Friday, March 5, 2010

Céard? Cad?

Bhí mé féin agus cara liom ag comhrá, níl sé i bhfad ó shin. Is cainteoir dúchais í, agus chaith sí blianta, geábh, ag múineadh Gaeilge i gceantar Galltachta.

Bhí mé ag insint di go raibh mé ag cuidiú le hiníon léinn ullmhú a dhéanamh le haghaidh bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta. D’fhiafraigh sí díom cén chanúint a bhí in úsáid agam, ó tharla gur Connachtach mé i dTír na gConallach, an dtuigeann sibh.

Mhínigh mé di go raibh mé ag cur na gceisteanna éagsúla i gcruth na gcanúintí éagsúla uile, mar nach raibh mé cinnte cén chanúint a bheadh in úsáid ar lá an scrúdaithe.

Chaitheamar seal ag plé na ceiste agus, ar deireadh, mheasamar go mbeadh sé i bhfad níos éasca ar na daltaí dá mbeadh na scrúdaitheoirí ag cloí le canúint amháin, b’fhéidir.

‘Ach, cén chanúint?’ a d’fhiafraigh mé féin.

‘Is cuma cén chanúint, ach an cruth céanna a bheith ar na ceisteanna uilig, mar atá ar cheisteanna an Bhéarla!’ a d’fhreagair sí.

Agus, ar ndóigh, tá ciall leis sin, nach bhfuil? Níl ach bealach amháin, caighdeánach, le ceisteanna fearacht What?, How?, Who?, When? a chur i mBéarla – What is your name? (Cén t-ainm atá ort?/Cad is ainm duit?), How are you? (Conas atá tú?/Cén chaoi a bhfuil tú?), mar shampla.

An bhfuil gá le caighdeán a chur i bhfeidhm sna béaltrialacha Gaeilge, ó tharla caighdeán i bhfeidhm cheana féin sna scrúduithe scríofa?

Tháinig mé ar an mblag seo, de thimpiste, anocht. I LOL’D. Ceapaim.
.

8 comments:

  1. Ah well. Bhíodh “crét / créad" ann freisin, fadó.

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir go bhfuil duine san Roinn Éadóchas a bheith in ann an cheist sin a fhreagairt :)

    ReplyDelete
  3. Bhíodh '"Whence comest thou?" ann sa Bhéarla fadó, freisin, a Dennis, ach chuaigh an teanga sin ar aghaidh/chun cinn,agus tá caighdeán aige anois atá rud beag níos éasca ar fhoghlaimeoirí an teanga, ceapaim, fiú mura bhfuil sé chomh bláthach!

    B'fhéidir é, a James...:-)

    ReplyDelete
  4. Níl sé ródheacair dúinne thar sáile gach canúint a thuiscint. Cén fáth go mbíonn sin chomh deacair thall ansin? Agus leis, cén fáth gur cumadh caighdeán oifigiúil nuair nach gcloítear leis riamh? Wherefore thus?

    ReplyDelete
  5. Séamas, a chara. Ba i Roinn an Aistriúcháin a cumadh an Caighdeán Oifigiúil. Tuige sin? a deir tú. Bhí agus tá de dhualgas ar an Roinn aistriúcháin go Gaeilge a chur ar fáil ar reachtaíocht an Rialtais agus bhí ag dul rite orthu sin a dhéanamh ar mhodh comhordaithe de bharr canúnachas foireann na n-aistriúchán. Ba é ba thoradh ar an iarracht chun caighdeánú a dhéanamh ar an gcuid oibre féin An Caighdeán Oifigiúil agus Litriú na Gaeilge. De réir mar a thuigim an scéal, ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh an Caighdeán mar theanga oifigiúil liteartha/múinte/foghlamtha/labhartha. Tharla, áfach, go bhfacthas go raibh buanna ar leith ag baint leis an gCaighdeán agus glacadh leis go forleathan, cé nach raibh sé ag aontú leis an teanga labhartha, do chanúint an tuaiscirt ach go háirithe. Bainim féin úsáid as an gCaighdeán im chuid úrscéalaíochta, ach ní sa Chaighdeán a labhraím, agus le blianta beaga anuas táim ag scaradh ar uaire leis an gCaighdeán agus mé ag scríobh. Tá sé níos éasca sin a fheiceáil ar mo bhlag, ach tá mo scaradh leis an gCaighdeán le feiceáil sa leabhar is déanaí liom sa tsraith Seán Ruiséal agus….. N’fheadar cén fháilte a bheidh ag m’fhoilsitheoir agus ag m’eagarthóir roimh na hathruithe sin. Feicfimid. Ach faoi láthair níl ach leath den úrscéal scríofa agam, ach an chuid is mó de samhlaithe agam. Paidreacha agus inspioráid atá uaim anois.

