad, mar nach bhfuil a fhios ag aon duine againn cén bharróg í an bharróg dheireanach.
Bainigí sult as an lá, a fheara.
.
Reic Leabhar ag Raidió Fáilte
5 hours ago
Ghním iontach sult den bhlag seo, mar i gconaí. GRMA.
ReplyDeleteSeán
http://scealta.net/
Go raibh maith agat féin, a chara. Is deas a leithéid a chloisteáil mar go mbainim féin sult as é a scriobh - nuair a bhíonn deis agam!
ReplyDelete