Friday, March 5, 2010

Tracey Fay

Mura ndéanfaidh tú a dhath eile an deireadh seachtaine seo, a léitheoir, b’fhiú duit éisteacht leis an agallamh a rinne Gerry Ryan ar maidin le Damien Fay, uncail an chailín thragóidigh sin, Tracey Fay.

Chuir Gerry na ceisteanna deacra ar Damien, ceisteanna nach raibh éasca a chur, cheapfainn féin, ach a raibh gá leo, ar bhealach, le go bhfaighimis an scéal, mar a thuigeann Damien é, ó thaobh mhuintire Thracey de.

D’airigh mé go raibh féith na fírinne i bhfocail Damien, gur fear é atá go hiomlán trína chéile agus croí briste mar gheall ar an méid a tharla, agus gur inis sé scéal an teaghlaigh ar dhóigh nach raibh sé cloiste, agamsa ar aon nós, go dtí seo.

Molaim Gerry Ryan as an dóigh ar láimhseáil sé an t-agallamh, agus mholfainn daoibhse, a léitheoirí, éisteacht leis an agallamh anseo am éigin, más mian libh léargas a bheith agaibh ó dhuine de na daoine a bhí muinteartha le Tracey bhocht.

Tá léargas eile le fáil anseo, agus anseo, ach ní fhaca mé aon léargas ar an scéal anseo fós.
.

2 comments:

  1. D'éist mé leis an agallamh. Molaim misneach an fhir ar cuireadh an t-agallamh air.

    Scéal casta atá thar a bheith brónach.

    ReplyDelete
  2. An ceart agat, a chara. Scéal an-bhrónach, a Ormondo.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.