Monday, February 22, 2010

An Í Seo Do Bheatha?

Tháinig ceann acu seo chun tí inniu, tríd an bpost. Ní m’ainm a bhí ar an litir, ach ainm an Gharraíodóra, agus bhí an chuma ar an seoladh, nach raibh iomlán ceart, gur tháinig sé ó liosta toghcháin, nó a leithéid, b’fhéidir. Chattanooga an stampa atá breactha ar bharr an chlúdaigh litreach, agus stampa ón USA atá greamaithe dó.

Anois, níl a fhios agam an é go gceapann an té a sheol an leabhrán go raibh an teachtaireacht de dhíth ar an nGarraíodóir bocht ach, cibé scéal é, níor thuig sé focal ón leabhrán, ó tharla an leabhrán scríofa i nGaeilge ‘BA É SEO DO BHEATHA!’, agus níl mórán Gaeilge aige. Ach chonaic sé na focail ‘ceann scríbe’ ann, an dtuigeann sibh, agus cheap sé gur teachtaireacht phearsanta a bhí ann dúinne.

Ar ndóigh, cá bhfios dúinn nach teachtaireacht phearsanta atá ann ón té a sheol ach, ar chúl an leabhráin, tá áit na ‘compliments of’ folamh, mar sin tá sé deacair a rá cé a chuir chugainn é, nó chuige, is cirte a rá. Ach, is anseo a fhoilsítear é, ceapaim, mar sin é an seoladh idirlín atá ar bhun an leathanaigh chúil.

Tá barúlacha faoin gCaitliceachas anseo, faoin Ioslamachas anseo, faoi Fhinné Iáivé anseo agus, daoibhse, a eolaithe, rud beag faoin éabhlóideachas anseo.

Is é mo thuiscint, ón méid a léigh mé ar an suíomh, bíodh mé ceart nó mícheart, gurb é seo an leabhar leis an bhfírinne ann, ceann eile le cur le liosta na leabhar ina bhfuil an fhírinne le fáil.

Tá súil agam nach aon diamhasla é an t-eolas seo a roinnt libh. Go sábhála Cé? sinn, más ea…
.

6 comments:

  1. Caithfidh go bhfuil mé immune ar fad. Ní dhearna an leabhrán seo ach ceist gramadaí a tharraingt anuas domsa. Tá an t-ainmfhocal “beatha” baininscneach. Ach níl mé compordach leis an teideal a chuir siad air, mar atá Ba Í Seo Do Bheatha,. Déarfainn, mar a scríobh tusa thuas, Ba É Seo....

    ReplyDelete
  2. D'athraigh mé mo theideal go dtí 'An í seo..', mar tá an ceart agat, ceapaim. D'fhág mé teideal an leabhráin mar atá sé acu féin.

    Maidir leis an 'immune'-achas sin, tuigim do chás...

    ReplyDelete
  3. Manamandiail (m'anam don diabhal) ach ní rabhas chomh scanraithe ó bhíodh mé ag freastail ar na misin i m'óige fadó.

    Pianfháisc shíoraí i ndán dom. Ó Ochón agus Ochón Ó.

    ReplyDelete
  4. @ Míshásta

    “Pianfháisc” in áit "pianpháis", an ea? Tá tú tar éis focal nua a chumadh atá níos scanrúla ná an seancheann : fáiscthe i bpian go deo na ndeor, ochón.

    ReplyDelete
  5. Is í an chinnteacht an rud is scanrúla ar fad!

    ReplyDelete
  6. An bhfuil a fhios agaibh, a fheara, ach tá mé ag an tráth sin i mo shaol anois agus na focail 'Oh, for flip's sake!' ag teacht go minic as mo bhéal, ach ansin scaoilim leis an díchreideamh agus dírím m'aire ar an rud cruthaitheach i.e. cé hé nó hí 'flip'?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.