    ReplyDelete
  6. Cloítear leis an gcaighdeán scríofa sna scoileanna, a Shéamais, bíodh Béarla Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, nó teanga ar bith eile in úsáid sa rang.

    Is ar chruachás fhoghlaimeoir óg na meánscoile a bhí m'alt dírithe, agus ní ar an bhfoghlaimeoir fásta. Tá am seo na scrúduithe sách crua ar na daltaí óga, gan a gcloigne bochta a bheith cráite ag meascán mearaí de chanúintí, canúintí ina gcuirtear ceisteanna atá éagsúil ina gcruth, ag brath ar chanúint an scrúdaitheora ar an lá – rud nach dtarlaíonn, ceapaim, in aon teanga eile, mar nach bhfuil ach bealach amháin caighdeánach le ceist a chur sna teangacha sin - ní hionann le Gaeilge.

    @ SheáinO ‘, ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh an Caighdeán mar theanga oifigiúil’

    Cibé an raibh nó nach raibh, agus nílim féin cinnte an raibh nó nach raibh, tá gá le caighdeán – ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir! Tá trua agam do na daltaí, agus níos mó trua arís agam don teanga.

    Tá mo ghathanna dearfacha ag seoladh i do threo – le hinspioráid faoina n-ascaill acu duit…:-)

    ReplyDelete
  7. Dia idir sinn agus a caighdéanú, a Áine. Tá sé olc go leor a bheith ag iarraidh an caighdéan a chur i gcrích ar an teanga scríofa gan a bheith ag iarraidh é a chur i bhfeidhm ar an teanga labhartha - comhartha cinnte, b'fhéidir, de bhás na teanga!

    Is duine de na scrúdaitheoirí béil mise, a Áine, agus is í an chomhairle a chuirtear ar scrúdaitheoirí ná cloí le canúínt an iarrathóra. Mar a tharlaíonn, nuair a cheaptar scrúdaitheoir, is gnách go mbíónn sé / sí curtha chuig scoil atá measartha áitiúil (taobh istigh de 50 míle dá áit chónaithe de ghnáth) Fágann sin go mbíonn scrúdaitheoirí as Dún na nGall i mbun na scrúdaithe béil i nDún na nGall, Muimhnigh i mbun scrúdaithe an Deiscirt etc etc.

    Bíonn eisceachtaí ann ar ndóígh - Connachtach ina chónaí i mBaile Átha Cliath, mar shampla, ach déanfaidh an scrúdaitheoir a sheacht ndícheall teacht ar fhoirm theanga lena bhfuil an iarrathóir compordach. Abair le do chara, gan a bheith buartha faoi na foimeacha canúna uilig a fhoghlaim chun freastal ar an scrúdaitheoir, déanfaidh seisean/sise freastal uirthisean! :-)

    ReplyDelete
  8. A Phroinsias, b’fhéidir nach bhfuilim sách soiléir agus mé ag plé na ceiste ‘An bhfuil gá le caighdeán a chur i bhfeidhm sna béaltrialacha Gaeilge’, agus ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon mhíthuiscint ann, bíodh a fhios agat nach mbeinn riamh ag rá go mba chóir go ndéanfaí caighdeánú ar Ghaeilge labhartha an chainteora dhúchais – gach Dia idir sinn agus an anachain!

    Is ar an bhfoghlaimeoir bocht, an dalta atá cráite ag iarraidh ciall a bhaint as éagsúlachtaí agus eisceachtaí na teanga, atá m’alt dírithe, mar is leosan atá mo bhá, ní leis an duine atá breá ábalta chuile chanúint a thuiscint, b’fhéidir, mar nach foghlaimeoir iad.

    Bíonn an foghlaimeoir óg, an dalta meánscoile, an dalta nach cainteoir dúchais iad ach go háirithe, faoi bhrú go leor ag an Ardteistiméireacht, gan baic sa bhreis, agus sé an fáth ar chuir mé an cheist ‘an bhfuil gá…’ ná ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir.

    Nílim ar chor ar bith buartha faoi m’iníon léinn agus na foirmeacha canúna atá á gcloisteáil aici uaimse, mar go gcuideoidh an méid sin léi, tá súil agam, agus í ag tabhairt faoin gcluas-scrúdú…;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.