Sunday, February 21, 2010

Hmmm...

Is suimiúil an t-uaillbhreas é Hmmm…, más féidir uaillbhreas a thabhairt ar Hmmm…., ar ndóigh. Ní hé go bhfuil a dhath a rá ag duine agus Hmmm…á rá acu, ach tá go leor á rá, mar sin féin.

Tá ráiteas á dhéanamh, ach níl sé cosúil le Wow!, ná Críost!, ná Ochón!, mar shampla, cé go bhféadfadh an míniú sin a bheith istigh sa Hmmm…, i ngan fhios, mar a déarfá.

Agus sin an fhadhb atá ann, ar ndóigh. Má chloiseann tú an Hmmm… sin, agus tú i gcomhluadar, abair, tá seans ann go mbeifeá in ann ciall a bhaint as; chuala tú an abairt a spreag an Hmmm…., chuala tú an té a d’fhreagair le Hmmm…., agus chonaic tú aghaidheanna na beirte. Bhí a fhios agat, ar an bpointe, an raibh an Hmmm… sin measúil , nó an raibh an Hmmm… díchreidmheach, gnéasach, tuisceanach, ceisteach, diúltach, dearfach, nó géilliúil, b’fhéidir!

Ach, abair go bhfuil tú ag léamh an Hmmm…sin, i mblag, mar shampla. Tagann abairt roimhe, ach níl fuaim le cloisteáil, agus níl aghaidh le feiceáil. Cén míniú atá taobh thiar den Hmmm…sin, meas tú?

Hmmm…
.

4 comments:

  1. Agus cad mar gheall ar:

    hMi - hMi!

    Bhíos ag tochas mo chinn ar dtúis - cheapas gur 'uaibhreas' (uabhar) a bhí scríte agat. An dsiléisce ag cur isteach orm.

    ReplyDelete
  2. “Intriacht” a chuirfinn ar “hmm” agus a leithéid (ah, uh, um, er). Is minic nach mbíonn siad uaillbhreasach ar chor ar bith, ach ceisteach, íorónta, etc. agus iad ag líonadh bearnaí i rith na cainte. Is fíor duit gur deacair feidhm a bhaint astu go héifeachtach sa teanga scríofa.

    ReplyDelete
  3. Déanann cainteoirí hmmmm uaireanta le nach mbrisfí isteach orthu, is dócha.

    Maidir leis an spás idir dhá fhocal ba chóir cloí leis an méid a leanas

    Sa chaint: is binn béal ina thost.
    Sa scríobh: is geal pár ina bhánán.

    ReplyDelete
  4. @ Míshásta
    Hmmm...

    @ Dennis
    Hmmm...

    @ Ormondo
    Hmmm...

    ...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.