Tuesday, March 30, 2010

Once and For All

Tá go leor le cloisteáil againn sa nuacht ar maidin, scéal an ‘once and for all’ le roinnt ag Brian Lenihan linn ar ball beag, agus neart tráchtaireachta ann faoi na fadhbanna sin atá, nó nach bhfuil anois, b’fhéidir, sa tseirbhís phoiblí i láthair na huaire.

Maidir leis an tseirbhís phoiblí, beidh le feiceáil. Nuair a chloisim, mar a chuala mé ar maidin ar Morning Ireland, nuair a chloisim focail fearacht ‘could not be absolutely guaranteed’, ‘real possibility’, ‘put these proposals to ballot’, agus ‘restore trust and confidence’, ní chaillim dóchas, a léitheoirí, ach bím ag ‘hmmm…áil’, an dtuigeann sibh.

Ar ndóigh, níl a fhios agamsa cén toradh a bheas ar an méid atá ag titim amach sna bainc le bliain nó dhó. Is cuma céard a déarfaidh Brian Lenihan linn ar ball, ní dóigh liom gur féidir leis-sean, ná le haon tráchtaire eile, ach an oiread, an toradh sin a mheas.

Ach, níl ansin ach mo thuairim shuarachsa. Breathnaím ar na nithe seo mar a bheinn ag samhlú ról tuismitheora ag na feighlithe éagsúla atá ag obair i Scoil an tSaoil, feighlithe le ‘páistí’ an cháiníocóra faoina gcúram. Caithfear súil ghéar a choinneáil ar na páistí éagsúla, agus caithfear gach páiste a chothú le freagracht an t-am ar fad. Mura ndéantar sin, rachaidh na páistí go hiomlán ar strae.

Agus, má mhilltear an páiste, má thugtar airgead agus peorcaisí dó, go rialta, gan gá ar bith leis ach go bhfuil tú, mar fheighlí, ag iarraidh bheith mór leis an bpáiste, le go mbeadh seisean mór leatsa; gan gá leis ach nach bhfuil tú ag iarraidh go dtiocfadh racht feirge air agus go gcroithfeadh sé a ghligín i do threo, gan gá leis ach go bhfuil faitíos ort go rachadh sé go dtí an páirtí tuismitheoir eile le báúlacht a fháil ansin; gan gá leis ach go bhfuil faitíos ort nach mbeidh sé mór leat a thuilleadh mura dtabharfaidh tú airgead agus peorcaisí go leor dó; má dhéanann tú na nithe sin, beidh fadhbanna agat, gan dabht.

Agus sin agaibh é, a léitheoirí, once and for all. Anois, an bhfaca aon duine agaibh mo ghligín...
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.