Friday, June 19, 2009

An Lá is Sona

An raibh a fhios agaibh, a léitheoirí, gurb é inniu an Lá is Sona den bhliain? Sea. Inniu. An 19ú Meitheamh. Ach ní mise atá á mhaíomh seo, ach an Dr. Cliff Arnall, síceolaí, agus léachtóir in Ollscoil Caerdydd, in alt leis atá sna páipéir éagsúla inniu.

Dar leis an Dr. Arnall, bá chóir dúinn neamhaird a thabhairt ar an ngéarchor creidmheasa mar go bhfuil an sonas le fáil sna rudaí sin atá saor in aisce. Agus an fhoirmle atá aige dúinn, le go mbeimid in ann a theacht ar an sonas seo? Iontach simplí ar fad:

O + (N x S) + Cpm/T + He

Anois, céard a déarfá le Gaillimh! Ar fhaitíos nach bhfuil sé inscríofa ar bhur n-inchinní cheana, nó nach bhfuil sé ar eolas go nádúrtha agaibh, mar a bheadh ag léitheoirí rialta an bhlag seo, táim cinnte, seo chugaibh luachanna na litreacha éagsúla sin:

O = being outdoors and outdoor activity
N = nature
S = social interaction
Cpm = memories of childhood summers and other positive thoughts
T = temperature
He = excitement about holidays

Agus tá ciall sa mhéid atá le rá aige, dá mbeadh daoine ciallmhara ag éisteacht leis. Dar leis, is féidir leat siúl amuigh faoin tuath, mar shampla, saor in aisce, i gcomhluadar do ghrá geal nó i gcomhluadar daoine atá mór leat, agus ní ag caint ar airde atáim, a léitheoirí. Is cuma cén airde iad, ceapaim, a fhad is gur maith leatsa iad, agus gur maith leosan tusa, is dócha. Chuideodh sé dá mbeadh sibh mór lena chéile, creidim.

Ach, táim ag imeacht den chosán rud beag. Ar ais linn ag an bhfoirmle sin. Sea. Is amhlaidh is fearr é, agus tú amuigh ag siúl, an aimsir a bheith go maith. Ní haon rud sona é má bhíonn sé ag stealladh báistí, toirneach agus tintreach ag teacht sa mhullach ort féin agus ar do ghrá geal, nó ar cibé duine atá in éineacht leat. Ní bheidís pioc sásta, cheapainn féin, agus ní chuirfeadh sé leis an atmaisféar, ná leis an bhfoirmle, ar chor ar bith. Ní chuirfeadh. Go deimhin, chreidfinn féin go mbeadh sé ina raic eadraibh. Diabhal maitheas a bheadh san ‘social interaction’ ansin, agus an nádúr bhur mbualadh lena slat fhíochmhar. Bheadh deireadh leis an ‘outdoor activity’ idir tú féin agus do ghrá geal, ar aon nós. Bí cinnte de sin.

Ach, d’fhéadfadh sibh labhairt faoi bhur gcuimhní cinn, agus sibh ag siúl libh, aghaidh á thabhairt agaibh ar an deireadh seachtaine mar go bhfuil bhur bpá in bhur bpócaí, nó in bhur málaí más mná sibh, nó fir ar fearr leo málaí, agus sibh ag roinnt pleananna bhur laethanta saoire lena chéile.

Céard? Níl aon jab agat! Ní bhfuair tú pá ar bith ó thosaigh an géarchor creidmheasa! Agus ní féidir leat jab a fháil in aon áit! Agus ní hiad do laethanta saoire an chloch is mó ar do phaidrín, ach d’fhiacha! Oh, gabh mo leithscéal. Níor thuig mé é sin. Ní síceolaí mé, an dtuigeann tú.
.

3 comments:

  1. Is nuair a bhíonn an bháisteach ag clagarnaigh is ag lascadh i gcoinne na bpánaí is féidir fós éalú ón dtigh saor in aisce is gan aon ghá le scáth fearthainne le cabhair nuamheán seo an idirlín.

    Imíonn na néalta is tagann an ghrian amach arís nuair a léim blag Mise Áine.

    Go bhfana Sonas id' chroí go deo.

    ReplyDelete
  2. Go mba hé duit, a chara.

    Agus, go raibh maith agat, as an sonas a chuir tú isteach i mo chroí inniu.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.