Mura ndéanfaidh tú a dhath eile an deireadh seachtaine seo, a léitheoir, b’fhiú duit éisteacht leis an agallamh a rinne Gerry Ryan ar maidin le Damien Fay, uncail an chailín thragóidigh sin, Tracey Fay.
Chuir Gerry na ceisteanna deacra ar Damien, ceisteanna nach raibh éasca a chur, cheapfainn féin, ach a raibh gá leo, ar bhealach, le go bhfaighimis an scéal, mar a thuigeann Damien é, ó thaobh mhuintire Thracey de.
D’airigh mé go raibh féith na fírinne i bhfocail Damien, gur fear é atá go hiomlán trína chéile agus croí briste mar gheall ar an méid a tharla, agus gur inis sé scéal an teaghlaigh ar dhóigh nach raibh sé cloiste, agamsa ar aon nós, go dtí seo.
Molaim Gerry Ryan as an dóigh ar láimhseáil sé an t-agallamh, agus mholfainn daoibhse, a léitheoirí, éisteacht leis an agallamh anseo am éigin, más mian libh léargas a bheith agaibh ó dhuine de na daoine a bhí muinteartha le Tracey bhocht.
Tá léargas eile le fáil anseo, agus anseo, ach ní fhaca mé aon léargas ar an scéal anseo fós.
.
Beannachtaí na Nollag 2024
2 days ago
D'éist mé leis an agallamh. Molaim misneach an fhir ar cuireadh an t-agallamh air.
ReplyDeleteScéal casta atá thar a bheith brónach.
An ceart agat, a chara. Scéal an-bhrónach, a Ormondo.
ReplyDelete